Irish-Language

Aitheantas á thabhairt sa deireadh d'fhile gan iomrá

Radharc ón scannán Stormbird a insíonn scéal an fhile Pádraic Fiacc agus a bheidh le feiceáil i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich oíche Aoine
Radharc ón scannán Stormbird a insíonn scéal an fhile Pádraic Fiacc agus a bheidh le feiceáil i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich oíche Aoine Radharc ón scannán Stormbird a insíonn scéal an fhile Pádraic Fiacc agus a bheidh le feiceáil i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich oíche Aoine

SEACHT mbliana ó shin – tempus fugit – chuir mé agallamh ar an fhile Pádraic Fiacc os comhair lucht óg éisteachta i gColáiste Feirste.

An rud is mó a chuaigh i bhfeidhm orm ná an cion a bhí ag na daoine óga ar an fhear a tháinig ar an saol mar Joe O’Connor i mBéal Feirste ag tús na 1920í agus an lúcháir a bhí airsean a bheith ina gcuideachta.

Thug an taithí sin an bhréag don íomhá de Joe atá forleathan gur fear dúr, feargach, confach atá ann.

Seans mór go bhfuil an íomhá seo bunaithe ar an fhilíocht atá scríofa aige ar na trioblóidí, filíocht nach gcuireann fiacail ann maidir le cur síos ar uafás na laethanta míofara, foréigneacha sin.

Sheachain daoine in Éirinn – go leor de bhunaíocht na filíochta ina measc – filíocht Fiacc mar gheall ar an fhírinne bhrúidiúil atá ina véarsaíocht ach bhí meas i gcónaí air thar lear agus tá daoine ar fud na cruinne ar chuir a dhánta idir bhrón agus lúcháir araon orthu.

Cé go bhfuil a chuid filíochta ar chúrsaí in ollscoileanna ar fud an domhain, is file gan iomrá e Fiacc anseo ina chathair dhúchais, Béal Feirste.

Mar shampla, tá 20 dán dá chuid in The Harvard Book of Modern Irish Poetry ach cad chuige an bhfuil neamhaird á dhéanamh air níos cóngaraí don bhaile?

An bhfeiceann daoine e mar “fhile na dtrioblóidí” amháin é?

“Sílim go bhfeiceann,” arsa Michael McKernon, cara mór le Fiacc ar ealaíontóir, scannánóir agus foilsitheoir e féin.

“Cuirtear iontas ar dhaoine nuair a léann siad an stuif luath atá scríofa ag Joe agus feiceann siad an éagsúlacht atá ina chuid filíochta, ag dul siar go dtí na 1940í, i bhfad roimh na Trioblóidí.”?Agus ar ndóigh, caith Fiacc cuid mhór dá shaol luath i Meiriceá, an teaghlach ina chónaí beo bocht i gceantar Hell’s Kitchen i Nua Eabhrac.

Ar ndóigh, d’imir an imirce agus an ilchultúrachas tionchar mór ar an fhile óg agus é ag freastal ar an High School of Commerce sular mhol Padraic Colum dó pilleadh ar Éirinn agus spreagadh a fháil óna thír dhúchais, rud a rinne sé i 1947 cé go raibh sé anonn is anall go dtí gur shocraigh sé síos i Newtownabby lena bhean Nancy.

Bhí Fiacc mar fhinné ar an seicteachas a ritheann fríd chuislí an tsochaí anseo agus an tús á chur leis an dúnmharú seicteach arís eile, rud a spreag e le Odour of Blood a fhoilsiú i 1973.

Bhí sé ina eagarthóir ar an chnuasach The Wearing of The Black i 1974 agus cé gur bhailiúchán é ina raibh filí ón dá thaobh den deighilt sheicteach, spreag sé conspóid mar sin féin.

Agus mar cheiliúradh ar a 92ú lá breithe, beidh seó ilmheáin le feiceáil i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich.

Stormbird ainm an tseó ina sníomhtar ealaíona éagsúla le cheile – scannán álainn ar shaol an fhile, Noel Magee i ról Fiacc ag léamh a dánta (tá Fiacc beagnach dall anois) agus amhránaíocht le Marion Jordan. Ar an dóigh seo, faigheann muid léargas ar an saol casta crua a bhí ag Patrick Joseph O’Connor as Elizabeth Street ar Bhóthar na bhFál.

n Stormbird, a film on the poet Pádraic Fiacc, with performances by Nuala McKeever, Noel Magee, Marion Jordan and others can be experienced on Friday night, 15 April, in Cultúrlann McAdam Ó Fiaich, starting ag 7.45pm. Beforehand, at 7.15pm, there will be the launch of an exhibition of Fiacc-related artwork, painting and photographs in the Gerard Dillon Gallery.