Irish-Language

Cad é a déarfadh Naomh Columbán faoi ainriail seo na Breatimeachta?

<b>HOKEY-COKEY: </b>Is l&eacute;ir nach dtuigeann Theresa May, bean a chaith seacht mbliana san Oifig Baile de chuid rialtas na Breataine, n&iacute; thuigeann s&iacute; mar a oibr&iacute;onn institi&uacute;id&iacute; an Aontas Eorpa&iacute; agus mar sin de, go bhfuil s&eacute; ind&eacute;anta go bhfaighidh s&iacute; margadh maith do mhuintir na R&iacute;ochta Aontaithe i ndiaidh na Breatimeachta - m&aacute; mhaireann an r&iacute;ocht f&eacute;in&nbsp;
HOKEY-COKEY: Is léir nach dtuigeann Theresa May, bean a chaith seacht mbliana san Oifig Baile de chuid rialtas na Breataine, ní thuigeann sí mar a oibríonn institiúidí an Aontas Eorpaí agus mar sin d HOKEY-COKEY: Is léir nach dtuigeann Theresa May, bean a chaith seacht mbliana san Oifig Baile de chuid rialtas na Breataine, ní thuigeann sí mar a oibríonn institiúidí an Aontas Eorpaí agus mar sin de, go bhfuil sé indéanta go bhfaighidh sí margadh maith do mhuintir na Ríochta Aontaithe i ndiaidh na Breatimeachta - má mhaireann an ríocht féin 

I 1950, reáchtáladh Comhdháil i Luxeuil na Fraince a thug aos intleachtúil na hEorpa le cheile le saol an an mhanaigh Éireannaigh, Naomh Cholumbáin a cheiliúradh.

Ach bhí aidhm thromchúiseach taobh thiar de chruinniú rúnda a reáchtáladh le linn na chomhdhála fosta, cruinniú a chinn an treo ina rachadh tíortha na hEorpa as sin amach. 

Bhí Robert Schuman, duine de bhunaitheoirí an Aontais Eorpaigh i láthair ag an chruinniú sa bhaile bheag in oirthear na Fraince chomh maith le Angelo Giuseppe Roncalli (an Pápa Eoin XXIII), John A Costello, Seán MacBride agus de Valera. Bhí siad seo mar chuid de scaifte mór d’intleachtóirí, de thaidhleoirí, de pholaiteoirí agus de lucht léinn a bhailigh le cheile le tionchar an naoimh Éireannaigh ar stair an hEorpa a mheas.

Dúirt Schuman faoi “St Columban, this illustrious Irishman who left his own country for voluntary exile, willed and achieved a spiritual union between the principal European countries of his time. He is the patron saint of all those who now seek to build a united Europe.”

Ní raibh na Sasanaigh i láthair mar níor thaitin polaitíocht Schuman leo ach, suimiúil go maith, bhí beirt Albanach ag an chomhdháil, ó Choláiste Naomh Aindriú, GSM Walker agus AB Scott, beirt Phrotastúnach. 

Ach bhain Schuman úsáid as an chomhdháil le fail amach an mbeadh tacaíocht i measc chuid de na tíortha a bhí i láthair i gcoincheap úr ina dtiocfadh tíortha na hEorpa le cheile le cur lena leas uilig.

Ná déan dearmad go raibh sé seo ag dul ar aghaidh cúig bliana i ndiaidh dheireadh an Dara Cogadh Domhanda, sléacht inar maraíodh corradh le 72.5 milliún duine.

(Bhí tweet millteanach amaideach ag Tony Parsons a scríobhann don Sun - iontas na n-iontas - inar luaigh sé “íobairt na fola” rinne Arm na Breataine le linn an chogaidh sin. Bheadh Jean-Claude Juncker ag caint i nGearmáinis ach go bé an íobairt sin,dar leis.

Níor thuig sé go labhraíonn Juncker Gearmáinis agus gurb í an Lucsambuirgis, canúint de cuid na Gearmáinise  an mháthairtheanga atá aige.

Agus má chuireann tú íobairtí fola i gcomparáid lena cheile, ba mhó i bhfad an 25 milliún Rúiseach, an 5.2 milliún Polannach ná an 450,900 Briotanach a maraíodh sa chogadh. Ach sin scéal eile!)

Le nach dtarlódh a leithéid arís, chreid Schuman gur ceart do na torthaí sin a bhí ag marú a cheile cúig bliana roimhe, gur ceart dóibh bheith ag comhoibriú le cheile.

Anuas air sin, bhí na rialacha a bhain le trádáil agus leis an tionsclaíocht thar a bheith éagsúil i ngach tír ar an mhór-roinn agus b’éigean ar ndóigh dul in iomaíocht leis an gheilleagair ba chumhachtaí ar domhan, Stáit Aontaithe Mheiriceá. B’éigean na mílte riail agus nós a chaighdeánú.

Tháinig an Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa (EEC) nó an Cómhargadh ar an saol i mí an Mhárta 1957, seacht mbliana i ndiaidh an chead chruinnithe sin.

D’fhan an Bhreatain agus tíortha eile amuigh agus bhunaigh siadsan an Limistéar Saorthrádála na hEorpa (EFTA) ach b’fhearr a d’éirigh leis an EEC agus sa deireadh, chláraigh an Ríocht Aontaithe agus Éire i 1973.

(Níl in EFTA inniu ach an Íoslainn, Lichtinstéin, an Iorua agus an Eilvéis.)

On sé thír a bhí san EEC i 1973, tá 28 dtír inniu ann cé go n-imeoidh an Bhreatain in 2019.

Bhí mé ar eitleán ag taisteal ó Bheijing go Baile Átha Cliath nuair a tháinig an scéala fríd gur bhain lucht Imeachta an reifreann ar pháirtíocht na Ríochta Aontaithe san Aontas Eorpach.

Baineadh stangadh as gach a raibh ar an eitleán. Ba bheag duine a raibh cuma shásta air/uirthi. Níor chreid aonduine é cé go raibh sé ar na scáileáin teilifíse os ár gcomhair.

Chreid muid nach gcreidfeadh na Sasanaigh na bréaga a bhí á gcur faoina mbráid.

£350milliún sa tseachtain don tSeirbhís Náisiúnta Sláinte, stop láithreach leis an inimirce, tionchar an Aontais ruaigthe ar fad - ní chuirfeadh an tseafóid sin dallamullóg ar dhuine ar bith. Ach chuir.

Bhí an bua bunaithe ar bhréaga. Níor chreid lucht a n-inse go mbeadh an bua acu mar sin, ní raibh plean ar bith acu.

Amach le Cameron agus isteach le May mar Phríomh-Aire agus tchí Dia chomh bocht léi mar pholaiteoir. Bean a chuir muinín in Boris Johnson mar aire gnóthaí eachtracha. Yep, Boris Johnson!

Mar a dúirt Jean-Claude Juncker le May ag an dinnéar clúiteach sin an tseachtain seo caite, tá sé cinnte go mbeidh gach duine sa Bhreatain níos measa as mar gheall ar an Bhreatimeacht. 

Tá an chuma ar May nach bhfuil fios a gnoithe aici nó ag duine ar bith dá chomhghleacaithe.  

Tá sí mar a bheadh bean a d’fhág a fear céile ag dúil leis theacht ar ais chuici le moll mór bronntanas cionn is nach dtiocfadh leis mairstin gan í.

Ach i bhfírinne, tá an fear ag siúl amach le cailín eile cheana féin.

Tá an sterling ar rollchóstóir, tá praghasanna ag dul in airde an t-am ar fad, tá Alba ag caint arís ar imeacht ón Ríocht Aontaithe, tá caint ar Éirinn Aontaithe ag cruinniú nirt, tá Briotanaigh thar lear agus coimhthigh sa Bhreatain buartha faoin todhchaí - is cosúil go bhfuil gá arís leis an Eorpach Éireannach, Columbán!