News

Seirbhís úr nuachta ar chaineáil uile RTÉ

D é Luain na seachtaine seo, thosaigh seirbhís chuimsitheach nuachta

ar-líne i nGaeilge ar RTÉ den chéad uair, idir nuacht náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúil.

Tá Beidh sé le fáil ar shuíomh idirlín na nuachta ag RTÉ.ie, agus ar Aip RTÉ News Now. Comhoibriú atá sa togra seo idir Nuacht RTÉ agus seomraí nuachta RTÉ Raidió na Gaeltachta. Is i Nuacht RTÉ i mBaile na hAbhann a bheidh an tseirbhís nua

ar-líne lonnaithe, agus beidh iriseoirí ó RTÉ Raidió na Gaeltachta agus ó Nuacht RTÉ ag coinneáil ábhair leis.

Beidh an nuacht náisiúnta agus idirnáisiúnta Gaeilge anois á soláthar do sheirbhísí uile Raidió RTÉ ag RTÉ Raidió na Gaeltachta. Is i gceanncheathrú na seirbhíse i gCasla a bheidh an lárionad léirithe raidió don nuacht Ghaeilge, agus is as sin feasta

a chraolfar an 32 feasachán nuachta Gaeilge sa tseachtain ar RTÉ Radio 1, RTÉ lyric fm agus RTÉ 2fm.