Irish-Language

Ceoltóirí móra ag tacú le pobal Íochtar na Rosann in éadan feirmeacha oisrí

<b>TACA&Iacute;OCHT: </b>De bhunadh Rann na Feirste &eacute; D&oacute;nal Lunny (<em>ar chl&eacute;</em>) agus t&aacute; fr&eacute;amhacha Conallacha ag Paddy Glackin chomh maith, mar sin n&iacute; iontas ar bith &eacute; go bhfuil an bheirt ag tabhairt taca&iacute;ochta do Choiste Timpeallachta an Ghaoth san fheachtas in &eacute;adan fheirmeacha oisr&iacute;&nbsp;
TACAÍOCHT: De bhunadh Rann na Feirste é Dónal Lunny (ar chlé) agus tá fréamhacha Conallacha ag Paddy Glackin chomh maith, mar sin ní iontas ar bith é go bhfuil an bheirt ag tabhairt t TACAÍOCHT: De bhunadh Rann na Feirste é Dónal Lunny (ar chlé) agus tá fréamhacha Conallacha ag Paddy Glackin chomh maith, mar sin ní iontas ar bith é go bhfuil an bheirt ag tabhairt tacaíochta do Choiste Timpeallachta an Ghaoth san fheachtas in éadan fheirmeacha oisrí 

Tá pobal i nGaeltacht Íochtair na Rosann in achrann le Roinn na Mara faoi mhéadú 700% atá bearaithe d’fheirmeacha oisrí ina gceantar. 

Tá buaireamh ar mhuintir na háite faoi líon na bhfeirmeacha oisrí atá á mbeartú ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara. 

Mar thoradh ar dhá chruinniú poiblí faoi na forbairtí atá pleanáilte, cuireadh Coiste Timpeallachta an Ghaoith ar bun, grúpa ar a bhfuil ionadaithe ó Anagaire, An Bhráid, An Charraig Fhinn agus Rann na Feirste agus an aidhm acu cur i gcoinne chinneadh na Roinne. 

Is é toradh an chinnidh sin nó go mbeidh feirmeacha oisrí ag clúdach beagnach 100 acra den trá idir Rann na Feirste, an Bhráid agus An Charraig Fhinn. 

Beidh eolas ag go leor acu siúd a d’fhreastail ar an choláiste samhraidh i Rann na Feirste ar an trá sin. 

Is ann a imríodh chéad chluiche an chumainn CLG a bhunaigh an scribhneoir Seosamh Mac Grianna i samhradh na bliana 1920. 

Is é seo an bá céanna inár chum Séamus ó Domhnaill amhrán mhór Chúige Uladh, An Chéad Mháirt d’Fhómhar.

Cháin an Coiste an Roinn, ag rá nach ndearna siad comhairliúchan cuí le muintir na háite sular aontaíodh na ceithre chéadúnas. 

Chuir an Roinn fógra beag i bpáipéar nuachta nach bhfuil dáileadh leitheadach air sa cheantar agus dhá fhógra i mbeairic na nGardaí, ceann acu sin i mBaile na nGallógach atá chor a bheith daichead míle ar siúil. 

Ní hiontas ar bith é nach raibh mórán ag cur i gcoinne an chinnidh i dtosach nó deir an pobal nach raibh fáil acu ar aon eolas faoin rud a rabhthar á bheartú.

Is Limistéar faoi Chaomhnú Speisialta an t-inbhear idir Rann na Feirste agus An Charraig Fhinn, inbhear a bhfuil radharcanna galánta ar gach taobh de, rud a fhágann é ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin. Is é Aerfort Dhún na nGall an bealach isteach ag go leor chun na háite agus bhí sé ar an cheann de na deich rúidbhealtaí is áille ar an domhan anuraidh.  

Tá Comhairle Contae Dhún na nGall ag forbairt straitéis turasóireachta agus tá Slí an Atlantaigh Fhiáin ina chnámh droma ag an straitéis seo leis an chontae a chur chun tosaigh mar cheantair fhíor-álainn neamhthruaillithe. 

De réir thaighde atá déanta ag Fáilte Ireland is é an rud is tábhachtaí ag cuairteoirí nó áilleacht na háite. 

Sa chomhthéacs sin, cuireann sé crua ar mhuintir na háite cinneadh an Aire Creed, a bhfuil a dháilcheantar féin i dtuaisceart Chorcaí, a thuigbheáil. 

D’ainneoin scála agus thionchar na bhfeirmeacha oisrí ar an tírdhreach agus an taighde atá déanta thart ar an domhan faoin dochar a dhéanann feirmeoireachta oisrí, a úsáideann cliabháin ardaithe, ar an timpeallacht, níor iarr an Roinn Measúnacht Tionchar Timpeallacht don Inbhear.

Leanann an feachtas ar aghaidh agus is féidir eolas a fháil ar leathanach Facebook Donegal SOS. 

Fosta, is féidir tacaíocht a thabhairt d’aighneacht an phobail (www.ipetitions.com/petition/stad-an-scrios-stop-this-destruction-gweedore) ag a bhfuil breis agus míle síniú cheana féin. 

Beidh siúlóid agóide le cur i gcoinne na bhfeirmeacha ar siúl ar an trá ar an tSatharn ag a 3.00 i.n., 15 Aibreán agus Ceolchoirm ar an 17 Aibreán, in Áislann Rann na Feirste le hairgead a bhailiú don fheachtas. 

Tá tacaíocht á tabhairt ag ceoltóirí aitheanta don fheachtas agus beidh na ceoltóirí seo a leanas ar an stáitse ar an oíche: Dónal Lunny, Paddy Glackin  Mairéad Ní Mhaonaigh, Moya Ní Bhraonáin, Mairéad Ní Dhomhnaill, Caitríona Ní Dhomhnaill, Mánus Lunny, Connie Mhary Mhicí, Emma Ní Fhíoruisce, Clann Mhic Ruairí.