Irish-Language

Tá tús á chur leis an fhéile Soma inniu mar réalt ceolmhar Chontae an Dúin

<b>SOMA, SO GOOD: </b>Beidh ceol den scoth le cluinstin ag an fh&eacute;ile Soma agus Paul Brady ag seinm ann anocht, beidh Sharon Shannon (th&iacute;os ar dheis) ar an ard&aacute;n o&iacute;che Dhomhnaigh agus cluinfear Cathy Jordan o&iacute;che Aoine
SOMA, SO GOOD: Beidh ceol den scoth le cluinstin ag an fhéile Soma agus Paul Brady ag seinm ann anocht, beidh Sharon Shannon (thíos ar dheis) ar an ardán oíche Dhomhnaigh agus cluinfear Cathy Jordan oíche Aoine SOMA, SO GOOD: Beidh ceol den scoth le cluinstin ag an fhéile Soma agus Paul Brady ag seinm ann anocht, beidh Sharon Shannon (thíos ar dheis) ar an ardán oíche Dhomhnaigh agus cluinfear Cathy Jordan oíche Aoine

AM AR BITH a théim go Páras, bím i gcónaí neirbhíseach roimh ré nach mbeidh sé chomh leis an uair dheireanach a raibh mé ann.

Agus gach uair, cuireann an chathair cois Seine faoi dhraíocht mé. 

Ní Páras ar bith é Caisleán Uidhilín ach gach bliain cruthaíonn Tíona McSherry agus a foireann féile cheoil agus fholláine a chuireann a lucht éisteachta/féachana/leanúna faoi dhraíocht agus tá sé mar a gcéanna in 2018.

Tá liosta le háireamh ar chlár na bliana seo d’amhránaithe agus de cheoltóirí a bhfuil a n-ainmneacha greanta i seanchas an cheoil in Éirinn cheana féin.

Is fear é Paul Brady ar éirigh leis an dá ghné dá chuid cheoil a mheascadh go néata – an t-amhránaí a rinne ceann de na halbaim is fearr riamh d’amhráin thraidisiúnta (i gcuideachta Andy Irvine ar ndóigh) agus an cumadóir amhrán pop ar nós Nobody Knows The World is What You Make ItCrazy Dreams.

Dalta Andy Irvine, tá sé ag tabhairt pléisiúir do dhaoine ó bhí na 1960idí ann – bhí cóip de Gleanntáin Ghlas Ghaoth Dobhair leis na Johnstons agam an tráth sin agus Brady mar bhall iontu.

Bhí sé ina bhall de Planxty tráth agus ó shin i leith, tá aithne air mar dhuine a dhéanann sár-léirithe eisceachtúla d’amhráin na ndaoine.  

Anuas air sin, tá amhráin dá gcuid féin curtha in oiriúint dóibh féin ag leithéidí Tina Turner, Bonnie Raitt agus Cher.

Nár dhúirt mé go raibh sé in ann an dá thrá a fhreastal!

Ag seinm ar an ardán céanna anocht, beidh sár-amhránaí eile, Brigid O’Neill, a bhfuil albam úr amuigh aici, Touchstone, atá ag mealladh idir chriticeoirí agus an ghnáthphobail araon.

Beidh an choirm seo ar siúl in Eaglais Naomh Maolmhaodhóg i gCaisleán Uidhilín anocht ar a 8pm

£30 atá ar na ticéid.

San oíche amárach, i gclubtheach CLG Naomh Maolmhaodhóg ar a 9pm, beidh laoch chuid mhór daoine, Damien Dempsey ag ceol.

File, fáidh agus trodaí ar an aicme oibre tá an tírghrá i ngach cuisle dá chuid agus i ngach focal a chanann Damo.

Ceolann sé amhráin a bhfuil teachtaireachtaí láidre iontu agus a thugann dóchas do dhaoine a bheadh in ísle brí agus grá dá lucht mór leanúna.

Mar chomóradh aige, beidh buíon tí Soma ag seinm leis – an píobaire Jarlath Henderson, Liam Bradley ar na cnaguirlisí , Graham Henderson ar an ghiotár Kate Ellis ar an dordveidhil.

Ba chóir gur oíche bhríomhar den scoth a bheidh ann. 

Oíche Aoine agus beidh duine de na hamhránaithe is fearr sa tír ag canadh.

Tá tús áite ag Cathy Jordan anocht, bean atá ag ceol le Dervish ó bhí 1991 ann agus le The Unwanted ó 2010-ish ach tá bean Ros Comáin thar barr mar amhránaí aonair fosta.

Agus mé ag caint léi cúpla bliain ó shin, luaigh mé buaicphointí a saoil phroifisiúnta –ag seinm ar Bhalla Mór na Síne, ag Balla an Olagóin in Iúrasalam agus ag Rock in Rio sa Bhrasaíl os comhair 250,000 duine ach dúirt sí gur mó a thaitin sé léi seal a chaitheamh i gCo Liatroma ar thogra fadtéarmach darbh ainm The Leitrim Equation.

Beidh Cathy ag canadh i King’s Inn ar an bhaile oíche Aoine ar a 9pm.

Ina cuideachta, beidh amhránaí iontach eile, Niamh Parsons. 

Beidh Niamh á comóradh ag a fear céile, Graham Dunne, agus buíon úr atá i mbéal an phobail faoi láthair, Lonesome George.

Agus más maith leat a fhail amach chomh cruthaitheach is atá an ceol “traidisiúnta” bígí ag coirm cheoil The Olllam.

Meascán den trad, snagcheol, prog rock, agus un certain je ne sais quoi caite isteach agus ní chuireann sé síos go beacht ar na holllaimh (trí l!) 

Ach ní leor iad seo uilig don Soma, oíche Dhomhnaigh, beidh Sharon Shannon ar ardán an chumann CLG.

Beidh méara lúfara Sharon ag seachadadh fuaimeanna Cajun, foinn Cheanadacha nó Portaingéalacha chomh maith le ríleanna dúchasacha na hÉireann.

Chomh maith le Sharon, beidh na Henry Sisters – tá albam s’acu thar barr – i mbun ceoil le Ciara O’Neill.

Agus ná bí buartha, a Ghaela beidh an G-Spota i lár an aonaigh le linn Soma le Kneecap agus Thatchers of the Acropolis, Pop-Up Gaeltacht sa Fountain Bar chomh maith le himeachtaí Gaeilge do phaistí agus beidh Gráinne Holland ag ceol i nGaeilge agus i mBéarla oíche Shathairn.

Níl an spás ann le cur síos ar gach imeacht de chuid Soma – tá cainteanna thar a bheith suimiúla ann, siúlóidí, dianmhachnamh agus imeachtaí slainte agus faollaine agus míle rud eile ar siúl – ach is féidir an t-eolas uilig a fháil ag somafestival.com.