Irish-Language

Na laethanta saoire nach ndéanfaidh mé dearmad choíche orthu i Vítneam

<b>HA LONG BAY: </b>T&aacute; codarsnachta&iacute; m&oacute;ra le sonr&uacute; s&iacute;os fr&iacute;d V&iacute;tneam &oacute; fhuadar agus &oacute; chall&aacute;n Ho Chi Minh City (tugann bunadh na cathrach Saigon uirthi go f&oacute;ill) go dt&iacute; &aacute;illeacht Ha Long Bay (thuas) agus, idir eatarthu, t&aacute; Hoi An&nbsp;
HA LONG BAY: Tá codarsnachtaí móra le sonrú síos fríd Vítneam ó fhuadar agus ó challán Ho Chi Minh City (tugann bunadh na cathrach Saigon uirthi go fóill) go dtí &a HA LONG BAY: Tá codarsnachtaí móra le sonrú síos fríd Vítneam ó fhuadar agus ó challán Ho Chi Minh City (tugann bunadh na cathrach Saigon uirthi go fóill) go dtí áilleacht Ha Long Bay (thuas) agus, idir eatarthu, tá Hoi An 

MÁ BHÍONN laethanta saoire choíche arís agam a bhí chomh maith leis an naoi lá a chaith mé in Vítneam dhá bhliain ó shin, beidh an t-ádh dearg orm.  

Tá 16 lá curtha in áirithe againn arís i mbliana agus muid ag dul ar ais go dtí ceann de na tíortha is suimiúla ar domhan.

Ní raibh ach áit amháin i m’intinn nuair a cuireadh ceist orm cá háit a ba mhaith liom dul do mo lá breithe speisialta in 2016 - Vítneam.

Chuala mé an oiread sin dea-scéalta faoin tír go raibh mé ar bís agus muid ag dul ar an bhus go Baile Átha Cliath le tús a chur leis an aistear go dtí an Domhan Thoir.

Bhí an t-ádh orainn gur aimsigh muid Mark Reynolds ó STA Travel i mBéal Feirste, fear a raibh gach mioneolas ar a theanga aige agus é paiseanta go mbeadh lúcháir an tsaoil ar a gcliaint ar philleadh chun an bhaile dóibh.

Laethanta saoire de chuid G Adventures a bhí ann, rud a chiallaigh go mbeadh muid mar chuid de ghrúpa, 16 againn ar fad, a bhuail le chéile den chéad uair sa chéad óstán in Hanoi, príomhchathair Vítneam. 

Mar bharr ar an ádh, réitigh gach duine den 16 againn go hiontach lena chéile agus bhí treoraí/tréadaí den scoth againn, Dat Nguyen, fosta.

Ba é Dat a thug amach muid don chéad bhéile den turas, síos fríd shráideanna plódaithe Hanoi go dtí bialann inar ith gach duine againn an bia áitiúil, inar ól muid an leann áitiúil agus ina ar mhothaigh muid “sa bhaile” agus muid chomh fada sin i gcéin, 5,850 míle le bheith beacht.

I ndiaidh an bhéile, shiúil mé féin is mo bhean amach fríd shráideanna Hanoi a fhad le Loch Hoan Kiem.

Ar an bhealach, bhí damhsóirí dathúla Falung Gong ag tabhairt taispeántais fána gcultacha buí. Thart ar an loch, bhí daoine ag spaisteoireacht, buskers ag seinm, atmaisféar thar a bheith suaimhneach roimh dul faoi na gréine.

Uaidh sin, shiúil muid ar ais chuig an óstán do chodladh breá.

Níorbh fhada muid inár suan, áfach, mar bhí orainn dul go Bá Ha Long agus turas junk thar oíche thart ar an bhá fhíorálainn seo atá ina Láithreán Oidhreachta Domhanda de chuid UNESCO  mar gheall ar na hoileáin arda cairst a shíneann aníos i dtreo na spéire inti.

Bhí béile breá ar bord againn, ag ól Vodka Martinis ar 70,000 dong an ceann – sin £2.50! Yep, bhí sing-song ann go maidin againn!

Níl cur síos ar a shuaimhní is a bhí sé ar an bhád, leaba compordach i ndiaidh bheith ag breathnú ar na réaltóga – ach níor mhair sin i bhfad.

An lá dár gcionn, amach linn ag cadhcáil sa Bhá – go hálainn ach iontach pianmhar dúinne nach raibh cleachtaithe – sular ith muid bricfeasta ar bord na loinge arís. 

Thug muid cuairt ar cheann de na huaimheanna ollmhóra ar cheann de na hoileáin sular phill muid ar Hanoi leis an traein chodlata a fháil go Hue.

Ar bhuaicphointí an tsosa anseo, bhí an turas ar ghluaisrothair – bhí tiománaithe linn – a ghlac muid amach chun na tuaithe le gné eile de Vítneam a fheiceáil agus  le linn dom bheith ag obair ar leathanach den Irish News, bhí an grúpa ag tabhairt cuairt ar an Imperial Citadel agus ar Pagoda Tien Mu.

Nuair a bhuail muid le chéile arís, d’imigh muid inár ngrúpaí le beilte breátha a ithe agus cocktails ar bheagán airgid a ól.

Parthas!

Ar an cúigiú lá, chuaigh muid ar an bhus go Hoi An, ar an chósta i lár Vítneam agus buaicphointe eile ar an turas.

Trí lá a chaith muid in Hoi An ach d’imigh an t-am i bhfaiteadh na súl.

An iarraidh seo, chuaigh deichniúr againn amach faoin tuath ar rothair (ní gluaisrothair).

Ba doiligh liom é seo a chreidbheáil - seo mé ag rothaíocht faoin tuath i Vítneam. 

Bhí na logainmneacha a chonaic mé i m’intinn mar bhí Cogadh Vítneam – nó an Cogadh Meiriceánach mar a thuigeann an muintir Viet air – faoi lán seoil agus mé ag fás aníos.

D’aithin mé an tírdhreach ó chláracha nuachta dubh agus ban na 1970idí. Buíochas do Dhia go bhfuil síocháin i réim sa tír chaoin, álainn seo.

Ní amháin sin ach tá na daoine chomh deas, garach, cairdiúil sin nár mhothaigh muid míshuaimhneach in am ar bith.

Cé go bhfuil na cathracha agus na bailte AR MIRE GLAN  le gluaisrothair, tá an tuath beagnach folamh.

Thug muid cuairt ar an duine is sine in Hoi An agus ar na gairdíní orgánacha atá aige agus chuaigh muid chuig teach ina ndearna bean na hataí cónúla sin a chaitheann siad i Vítneam. 

Bhí an bhean dóighiúil seo ar leathláimh cionn is gur fulaing a máthair ionsaí Agent Orange a spréigh na Meiriceánaigh nuair a bhí si ag iompar clainne agus rugadh an leanbh agus lámh ar iarraidh. 

Sa teagmháil sin, d’fhoghlaim muid míle rud faoin dú-phian a d’fhulaing an tír seo ní an fad sin ó shin.

Uaidh sin, chuir muid na rothair ar bhád le muid a thabhair ar ais go Hoi An agus an ghrian ag dul faoi. 

An lá dár gcionn, bhí rang cócaireachta againn. Yep, rinne mé deep fried rolls, banana blossom salad with chicken, Pho Bo (cineál anraith le núdail agus feoil), Bun Cha Hanoi agus Mango Sticky Rice! Ansin tugadh dúinn é le luach ár saothair a bhlaiseadh!

Ar an séú lá, bhí am saor againn agus a fhad is a bhí na mná ag caint le táilliúir – bhí na leaids sna pubanna!

Rud amháin, gach duine a cheannaigh rud ar bith ó na mná a bhí ag mangaireacht ar a tsráid, dúirt sa go raibh gach ar cheannaigh siad - cótaí, mála, cultacha – ar ardchaighdeán agus ar chéatadán den phraghas a d’íocfá sa bhaile.

Le linn dúinn bheith in Hoi An, chaith muid tráthnóna ar thrá scartha agus an ghrian ag scoilteadh na gcloch agus tonnta arda láidre ag bualadh ar an trá.

Bhí an chéad stad eile, an stad deireanach, thar a bheith difriúil, Ho Chi Minh City cé go dtugann muintir na cathrach Saigon go fóill air.

Agus muid i ndeisceart na tíre, ghlac muid an seans cuairt a thabhairt ar na Cu Chi Tunnels, áit a ndeachaigh muid isteach sna tolláin ónar throid in éadan na Meiriceánach.

Foláireamh: thig leis an chuid is macho agaibh  piléir a cheannacht le iad a scaoileadh o raidhfilí nó ó mheaisínghunna. Tá sé thar a bheith callánach.

Bhí sé go hiontach fosta cuairt a thabhairt ar the War Remnants Museum agus the Reunification Palace sula ndeachaigh muid ar thuras rickshaw thart ar cheantar na n-Ambasáidí.

Ní raibh fágtha ach an suipéar deireanach le Dat agus leis na cairde úra a rinne muid ar an turas dochreidte seo sular fhág muid slán lena chéile.

Yep, bhí deora ann. 

Go dtí mí na Samhna 2019 agus mé ar ais sa tír iontach seo.