News

Scéal lúcháireach faoi na daoine aeracha a chuidigh leis na mianadóirí i stailc 1984

Matthew Warchus' second feature film is a barnstorming culture-clash comedy drama based on the inspirational true story of a group of gays and lesbians, who supported the miners during the 1984 strike and raised thousands of pounds for beleaguered communities ...¯

A nuraidh, chonaic mA nuraidh, chonaic mé dráma a d'inis scéal as an ghnáth a bhain le grúpa daoine aeracha agus mianadóirí na Breataine Bige le linn na stailce in 1984.

Pits and Perverts an t-ainm a bhí air agus é scríofa ag fear as Doire, Michael Kerrigan a bhí páirteach sa ghrúpa. Dráma den chéad scoth a bhí ann ach anois tá scannán déanta faoin eachtra ceanna agus an stiúrthóir amharclainne, Matthew Warchus taobh thiar de.

Tiocfaidh Wachus i gcomharbacht ar Kevin Spacey mar stiúrthóir ealaíne Amharclann an Old Vic i Londain an bhliain seo chugainn agus beidh air spás a dhéanamh ina chófra duaiseanna mar is cinnte go bhfuil gradaim go leor le gnóthú ag an scannán, Pride.

Seo an dara scannán mór ó Wachus agus is dráma grinnn ardfhuinnimh é faoi choimhlint idir dhá chultúr bunaithe ar an scéal spreagúil faoi na fir agus mná aeracha a thug tacaíocht do na mianadóirí le linn na stailce eipiciúla agus a thóg na mílte punt do phobail a bhí faoi bhrú cionn is gur sheas siad in aghaidh rialtas Margaret Thatcher.

Tá an scannán lúcháireach seo faoin dlúthpháirtíocht in éadan an leatrom agus chos ar bolg na bpóilíní ina phléisiúr ó thús go deireadh, scannán nach ndéan leithscéal go bhfuil sé ag iarraidh oiread daoine agus is féidir a shásamh mar a rinne leithéidí The Full Monty agus Billy Elliot, scannáin a chuir daoine sna trithí gaire le linn dóibh bheith ag caoineadh uisce a gcinn.

Aithníonn agus athríonn Pride na steiréitíopaí, ag meascadh scéalta go healaíonta lena chéile, idir scéalta a bhaineann le bua a fhail ar an olcas nó leis an imeagla agus SEIF i measc an phobail aerach ar na gaobhair.

Is é Mark Ashton (Ben Schnetzer) urlabhraí óg gnaíúil neamhbhalbh na bhfeachtasóirí a raibh ceanncheathrú acu i siopa leabhar, Fay's The Word, faoi stiúir Gethin (Andrew Scott). Agus é ag leamh scéalta nuachta faoi stailc na mianadóirí, d'aithin Mark go raibh cúis aige le bheith ag troid ar a son. "Tá tromaíocht á déanamh ar phobail mhianadóireachta díreach mar atá tromaíocht á dhéanamh orainne," ar sé lena chairde, ina measc Mike (Joseph Gilgun), Jonathan (Dominic West), Jeff (Freddie

Fox), Steph (Faye Marsay) agus fear óg darb ainm, Joe (George MacKay).

Mar thoradh, cuireann siad LGSM - Lesbians and Gays Support the Miners - ar bun agus thosaigh siad ag tiomsú airgid do phobal sa Bhreatain Bheag a roghnaigh siad ar bhonn fánach.

Mar thoradh air seo, cuireann ionadaí na mianadóirí Dai (Paddy Considine) cuireadh ar Mark agus a chairde theacht go Gleann Dulais, áit a gcuireann baill an choiste - Hefina (Imelda Staunton), Cliff (Bill Nighy) agus Sian (Jessica Gunning) - fearadh na fáilte rompu.

Ach tá déistin ar chuid de mhuintir na háite. "We're being backed up by perverts," arsa Maureen, (Lisa Palfrey) mathair a bhfuil fuath aici ar dhaoine aeracha,

dearcadh a chothaíonn coimhlint idir cuid de na comharsana agus an LGSM. Is scanann é Pride a thuigeann an luach atá le caoinfhulaingt, glacadh agus féinmhuinín, scannán nach bhfuil baiste as a ainm.

Tá an aisteoireacht thar barr ón uile dhuine - cé go dteann an blas Breatnach ar strae in amanna - ach tá Schnetzer thar a bheith corraitheach mar cheannródaí óg agus bainfidh Mackay na deora as daoine agus é i ról an mhic léinn óig nach dtig leis é a cheilt go bhfuil sé aerach go deo na ndeor.

Tá cothromaíocht fhoirfe aimsithe ag an scríbhneoir script Stephen Beresford idir an greann agus an croí-bhriseadh, ag tabhairt jócanna aon-líne do gach ball den fhoireann, Menna

Trussler mar sheanbhean leanbaí a chreideann go diongbháilte gurb ionann leispiaigh agus feoilséantóirí. Tógann Warchus an scannán a fhad le crescendo a bhuaileann cnag millteanach ar an mothúcháin agus briseann an gol amach.

Mar a bhí ag ceol an samhradh corrach sin i 1984: "When two tribes go to war/A point is all you can score."

Tá marcanna iomlána tuillte ag gach ball d'fhoireann Pride mar gheall ar an phaisean gan srian agus an dea-chaint. Scoth scannáin.

n DLÚTHPHÁIRTÍOCHT: An pobal aerach ag seasamh na fóide le mianadóirí na Breataine Bige sa scannán Pride agus (thíos) pictiúr a glacadh ag an am