News

An taibhse ar chúl an óstáin a bhainfidh sult as Féile Phíobaireachta William Kennedy

The William Kennedy Piping Festival celebrates the life and work of William Kennedy, the 18th century piper, pipe maker and inventor whose workshop has just been discovered in Tandragee, County Armagh. This Festival, originally conceived to bring together pipers from different countries and traditions, was the first of its kind anywhere in Northern Europe. Now in its 21st year, the festival is still flourishing with the mother of all hooleys planned for November 14. Full details from wkpf.com

C orruair, bíonn ceol na bpíb le cluinstin ag teacht ón Montagu Arms i dTóin re Gaoth i gContae Ard Mhacha agus seisiún ceoil de chuid Phíobairí ar siúl ann.

Mothaím go bhfuil taibhse ina shuí sa bhallóg ar chúl an óstáin ag éisteacht leis an cheol agus aoibh mhór ghaire ar a aghaidh.

Sa tsráid cheanna ina bhfuil an Montague Arms, rugadh William Kennedy, píobaire dall ildánach as a bhfuil an fheile phíobaireachta a reáchtálann muintir Vallely. Anois, tá teach cónaithe Kennedy aimsithe ag an staraí áitiúil, Alec James, agus e faighte aige go raibh ceardlann Kennedy ar chúl an óstáin na ballóga ansin go fóill.

Is cinnte go bhfuil an t-eolas úr i ndiaidh borradh a chur faoi gach duine ata ag eagrú an 21ú Féile Phíobaireachta ata baiste as an laoch is mo ó Thóin re Gaoth agus a bheidh ar siúl ón 13-16 Samhain i gcathair Ard Mhacha.

Tá dlús á chur faoi iarrachtaí theacht ar an ait a bhfuil Kennedy curtha ach san idirlinn beidh aird gach duine ag díriú ar an cheol iontach a bheidh a dhéanamh agus á chluinstin in ionaid éagsúla ar fud phríomhchathair eaglasta na hÉireann.

Tá sé 180 bliain o fuair William Kennedy in 1834 agus déanfar é a cheiliúradh fríd chlár chorraitheach agus

nuálach ina mbeidh tús áite ag an phíb uilleann, uirlis a chaith Kennedy an oiread sin dúthrachta uirthi.

Cé go raibh sé dall, bhí fear Thoin re Ghaoth ar na déantóirí píb is fearr dá raibh riamh ann. D'athraigh sé agus chuir sé go mór leis na fuaimeanna a d'fhéadfaí a fháil ón phíb. (Rinne Kennedy troscán agus choirigh sé cloig mhóra fosta).

Ar ndóigh, tá traidisiúin láidre phíobaireachta ar fud an cruinne agus i mbliana, beidh píobairí ó Albain, ón Spáinn ó Iosrael agus ón Fhrainc ag seinm. Bhí an ghné domhanda i gcónaí iontach tábhachtach don WKPF agus bhí sé thar a beith suimiúil bheith ag éisteacht le píobairí ón Eoraip agus ón Afraic lena linn.

Agus bhí Acadamh Píobaireachta William Kennedy an-tábhachtach bliain i ndiaidh bliana.

San acadamh, tugtar oiliúint i ngach gné den phíobaireacht agus bíonn an-ráchairt air.

Chuir mé ceist ar Brian Vallely, cad e a bhí taobh thiar de rath na féile agus ar cheann de na cúiseanna, luaigh sé an "húlaí" a bhíonn ar siúl in Amharclann Phlás an Mhargaigh. "Le roinnt blianta anuas, bhí Hooley againn san amharclann agus 12 bhuíon ag seinm ann ar feadh cúig uair a chloig," ar sé. "Bhí sé measartha ciotach ag an tús mar ní raibh daoine ábalta na buíonta a aimsiú ach tá

siad in ann a mbealach a dhéanamh anois - agus rud beag taiscéalaíochta a dhéanamh ag an am ceanna.

I mbliana, beidh 15 ghrúpa ar na hardáin éagsúla - Michael McGoldrick Quartet; Anxo Lorenzo Trio (An Ghailís); Cormac Breatnach, Tola Custy & Laoise Kelly; Padraig

McGovern & Peter Carberry; Mister Klof (An Fhrainc); Griogair Labhruidh (Albain); Cúig; agus cuid mhór eile.

Is é an Mike McGoldrick a bheidh mar bhuaicphointe an hooley agus ina chuideachta beidh buíon as an Ghailís agus Anxo Lorenzo.

Is buíon óg bheoga as

an Fhrainc iad Mister Klof agus beidh leithéidí Phádraig McGovern agus Caoimhín Ó Fearghail ag bailiú cairde le cheile le bualadh le Gaeil na hAlban, an t-amhránaí agus píobaire, Griogair Labhruidh agus Anne Martin ó Eilean Sgítheanach, ina measc. Tá oíche dhodhearmadta

geallta.

Agus tá margadh speisialta á ofráil ag an fheile a chuimsíonn dhá oíche lóistín, beilte, chomh maith le ticéid do gach ceann de na coirmeacha - seo uilig ar £135. Is féidir an pacáiste seo a chur in airithe ar líne ag www.wkpf.org ach tá spásanna teoranta fan am seo.

n RÉALTA: Michael McGoldrick (thuas) a bheidh mar aoí speisialta lena chairde le linn Fhéile Phíobaireachta William Kennedy i gceann coicíse agus é i gcuideachta Anxo Lorenzo agus a bhuíon agus Mister Klof ón Fhrainc