Irish-Language

Ní íontas ar bith é go meallann fiántas na hÍoslainne na Gaeil chun an oileáin

<strong>Seip&eacute;al Dubh Bu&eth;ir san &Iacute;oslainn:</strong>&nbsp;T&aacute; an grianghraif seo mar ph&aacute;irt de thaispe&aacute;ntas Eoghain U&iacute; N&eacute;ill agus Christine Stoller at&aacute; le feice&aacute;il i nGaileara&iacute; na mBalla&iacute; B&aacute;na i gCult&uacute;rlann McAdam &Oacute; Fiaich i mB&eacute;al Feirste.&nbsp;
Seipéal Dubh Buðir san Íoslainn: Tá an grianghraif seo mar pháirt de thaispeántas Eoghain Uí Néill agus Christine Stoller atá le feiceáil i nGailearaí na mBall Seipéal Dubh Buðir san Íoslainn: Tá an grianghraif seo mar pháirt de thaispeántas Eoghain Uí Néill agus Christine Stoller atá le feiceáil i nGailearaí na mBallaí Bána i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich i mBéal Feirste. 

Má luann tú an Íoslainn le duine ar bith, is dócha go mbeadh siad ag smaoineamh ar a fuacht, a hiargúltacht, a hoighir agus a hoícheanta fada.

Ach tá gnéithe i bhfad níos forbhfáiltí na sin ag baint leis an oileán diamhra seo san Atlantach thuaidh mar a fuair scaifte fánach Gaeilgeoirí amach le tamall de bhlianta anuas.

Ní amháin gur chuir siad dúil san áit, d’fhéadfaí a rá gur thit siad i ngrá léi.

Ba é Gearóid Ó Cairealláin a d’oscail an seoladh aréir agus chuir sé i gcuimhne dúinn go dtéann an caidreamh idir an Íoslainn agus Éire i bhfad i bhfad siar.

“D’fhoghlaim mé ar maidin,” a dúirt sé, “sa naoú haois, go ndeachaigh baicle manach amach as Teileann i ndeisceart Thír Chonaill chun na hÍoslainne. 

“Thug siad leo béaloideas na tíre seo leo agus mar sin, ní amháin gur spréadh cultúr s’againne ansin ach tá teacht ar bhéaloideas agus ar sheanchas na hÉireann sa lá atá inniu ann,” ar sé.

Agus tá gné iontach suimiúil eile ag baint leis an chaidreamh idir an dá thír ársa seo.

Léirigh anailís ghéiniteach a rinneadh beagnach 20 bliain ó shin go bhfuil “bunús Gaelach” ag an cheathrú cuid de na fir agus suas go dtí a leath de na mná a bhunaigh an t-oileán siar thart ar 800AD.

“Tá corpas iomlán béaloidis san Íoslainn a chuireann síos ar a sinsearacht Ghaelach,” tá ráite ag an Ollamh Patrick Bradley a bhí páirteach sa taighde.

Níos cóngaraí don lá inniu, I bhfad sula raibh ráchairt orthu, ina mac léin di, ba ghnách le Róisín Ní Ghadhra geansaithe de dhearadh na hÍoslainne agus na nOileán Faró a chniotáil sa bhaile.

“Lá amháin agus mé ag stad an bhus, tháinig bean a fhad liom agus d’fhiafraigh díom arbh as an Íoslainn mé?

“Dúirt mé gurb as Éirinn dom agus mhínigh sí dom gurb as an Íoslainn di féin agus go raibh stair na hÉireann agus stair na hÍoslainne ceangailte lena cheile ag dul i bhfad siar agus sin mar a thosaigh mé ag cur suime san Íoslainn,” arsa Róisín. 

In 2001, chuaigh sí ar eitleán go Reykjavík den chéad uair agus ní raibh sí meallta. Leoga, chuaigh sí ar ais chun an oileáin cúig huaire i ndiaidh a cheile ina dhiaidh sin. Seo sular thosaigh eitiltí easyjet ach anois agus an t-aerlíne ag taisteal ó Bhéal Feirste go Reykjavik, tá sí i ndiaidh dul ar ais trí huaire. 

Cad é a mheall í an oiread sin an cheist is minice a chuirtear uirthi agus is iomaí fáth atá aici.

“Is áit iontach í, áit ina bhfuil an t-oighir agus an tine le fáil gualainn ar ghualainn,” arsa Róisín.

“Tá an t-aer agus an t-uisce iontach fuar agus iontach glan agus mothaím féin am ar bith a dtéim ann go bhfuil an t-oileán féin beo. Mothaíonn tú go bhfuil rud éigin i gcónaí ag dul ar aghaidh faoin talamh. 

“Ta cuid mhór fuinnimh faoin talamh agus mothaím sin agus mé ann, ag amharc ar na heasanna, ar an bolcáin, ar na géasair agus ar na lochanna geoiteirmeacha - cé go bhfuil boladh uibheacha lofa orthu - ach is maith liom an boladh sin mar cuireann sé an Íoslainn i gcuimhne dom,” arsa Róisín.

Labhair sí ar na hiontais eile atá le feiceáil sa tír, ar an bhia a itear, ar a dhaoire is atá alcól agus ar an aimsir.

“Tá sí gan trócaire!” ar sí. “Bíonn an ghaoth iontach láidir - ghearrfadh sé i do dhá chuid thú agus níl foscadh ar bith ann - bíonn an fhearthainn iontach trom, cuireann sé sneachta go minic ach athraíonn an aimsir i bhfaiteadh na súl,” ar sí.

Ba é an fiántas seo fosta a mheall an t-iriseoir Eoghan Ó Néill agus Christine Stoll le triall ar an Íoslainn an chéad lá riamh agus a tharraing ar ais seal i ndiaidh seala iad.

Ní grianghrafadóirí proifisiúnta iad Eoghan nó Christine ach bhí siad in ann radhairc a cheapadh atá an-éagsúil ar fad le grianghraif na mórthurasóireachta.

“Bhí mé ag iarraidh radhairc ar leith a cheapadh, radhairc a bhí sainiúil, radhairc nach raibh cosúil le rud ar bith a chonaic mé roimhe,” arsa Christine.

Chuir Eoghain Ó Néill in iúl don scaifte mhór go ndeachaigh cuid de na pictiúir siar deich mbliana.

“Ní pictiúir iad, dar liom, den ghnath-íomhá atá ag daoine den Íoslainn.

“Mar shampla, is beag duine a chuala faoi Thrá na nDiamant. 

“Leoga, bhí mé féin ag déanamh rud éigin eile nuair a tháinig Christine uirthi!

“Tá an ceart ag Róisín go mbíonn gach rud ag bogadh san Íoslainn. Bhí muid ar thuras lá amháin agus bhí gach droichead sa chantar scriosta mar gheall ar chrith talún nó ar sciorradh talún.”    

Is féidir Íoslainn an Fhiántais a fheiceáil i nDánlann na mBallaí Bána i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich go dtí an 9 Meitheamh. 

Tá dhá thaispeántas eile le feiceáil sa Chultúrlann faoi láthair, Suimiúil agus Aisteach ag an Am Chéanna/Interesting and Weird At the Same Time and Seo í an Phalaistín, taispeántas le John McColgan.