News

Na deartháireacha Vallely ag an Droichead

BEIDH lucht leanúna an cheoil ag tarraingt ins sluaite ar an Droichead

oíche Shathairn do choirm ina mbeidh triúr de na deartháireacha Vallely, Niall, Caoimhín agus Cillian ag cur an áit le thine cheoil agus Ross Martin ina gcuideachta. Seo an chéad uair riamh don triúr camchuairt a dhéanamh le chéile ceann is go bhfuil Cillian ina chónaí i Nua Eabhrac. Mar is eol do chách anois, sheinn Cillian na píopaí ar albam is déanaí de

chuid Bruce Springsteen. High Hopes.

Is baill iad Niall, Cillian agus Caoimhín Vallely den rís hliocht ceoil traidisiúnta ó Ard Mhacha, ar ndóigh agus d'fhoghlaim siad a gcuid ceoil óna dtuismitheoirí Brian agus Eithne ag Cumann Píobairí Ard Mhacha agus ó shin i leith bhí siad ag seinm ar fud an domhain le leithéidí Lúnasa, North Cregg agus Buille.

n Beidh The Vallely Brothers ag seinm ag an Droichead oíche Shathairn an 27 Meán Fómhair, doirse ag a 20.00. Ticéid ó androichead.com