Irish-Language

An bhfuil an Gaeloideachas in oiriúint do riachtanais fostaíochta an lae inniu?

<b>JANET MULLER: </b>Sheol Janet an tuarasc&aacute;il is d&eacute;ana&iacute; &oacute; Phobal i gCol&aacute;iste Feirste inn&eacute; nuair a cuireadh i gcuimhne do dhaoine gur rannph&aacute;irtithe sa gheilleagar, sa sochai agus sa timpeallacht iad Gaeil &oacute;ga i mB&eacute;al Feirste agus in &aacute;iteann eile ar fud an tuaiscirt
JANET MULLER: Sheol Janet an tuarascáil is déanaí ó Phobal i gColáiste Feirste inné nuair a cuireadh i gcuimhne do dhaoine gur rannpháirtithe sa gheilleagar, sa sochai agus sa timpeallacht iad Gaeil JANET MULLER: Sheol Janet an tuarascáil is déanaí ó Phobal i gColáiste Feirste inné nuair a cuireadh i gcuimhne do dhaoine gur rannpháirtithe sa gheilleagar, sa sochai agus sa timpeallacht iad Gaeil óga i mBéal Feirste agus in áiteann eile ar fud an tuaiscirt

AGUS an Ghaeilge ina chnámh spairne i saol na polaitíochta agus achrainn rialta  faoin Ghaeloideachas á gcaibidil,  cuid mhór acu bunaithe ar an aineolas, tá rud amháin soiléir –tá figiúirí beachta iontaofa ionraice ag teastáil le go dtig linn comhrá ceart a bheith againn maidir le riachtanais na hearnála san am i láthair agus maidir le soláthar sheirbhísí san am atá le teacht.

Sin an fáth gur chóir fáilte mhór a chur roimh fhoilsiú na tuairisce is déanaí ó Phobal, Eispéireas na nIar-dhaltaí de chuid an Ghaeloideachais i mBéal Feirste ar Bhreisoideachas, agus ar Ardoideachas, ar Thraenáil agus ar Fhostaíocht ó na 1970aidí  go dtí an lá inniu.

In amanna, déantar dearmad ar cheann amháin de spriocanna an Ghaeloideachais, is é sin daoine óga a oiliúint le go mbeidh siad in ann glacadh le deiseanna fostaíochta.

Ach ó bunaíodh an chéad bhunscoil i 1971, cad é mar a d’éirigh le hiardhaltaí Gaeloideachais sa mhargadh oibre?

Tugann tuarascáil úr Pobal cuid de na freagraí cé go bhfuil “ganntanas sonraí bunlíne ar fáil i dtaca le hoideachas, le traenáil agus

le stádas fostaíochta iardhaltaí de chuid an Ghaeloideachais i mBéal Feirste agus in áiteanna eile.”

Le aghaidh a thabhairt air sin, bhain Pobal feidhm nuálach as na meáin shóisialta le teagmháil a dhéanamh le daoine a fuair a gcuid oideachas i gceann de Ghaelscoileanna an tuaiscirt.

Mar thoradh ar an fheachtas sin agus ar litreacha agus ar chomhráití, ghlac 159 iardhalta páirt sa taighde.

Ar na figiúirí is suntasaí, fuarthas amach go raibh an Ghaeilge in úsáid ag 94% de na freagróirí go minic nó ó am go chéile ina saol pearsanta féin - le cairde, ar na meáin shóisialta, lena gcuid páistí agus/nó lena dtuismitheoirí.

Luaigh an Dr Eibhlín Mhic Aodha, Léachtóir Sinsearach san Oideachas trí mheán na Gaeilge i gColáiste Ollscoile Naomh Muire, an réimse leathan d’fhostaíocht atá le sonrú i measc iardhaltaí an Ghaeloideachais - obair thógála, obair aíochta, obair in ionaid glaonna, tá iardhaltaí ag plé le ríomh-chlárúcháin agus le bogearraí, tá poist sna meáin chumarsáide acu, tá siad ag obair i ranna rialtais agus sna hinstitiúidí polaitiúla thuaidh theas agus thar lear, tá siad ag obair i gCúram Sláinte agus sna heolaíochtaí, san ealaín agus sa cheol.

“Is in earnáil an Ghaeloideachais a bhfuil 29% de na rannpháirtithe fostaithe mar mhúinteoirí, mar chúntóirí ranga agus, i ndá chás, mar phríomhoidí,” ar sí. 

“Ta cáilíochtaí bainte amach ag leibhéal NVQ, Dioplóma, tá céim ollscoile bainte amach ag 72% d’ár n-iardhaltaí, máistreachtaí agus PhDanna ag cuid eile.

“Léirítear go soiléir, i réimse leathan na slite beatha a luann na freagróirí, go ndearna agus go ndéanann an Gaeloideachas a chuid daltaí a chumasú ionas go n-éireoidh leo, taobh istigh agus taobh amuigh d’earnáil na Gaeilge, ar bhonn áitiúil agus ar bhonn náisiúnta agus níos faide ar shiúl,” arsa an Dr Mhic Aodha.

Tá Janet Muller, Príomhfheidhmeannach Pobail agus í ar aon intinn faoi sin.  

“‘Mothaítear meon an chumais agus na muiníne ó chuid mhaith freagraí an taighde,” arsa Janet. 

“Níl amhras ar bith ann ach go gcuireann an Ghaeilge le beocht na cathrach seo agus go dtugann an fhírinne seo deiseanna do Chomhairle Bhéal Feirste  agus do dhreamanna eile nach í, le cur le forbairt tionscnamh, le beartas agus le dea-chleachtas a dtacaíonn réimse iomlán de sheirbhísí agus do sholáthar don phobal ar fad, pobal na Gaeilge san áireamh,” ar sí.

Sin ráite, dúirt Janet go raibh “tuiscint an imeallaithe agus an eisiata ón phobal i gcoitinne.

“Sa tátail taighde, cuirtear béim ar bhuarthaí na bhfreagróirí faoin easpa cosanta reachtaíochta atá ann don teanga agus faoi ghanntanas sheirbhísí trí Ghaeilge ar bhonn áitiúil.”

Cuireann an sé mholadh chun cinn, rannóg nua taobh istigh de Chomhairle Bhéal Feirste a mbeadh sé de dhualgas air maidir le comhordú thionscnamh idir-ranna, mar shampla, an Ghaeilge agus forbairt pobail; an turasóireacht; na healaíona; an Ghaeilge agus Forbairt Eacnamaíoch, Traenáil agus Fostaíocht.

:: Is féidir an tuarascáil Eispéireas na nIardhaltaí de chuid an Ghaeloideachais i mBéal Feirste ar Bhreisoideachas, agus ar Ardoideachas, ar Thraenáil agus ar Fhostaíocht ó na 1970aidí  go dtí an lá inniu a léamh ina iomláine ag http://url.ie/12apt