News

Déanann Ó Donnghaile gearán leis an BBC

D úirt Comhairleoir Sinn Féineach Niall Ó Donnghaile gur cheart

don BBC amharc arís ar an bhealach a phléann sé le pobal na Gaeilge.

Bhí Ó Donnghaile ag caint i ndiaidh dó gearán a dhéanamh faoin íde béil a bhí dírithe air faoin Ghaeilge ar The Nolan TV Show.

Dúirt Niall Ó Donnghaile nach riabh "an drochmheas a léiríodh dom agus do phobal na Gaeilge ar an chlár ar an 5 Samhain inghlactha ar bhealach ar bith. "Bhí mé ar an chlár le plé a dhéanamh ar an mhagadh mhaslach ar an Ghaeilge a rinne Gregory Campbell sa Tionól. "Ach rinneadh an chaint mhaslach seo a rá arís agus arís eile ar an chlár teilifíse ar bhealach a bhí, dar liom, ciníoch nach mór. Agus rinneadh seo in iarracht le hábhar magaidh a dhéanamh de na maslacha! "Caithfidh an BBC an cheist a fhreagairt an bhfuil caighdeán difriúil iompair acu i leith phobal na Gaeilge ná mar atá acu do ghrúpa teanga nó do ghrúpa eitneach ar bith eile. "Sin an fáth a scríobh mé chuig an BBC le gearán a dhéanamh faoin cheist seo. Tá súil agam go mbeidh soiléiriú agam ar na ceisteanna a thóg mé go luath."

n The second series of TG4's award winning drama Corp Anam starring Diarmuid de Faoite and Maria Doyle Kennedy returns on Thursday 27th November at 9.30pm. Produced by Galway based production company Magamedia, this second series has recently been nominated for the highly prestigious Prix Europa TV Awards held later this month in Berlin.

Corp Anam is TV crime drama, with a heart of darkness.

Series 2 is sure to ruffle feathers as it pulls no punches with the legal eagles...

n Fleadh Feirste is the energetic festival celebrating Belfast's Gaeltacht Quarter, an area renowned for it's culture, music, heritage and the Irish language. We invite you to come along and spend some time with people who proudly adhere to their Gaelic identity. Fleadh Feirste provides the opportunity to visit the Gaeltacht Quarter and promises great company and great events. Tickets and information: (0044) 28 9096 4180 culturlann.ie