News

Gaeil ar son an comhionnnannais phósta

B eidh Colm Mac Con Iomaire, Kíla agus go leor eile ag seinm

an phíosa ceoil Tabhair dom do lámh ag seoladh feachtais TÁ Comhionannas san Iarsmalann Bheag ag Faiche Stiabhna i mBaile Átha Cliath ara 11rn inniu.

Is é atá in TÁComhionannas ná pobal na Gaeilge atá i bhfách leis an phósadh do dhaoine aeracha agus tosóidh an feachtas ar son Vóta TÁ sa reifreann ar Chomhionannas Pósta inniu. Cluinfear Tabhair dom do lámh, an píosa cáiliúil ceoil ó thús an tseachtú haois déag fríd Fhaiche Stiabhna nuair a thiocfaidh ceoltóirí agus lucht tacaíochta le

chéile chun a bhfeachtas do Vóta láidir 'TÁ' don Chomhionannas Pósta a sheoladh.

Is é an tIar-Aire Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta Pat Carey a bheidh ina fhear an tí agus beidh cainteoirí éagsúla ag roinnt a scéalta pearsanta le linn na hócáide.

Tá cuireadh á thabhairt ag 'TÁ Comhionannas' do gach duine theacht chuig an seoladh chun tacaíocht phobal na Gaeilge don chomhionannas pósta a léiriú agus tá an lucht eagraithe ag súil go dtabharfaidh an seoladh deis do chách machnamh a dhéanamh ar an ábhar tábhachtach seo.