News

An-sult le baint as saibhreas na litríochta Gaeilge i mí an Mhárta

The all-year-round festival of Irish literature, Imram, has announced a great line-up of readings with music and the songs of Kate Bush translated into Irish and sung by Caitríona O'Leary.

Taking part are some of our greatest writers, both long-established and emerging. The festival takes place in Dublin, but could Belfast do something similar...?

L e bunú Aontas na Scríbhneoirí Gaeilge agus leis an rath a bhí ar LeabhraFeabhra, tá brí úr ag fás i litríocht na Gaeilge.

B'fhéidir, mar sin, gurb e IMRAM, an fheile litriochta Gaeilge atá á stiúradh ag an Feirsteach, Liam Carson, i mBaile Átha Cliath an feithicil is fearr leis an bhrí úr sin a dhaileadh ar an phobal.

I rith mhí an Mhárta, tá imeachtaí iontacha beartaithe, imeachtaí a chuirfidh in iúl nach ag TG4 amháin atá súil eile. Leireoidh na hoicheanta go bhfuil scribhneoireacht na Gaeilge beo beathach, ainneoin na n-aineoinn.

Dé Sathairn 7 Márta in Institiúid na hÉireann i Sráid an Phiarsaigh i mBaile Átha Cliath mar shampla, beidh Nuascríbhneoireacht na Gaeilge faoin spotsholas in ócáid atá curtha in eagar ag IMRAM i gcomhar le hAontas na Scríbhneoirí. Léamh spesialta atá i gceist ina mblaisfimid de shaothar nua ó chuid de na scríbhneoirí is bisiúla sa tír. I measc na léitheoirí, beidh Éilís Ní Dhuibhne ar bronnadh Gradam PEN 2015 uirthi as a bhfuil bainte amach aici i réimse na litríochta sa dá theanga. Údar na n-úrscéalta cáiliúla Céard É English? agus Cnoc na Lobhar é Lorcán S. Ó Treasaigh. Údar na gcnuasach gearrscéalta Canary Wharf agus Sciorann an tAm í Orna Ní Choileáin, leabhair a bhfuil greann is suaitheadh neamhchoitianta iontu. Údar na mbailiúchán filíochta Idir Beocht is Beatha agus Faigh Greim ar an Ghrian é Proinsias Mac a' Bhaird, an duine céanna a chuir amhránaithe ar an sean-nós á marú sa scéinséir Rún an Bhonnáin.

Duine d'fhilí agus d'úrscéalaithe nótáilte na tíre seo é Liam Ó Muirthile. Tugadh ardmholadh don úrscéal is déanaí uaidh An Colm Bán atá suite i bPáras. Cloisfear amhráin ó Cholm Ó Snodaigh (Kíla) chomh maith. Ceoltóir ildánach é an Snodach.

Tá amhráin i nGaeilge agus i mBéarla ar a albam aonair Giving.

n An oíche dár gcionn, (Domhnach 8 Márta) i McGrattan's, 76 Lána Mhic Liam, BÁC 2 ag a 8.00pm, beidh móroíche cheoil is filíochta le haghaidh Lá Idirnáisiúnta na mBan á ceiliúradh ann agus Cathal Póirtéir mar fhear an Tí.

I measc na bhfilí beidh Celia de Fréine, Biddy Jenkinson, Aifric Mac Aodha, Dairena Ní Chinnéide, Caitríona Ní Chléirchín, Nuala Ní Dhomhnaill agus Ailbhe Ní Ghearbhuigh. Ina dteannta beidh na hamhránaithe traidisiúnta Síle Denvir, Máire Ní Choilm agus Máiréad Ní Oistín.

n Ar Lá Fhéile Pádraig i Scoil na mBuachaillí, Scabhat Smock, ar a 7pm, beidh Port An Tsaoil: Tionscadal Kate Bush ar an ardán, comhthógra idir IMRAM i gcomhar le Gaelspraoi/Féile Naomh Pádraig.

Ealaíontóir as an ghnách í Kate Bush atá in ann rac, ceol clasaiceach agus ceol tíre a fhí ina bréid álainn. Tá a cuid liricí andrámatach agus scata foinsí liteartha agus cineamatagrafacha laistiar díobh a iniúchann téamaí na hóige, an ghrá, an bháis, na cogaíochta agus na miotaseolaíochta. Theastódh guth ildánach

aingiliúil uait chun tréithe uile Kate Bush a chur abhaile ar lucht féachana agus tá an tallann uathúil sin ag Caitríona O'Leary agus a comhoirfidigh. Gabriel Rosenstock a thraschruthaigh na liricí i nGaeilge.

n Anois, an cheist atá ann, cén fáth nach bhfuil muidinne ó thuaidh in ann a leithéid céanna d'imeachtaí tarraingteacha a eagrú?

An bhfuil an lucht léitheoireachta/éisteachta mór go leor ann d'imeachtaí mar seo?

An bhfuil suim ag go leor daoine sa tuaisceart i litriocht na Gaeilge? Fúibhse atá sé.