Irish-Language

Daniel ar ais ag Opry an Iúir lena chairde sa cheol tíre

<em>DANIEL O'DONNELL: Beidh r&iacute; an cheoil t&iacute;re ar ais ar ard&aacute;n Opry an I&uacute;ir a bheidh &aacute; thaifeadadh sna laethanta at&aacute; romhainn in I&uacute;r Chinn Tr&aacute;</em>
DANIEL O'DONNELL: Beidh rí an cheoil tíre ar ais ar ardán Opry an Iúir a bheidh á thaifeadadh sna laethanta atá romhainn in Iúr Chinn Trá DANIEL O'DONNELL: Beidh rí an cheoil tíre ar ais ar ardán Opry an Iúir a bheidh á thaifeadadh sna laethanta atá romhainn in Iúr Chinn Trá

Opry an Iúir ar ais i mbliana le h-ard rí an cheol tíre é féin – Daniel O’Donnell - don cúigiú sraith ó Halla na Cathrach in Iúir Chinn Trá. 

Tá Lynette Faye ar ais fosta, ag casadh le na réalta ceol tíre uilig agus lena lucht leanúna, a bhíonn neart spraoi agus scéalta maithe acu i gcónaí.

Ar ardán an Opry sa tsraith seo, beidh Ray Lynam, Brendan Quinn, Frank McCaffrey, Sandy Kelly, Gloria, The High Kings, Cliona Hagan, Michael English, The Three Amigos, Trudi Lalor, T.R Dallas, Derek Ryan agus a h-aoi speisialta  Eleanor McEvoy.

Seo an cúigiú sraith de Opry an Iúir agus mar is gnáth, beidh na ceoltóirí móra ag canadh na n-amhráin atá aitheanta leo, agus chomh maith leis sin ceolfaidh siad amhrán Gaeilge lena n-aoi speisialta.

Beidh tús spleodreach á chur leis an tsraith sna oíche amárach (Dé Domhnaigh) le ceolchoirm speisialta, Opry with the Stars. Beidh cúigear réalta an cheoIl tíre ag teacht le chéile ar aon ardán amháin, ina measc Ray Lynam, Brendan Quinn, Frank McCaffrey, Sandy Kelly agus Gloria. 

Cluinfimid ina n-aonair iad, mar dhísréad agus an t-iomlán acu le chéile. 

Seó ar léith nach dtarlaíonn ró mhinic.

Ansin, Dé Luain (5ú) beidh The High Kings, agus iad díreach ar ais ó chamchuairt i Meiriceá inar éirigh thar barr leo. 

Ní raibh suíochán folamh in aon ionad inar sheinn siad agus chruthaigh siad lucht leannta breá mór dóibh féin thall. 

Chomh maith ar an Luan, beidh beirt bhuaiteoir ICMA ag teacht le chéile don chéad úr ar stáitse an Opry, nua-cheoltóir na bliana Clíona Hagan agus an fear a bhain an gradam don bhanna damhsa tuaithe is fearr sa tír, Michael English.

Dé Máirt, beidh craic agus diabhlaíocht ar siúl leis an sár-ghrúpa The Three Amigos, Robert Mizzell, Patrick Feeney, agus Jimmy Buckley. 

Ar an ardán leo an oíche sin beidh Trudi Lalor, a céad cuairt ar Opry an Iúir.  Ceolfaidh sí na hamhráin a tharraing clú uirthi agus a léiríonn a saol ceoil go dtí seo. 

Don oíche dheireanach Dé Ceadaoin, beidh Opry ag cuir fáilte mhór roimh bheirt laoch ceol  tíre,  T.R. Dallas agus Derek Ryan. 

Beidh T.R. ag canadh a chuid hits uilig, agus beidh buaiteoir an ghradam ICMA do Chumadóir na Bliana, Derek Ryan, ar an ardán fosta agus aoi speisialta aige dúinn, Eleanor McEvoy.

Beidh Opry an Iúir ag cruthú atmaisféar an Grand Ole Opry i Nashville, i Halla na Cathrach in  Iúir Chinn Trá agus na ceolchoirmeacha á dtaifead beo agus beidh siad le feiceáil ar TG4 san Fhómhar. 

Beidh na doirse foscailte ag 7i.n. gach oíche ag Halla na Cathrach in Iúir Chinn Trá 

Tá costas £17.50 ar thicéid, agus tá siad ar fáil ó Michael Magill Entertainments.  

Le bheith i láthair ag ceann de na hoicheanta intach seo Cuir scairt ar 028 4177 3618 ó thuaidh nó ar 048 4177 3618 ó dheas.

R-phoist: info@michaelmagillentertainments.com