News

Ceol agus filíocht ársa is nua in ómós do Seamus Heaney ina cheantar fein

On Home Ground this year will celebrate the late great Nobel Laureate Seamus Heaney. The Magherafelt festival will host a collection of literary events with the emphasis on the culture and creative vibrancy of the local people and countryside of "Seamus Heaney Country" All this in the company of locally and internationally renowned writers, musicians and artists. onhomegroundfestival.com

B eagán níos mó ná bliain ó shin, dúirt mé liom féin gurbh é an t-am ceart é agallamh a chur ar Seamus Heaney.

B'fhada mé ag smaoineamh ar cheist a chur ar an fhile labhairt liom faoin Ghaeilge, na haistriúcháin a rinne sé ar Buile Shuibhne agus ar dhánta luatha sa teanga ar chuir Pádraigín Ní Uallacháin ceol leo ach bhí mé ró-mhall. Bliain agus an tseachtain seo, fuair Famous Seamus bás agus Tá an domhan níos boichte dá réir.

Bhí dlúthcheangal ag Seamus leis an fhéile On Home Ground a' bhaist sé a cuireadh ar bun trí mhíle ón áit inar tógadh é i mbaile fearann Tamhnaigh Uí Eararáin. Tá sé sna leabhair gur tógadh é in Mossbown ach tugann muintir na háite the broke agus the Broke Road ar an cheantar.

An tseachtain seo chugainn, idir an 11-14 Meán Fómhair, beidh On Home Ground ar siúl arís beidh an chumha ar comchéim leis an cheiliúradh agus aos dána na tíre ag teacht le chéile in ómós don fhile ar mhothaigh gach duine gur cara pearsanta leo a bhí ann.

Tá an fheile á reáchtáil ag agus Geraldine Kielt ina dteach ag Laurel Villa i Machaire Fíolta.

I mbliana, tá clár thar a bheith suimiúil curtha le chéile acu agus tá mé ag dréim go mór leis an choirm oíche Dhomhnaigh nuair a bheas an píobaire uasal, Liam Ó'Flynn ag seinm le Neil Martin, Rod McVey agus cairde eile dá chuid.

Roimhe sin ar an Domhnach, beidh laoch eile ceoil, Brian Irvine ag caint ar na dánta de chuid Heaney is ansa leis.

Dé Sathairn déanfaidh Gary Lightbody ó Snow Patrol an rud ceanna.

An is é an Aoine an lá is mó a bhfuil díol spéise ann dom féin.

Ar a 5in, léifidh an file as Corcaigh, Maurice Riordan, dánta ó The Finest Music, duanaire úr liricí luatha na Gaeilge, a chuirfidh an comhlacht Faber i gcló i mí na Samhna seo romhainn. Déanfaidh Riordan iniúchadh ar scéal a d'aistrigh Heaney, Buile Shuibhne agus ar thábhacht an lon dubh ina chuid filíochta.

Ach is é buaicphointe na féile On Home Ground é, dar liomsa ná an ócáid oíche Aoine nuair a bheas Pádraigín Ní Uallacháin ag

ceol dánta luatha ar chuir Seamus Heaney Béarla orthu. An ionann sin is a rá go raibh Gaeilge mhaith ag buaiteoir Nobel na litríochta? "Oh, bhí Gaeilge mhaith aige ach ní raibh sé chomh líofa agus a ba mhaith leis a bheith agus ní raibh an tuiscint domhan aige, b'fhéidir, atá ag Ciaran Carson. Sílim gur admhaigh sé sin in agallamh éigin, gurbh fhearr leis go mbeadh níos mó smacht aige ar a chuid ábaltachta sa Ghaeilge ach labhair sé Gaeilge go minic agus Gaeilge a labhair sé liomsa. Bhí sé compordach leis an Ghaeilge," arsa Pádraigín. Cúpla bliain ó shin, agus éag obair mar ealaíontóir cónaitheach ag Ionad Seamus Heaney i mBéal Feirste, chuir sí ceol leis na haistriúcháin a rinne fear Cho Dhoire de luathdhánta na hÉireann. "An raibh cluas aige don

cheol, mar sin?" a d'fhiafraigh mé de Phádraigín. "Sílim go raibh cluas aige don cheol óna bheith ag éisteacht le ceol ina cheantar dhúchais féin, Baile Eachaidh," ar sí. Nuair a bhí Pádraigín ina hamhránaí cónaitheach sa Seamus Heaney Centre, post a bhí urraithe ag Foras na Gaeilge agus Ollscoil na Banríona - agus bhí Heaney féin iontach iontach tógtha faoi mar d'aithin sé an nasc a théann i bhfad siar idir an amhránaíocht agus an fhilíocht. "D'aithin mé, nuair a rinne sé na haistriúcháin sin, gur luigh sé leis an mheadaireacht nánaduarthadúrtha na filíochta - atá ceolmhar ar ndóigh, agus a bhfuil rithim leis - agus nuair a dúirt mé leis go raibh mé ag obair ar cheol a chur ar chuid acu, bhí an-suim go deo aige ann. D'iarr mé cead air, ar ndóigh,

agus thug sé é le croí mór maith."

Chuir sé aistriúcháin chuig Pádraigín nár cuireadh i gcló cheana agus ansin na píosaí atá sa chnuasach, The Human Chain, trí dhán faoin teideal amháin, Colm Cille Cecinit.

Is scíth mo chrob ón scríbainn; Is Aire Chanaim Doire agus Fil Súil nGlais. "Sílim go léiríonn na dánta sin cad é chomh tábhachtach is a bhí an seanfhilíseanfhiliochtocht, Colm Cille agus Doire i saol Heaney," arsa Pádraigín. "A totally absorbing experience" a thug Heaney ar an togra. Ni nach ionadh, mar sin, go raibh Heaney féin míshásta nuair a cuireadh deireadh le maoiniú don amhránaí cónaitheach san ionad atá baiste as!

Oíche Aoine seo chugainn (12 Mean Fómhair), beidh

Pádraigín á tionlacan ag an fhidléir Zoe Conway agus an giotáraí John McIntyre ar an ardán ag Laurel Villa ar Bhóthar na hEaglaise i Machaire Fíolta.

D'iarr Pádraigín ar Zoe fonn a chumadh in onóir Shéamus agus beidh sé sin le cluinstin ar an oíche Chomh maith leis an triúr seo, beidh beirt bhanfhile, Medb McGuckian agus Leontia Flynn ag léamh a gcuid filíochta féin agus filíocht de chuid Heaney agus léifidh Leontia dán úr in ómós do Shéamus.

Mar sin, beidh dhá phíosa nuachumtha in ómós don fhile le cluinstin ar an oíche. Féile den scoth atá romhainn mar sin agus muid ag comóradh bliain ó fuair Seamus bás.

Tá gach eolas ar an suíómh idirlín ag www. onhomeground.com