Sport

Scor Finals to be broadcast live on Spórt TG4 Youtube channel

This year's GAA 'Scór na nÓg 2019' finals will be broadcast live on the Spórt TG4 Youtube channel, live from the TF Royal Theatre in Castlebar on Saturday, February 16.

Scór is a GAA competition that combines all the colour and rivalry of Gaelic games with the social/fun element of Ireland's traditional pastimes. The competition was established by the GAA in 1969 with the aim of promoting Ireland's traditional pastimes and culture while offering club members the chance to meet up, have fun and represent their club during the winter months while camogie, football and hurling had ceased.

There are eight events/disciplines in Scór that cover all aspects of Irish culture: Figure/Céilí Dancing, Solo Singing, Ballad Group, Recitation/Scéalaíocht, Léiriú Stáitse/Stage Presentation, Instrumental Music, Set Dancing and Table Quiz. The competition is divided into two age levels, Scór na nÓg, for young people under 17 and Scór Sinsir, for those over 17.

Just like the All-Ireland Football and Hurling Championships, clubs taking part in Scór first run off competitions among the club’s own members with the winners going forward to Divisional/District Board stage where deemed necessary, and then on to the County Final. The winners go on to the Provincial final and finally on to the All-Ireland Final.

The All-Ireland Scór champions are presented with their medals by the President of the GAA. Winners are All-Ireland champions in their own right in the same way as All-Ireland Senior Football or Hurling Final winners.

Déanfar babhtaí craoibhe 'Scór na nÓg 2019' CLG a chraoladh beo ar chainéal Youtube Spórt TG4 ó Amharclann an TF Royal i gCaisleán an Bharraigh an Satharn an 16 Feabhra.

Is comórtas de chuid an CLG é Scór a thugann iomaíocht agus spleodar na gCluichí Gaelacha le chéile le spraoi agus spórt seanchaithimh aimsire na hÉireann. CLG a bhunaigh an comórtas i 1969 agus é d'aidhm acu sean-chaithimh aimsire agus chultúr na hÉireann a chur chun cinn, baill an chumainn a thabhairt le chéile le spórt a bheith acu agus ionadaíocht a dhéanamh ar a gclub le linn mhíonna an gheimhridh nuair a bhí séasúr na peile agus na hiománaíochta thart.

Tá ocht n-imeacht/disciplín ag baint le Scór a chumhdaíonn gach gné de chultúr na hÉireann: Damhsa Céilí, Amhránaíocht Aonair, Grúpa Bailéad, Aithriseoireacht/Scéalaíocht, Léiriú Stáitse, Ceol Uirlise, Damhsa Seit agus Tráth na gCeist. Bíonn an comórtas roinnte de réir dhá leibhéal aoise - Scór na nÓg do dhaoine óga faoi 17 mbliana agus Scór Sinsir do dhaoine os cionn 17 mbliana.

Díreach mar a tharlaíonn sna Craobhchomórtais Iomána agus Peile, bíonn comórtais ar siúl ar dtús sna clubanna a bhíonn páirteach i Scór agus cuirtear na buaiteoirí ar aghaidh chuig céim Bhord an Chontae, nuair is gá, agus ansin chuig Craobh an Chontae.   Rachaidh na buaiteoirí as sin chuig an gComórtas Cúige agus ina dhiaidh sin arís chuig Craobh na hÉireann.

Is fiú a lua gurb é Uachtarán CLG a bhronnann a gcuid bonn ar bhuaiteoirí Chraobh na hÉireann Scór. Is seaimpíní Uile-Éireann iad na buaiteoirí ina gcáil féin ar an mbealach céanna ar seaimpíní iad buaiteoirí Chraobh na hÉireann sa Pheil agus san Iománaíocht.

Enjoy reading the Irish News?

Subscribe from just £1 for the first month to get full access

Topics

Categories

Sport

Today's horoscope

Horoscope


See a different horoscope: