News

Diwali agus Samhain i dtuaisceart Bhéal Feirste

T á spiorad na Samhna go fóill san aer i mBéal Feirste agus fonn ar

go leor daoine cóisir mor a bheith acu.

Ceiliúradh Gaelach-Indiach ar an dhá fhéile ársa, Samhain agus Diwali, a bheidh á reáchtáil ag POBAL amárach (Déardaoin 6ú Samhain) i mBunscoil Mhic Reachtain.

Beidh daltaí na scoile ag éisteacht le scéalta taibhsí, ag ceol agus ag damhsa agus ag foghlaim faoi thraidisiún agus chultúr na hIndia, mar chuid de cheiliúradh bliantúil POBAL Samhain/Diwali.

Tá POBAL, scáthghrúpa abhcóideachta na Gaeilge, ag reáchtáil an imeachta seo anois don triú bliain, i gcomhar le Arts Ekta, an

grúpa ilchultúrtha ealaíne, agus le maoiniú ón Roinn Gnóthaí Eachtracha.

Dar le Séamus Mac Aindreasa ó POBAL, cuireann na sean-fhéiltí seo, Samhain, ceiliúradh ársa na gCeilteach agus Diwali, féile Hiondúch na soilse, cuireann siad i gcuimhne dúinn go bhfuil gá le tógáil chroí agus

laethanta fada dorcha an gheimhridh ag druidim linn. "Agus ábhar tógáil chroí atá ann feasacht a ardú ar shaibhreas ár gcultúr comónta, fréamhaithe sa teanga Sanscrait," ar sé. "Cuireann sé saibhreas breise le cultúr dúchasach na nGael agus trí mhíniúchán ar théamaí i gcoitinne, trí ealaíon ar

ard-chaighdeán agus trí fhíorchomhpháirtíocht." Glacfaidh 40 dalta páirt i gceardlanna scéalaíochta, amhránaíochta, scríbhneoireachta i Hiondúis agus damhsa traidisiúnta na hÉireann agus na hIndia.

Beidh Máire Uí Bhruadair, Maedhbh Nic Aindreasa agus Frances Quinn i gceannas ar na ceardlanna Gaelach agus Nisha Tandon agus ealaíontóir eile ón India i mbun na gceardlann Indiach.

Tabharfaidh an fheile deis do na daltaí foghlaim faoi mhiotais agus faoi fhinscéalta Hiondúcha is Ceilteacha, ag cur go mór leis an churaclam faoin tionscnamh Foghlaim ar Feadh an tSaoil.