Irish-Language

Scannán a ligeann isteach i saol chrua agus scáfar mhuintir Dharndáil muid

<b>COIRPIGH CHAIRTCHL&Aacute;IR: </b>L&eacute;ir&iacute;onn an scann&aacute;n &uacute;r le Mark O&rsquo;Connor mar a ch&oacute;na&iacute;onn daoine in Darnd&aacute;l, ceann de na ceantracha is boichte i mBaile Atha Cliath ina bhfuil idir an bhr&uacute;idi&uacute;lacht agus an leochaileacht. Sa phicti&uacute;r t&aacute; Jay (John Connors, ar chl&eacute;) agus Dano (Fionn Walton)&nbsp;
COIRPIGH CHAIRTCHLÁIR: Léiríonn an scannán úr le Mark O’Connor mar a chónaíonn daoine in Darndál, ceann de na ceantracha is boichte i mBaile Atha Cliath ina bhfuil idir an bhrúidi COIRPIGH CHAIRTCHLÁIR: Léiríonn an scannán úr le Mark O’Connor mar a chónaíonn daoine in Darndál, ceann de na ceantracha is boichte i mBaile Atha Cliath ina bhfuil idir an bhrúidiúlacht agus an leochaileacht. Sa phictiúr tá Jay (John Connors, ar chlé) agus Dano (Fionn Walton) 

LE FADA an lá, is pléisiúir chiontacha iad na scannáin sin a chuireann síos ar Éirinn mar a shamhlaítear do Hollywood é - The Quiet Man, Finnian’s Rainbow, Darby O’Gill and the Little People, etc.

(Bainim féin sult astu go fóill).

Fiú na scannáin ata déanta ag Éireannaigh, tá oiread siúcra iontu is a líonfadh monarchan milseán.

Feel-good, bittersweet, romantic na focail is coitianta maidir leis an scannáin úra ach tá genre úr i ndiaidh teacht chun cinn agus iad chomh brúidiúil le fíor-shaol an lae inniu i gcuid de na ceantracha is boichte i mBaile Átha Cliath agus in áiteanna eile sa tír.

Is ceantar é Darndale (Darndál) a bhfuil a sháith fadhbanna ann. Léiríonn sé an íomhá ata ag Darndál go ndearna TV3 sraith teilifíse ar an eastát dar teideal Darndale: The Edge of Town.

Ní amháin go bhfuil an t-eastát ar an imeall ach tá na daoine imeallaithe fosta agus cruthaíonn sé sin deargbhuile agus forneart i measc chuid acu.

Díríonn an scannán úr le Mark O’Connor, Cardboard Gangsters, ar thimpeallacht mhorálta Darndál go caolchúiseach ach go fíochmhar.

I sochaí nach bhfuil na cuspóirí is lú inbhainte amach ann, cad é atá fágtha i saol eiseach nuair nach bhfuil agat ach an bomaite seo ina bhfuil tú beo?

Ni chaitheann tú a bheith i do liobrálach bándearg le fios a bheith agat nach bhfuil cúrsaí ag oibriú amach mar is ceart. 

I ré Victoria, bhí eagla a gcraiceann ar an mheán- agus ar an uasaicme roimh an chosmhuintir, na daoine beaga a choinnigh a monarchana ag obair ar mhaithe leis an bheagán dóibh féin. Anois, níl na monarchana ann níos mó, tá an teicneolaíocht ag cur deireadh le poist sheanbhunaithe ach cad é tá le déanamh ag daoine ina n-éagmais?

Tá a fhios agam nach bhfuil an bochtaineacht ceangailte leis an aicme oibre - amharc na bancanna, mar shampla follasach amháin - agus níl mé ag iarraidh olann chadáis a chur thart ar bhithiúnaigh, bíodh siad ar Wall Street, san Iaráic, i mBaile Átha Cliath nó in Darndál ach is fadhb í a gcaithfidh muid aghaidh a thabhairt uirthi.  

Ag tús Cardboard Gangsters, feiceann muid ceathrar leaid óg agus iad ag spaisteoireacht gar don bhaile. Feiceann muid arís iad blianta ina dhiaidh agus iad sa cheantar ceanna. Níl mórán soghluaisteacht shóisialta ag daoine bochta.

Tá John Connors – ar mó a cháil mar urlabhraí de chuid an Lucht Siúl ná mar aisteoir, – thar barr mar Jay Connolly, DJ páirtaimseartha a ngearrtar a leasa sóisialaigh cionn is go bhfuil sé ag obair. 

Níl a chairde mórán níos fearr as.

Is beag teacht ata acu ar airgead seachas fríd drugaí a dhíol. Níl thugann scannán breithiúnas agus ní chiallaíonn sé go ndéan sé laochra as na príomcharachtair, tá siad uilig chomh huafásach lena cheile i súile daoine a íocann cáin, a olann fíon maith agus a dtaitníonn Ryan Tubridy leo.

Gluaiseann an scéal go malltriallach ach uasghrádaíonn na leaids ó mhangairí marijuana go mangairí heroin, ardú céime a chuireann Jay isteach ar cheannaire drong eile - grúpa a bhfuil blasanna tuaisceartacha acu. (Teachtaireacht?)

Ní cuidiú ar bith go go n-éiríonn caidreamh idir Jason agus bean cheile an mhangaire drugaí a bhfuil sé i gcoimhlint leis.

Tá Kierston Wareing - a bhíodh in Eastenders - iontach cumasach mar bhean álainn ata ag dul in aois ach an áilleacht agus an leochaileacht timpeallaithe ag an fhoréigean.

Ach, déanta na fírinne, tá an fhoireann aisteoireachta thar barr. 

Níor mhaith leat castáil le Dano agus tú ag fanacht le do curried chip i ndiaidh an mheánoíche agus tá Fionn Walton ar dóigh sa ról mar dhuine nárbh fhiú amharc air agus tú ag siúl thart leis i rith an lae, ach san oíche, bhuel, sin scéal eile.

Go minic, bhí an ceamara ar chúl na gcarachtair sa dóigh is gur shil tú go raibh tú mar chuid den aicsean, ag rith o theach go teach agus na póilíní nó na coirpigh eile sa tóir ort.

Gluaiseann an ceol an scéal ar aghaidh go néata é scríofa ag God Creative agus ag Damien Dempsey a bhfuil ról beag aige sa scannán.

Tá go leor den neamh-aicsean suite i bpáirc shúgartha agus  feiceann muid páistí ag súgradh ar rothair agus ag marcaíocht ar chapaill, an soineantacht agus an bhrúidiúlacht taobh le taobh.

Má bhain tú sult as Love/Hate taitneoidh Cardboard Gangsters go mór leat.

Agus más mian leat spléachadh beag a fhail ar an choimhlint idir clann Kinahan agus clann Hutch i mBaile Átha Cliath - 12 marbh, beirt sa Spáinn, duine amháin i gContae na Mí agus naonúr i mBaile Átha Cliath - seo an scannán duit.