News

Cré na Cille beo beathach le dhá aistriúchán úra agus seó ilmheáin i mBaile Átha Cliath

I s dóigh leis an uile dhuine gurb é Cré na Cille príomhúrscéal na Gaeilge.

Mar atá a fhios ag gach Gael - bíodh an leabhar léite aige nó nach mbíodh - faoin fhód atá na carachtair ach leanann siad leo ag cabaireacht agus ag tabhairt amach an t-am ar fad, an chúlchaint chéanna a bhí ar siúl acu i dtír na mbeo.

Ach tá beocht iontach sa leabhar féin agus aistriúchán amháin go Béarla i ndiaidh theacht ar an

saol agus ceann eile sa bhroinn. An mhí seo chugainn, in ócáid shamhlaíoch eile de chuid IMRAM, beidh seó dhátheangach ilmheáin ar siúl i Scoil na nGasúraí, Smock Alley, Baile Átha Cliath le feiceáil, seó ina mbeidh leaganacha Béarla de Chré na Cille á léamh ag an aistritheoir Alan Titley óna leabhair nuafhoilsithe, The Dirty Dust agus cluinfidh muid sleachta ón leagan úr atá curtha i dtoll a chéile ag Liam Mac Con Iomaire agus ag

Tim Robinson. Graveyard Clay atá ar shaothar s'acu.

Chomh maith leis na léimh, beidh ceol cumtha agus seinnte ag Rossa Ó Snodaigh agus beidh sleamhnáin de chuid Margaret Lonergan a dteilgeadh ar an bhalla.

Tá an rud ar fad curtha le cheile ag an Bhéal Feirsteach, Beidh an seó le feiceáil ar an Aoine, 22 Bealtaine ar a 8pm.

n Tá Barry Kerr lena albam úr a

sheoladh oíche Shathairn seo romhainn i nDánlann Duncairn. Boy in a Boat/Buachaill i mBád is teideal don albam agus lena lainseáil, tá buíon mór curtha le cheile aige ina bhfuil Éamonn Murray, Donogh Hennessy, Pauline Scanlon, Dónal O'Connor agus scoth cheoltóirí eile nach iad.

Tosóidh an seo ar a 8pm agus tabhair leat do bhuidéal féin mura gcuirfidh an ceol ar meisce thú!