News

An Droichead chun na Gaeilge agus neart siamsaíochta ar an bhealach

Féile An Droichead is a four-day festival celebration of Irish language and traditional music. With a programme of concerts, sessions, workshops and family events the festival will feature Moya Brennan and Cormac de Barra, Paddy Keenan and Steve Cooney, a night of Nova Scotian dance music and Väsen all the way from Sweden.

For tickets and more information, telephone 028 90 288818 or visit www.androichead.com

B hí an ghrian ag scoilteadh na gcloch inné, den chéad uair riamh, ní raibh sé ag cur baistí agus mé sa Dirty Onion, bhí cuideachta den scoth thart orm agus mar bharr ar an sonas, bhí Féile an Droichead á seoladh.

I m'intinn, ceanglaím i gcónaí an fhéile seo i ndeisceart na cathrach leis an spraoi agus agus an suáilce, ceol den chéad ghrád agus oícheanta malla! Níl mé ag rá go mbeidh sé difriúil arís i mbliana san fhéile a mheascann na healaíona agus an Ghaeilge, an tsiamsaíocht agus cainteanna suimiúla, súgradh agus dáiríre.

Ar ndóigh, is é an ceol is mó a mheallann daoine go Sráid Cúic agus ní bheidh a sárú le fáil ag deireadh mhí Lúnasa.

Tá an ceol traidisiúnta breá daonlathach ach tá uasaicme ann chomh maith agus beidh cuid de na huaisle sin ag glacadh páirte i bhFéile an Droichead a mhairfidh idir 21 - 24 Lúnasa.

Thit go leor againn faoi dhraíocht Moya née Máire Ní Bhraonáin nuair a chuir Clannad an ceol traidisiúnta in oiriúint do shaol ár n-óige sna 1970í agus níor tháinig meath ar a glór nó ar an ghrúpa ó shin. (Chonaic mé anuraidh iad.) Beidh Moya i gcuideachta Chormaic de Barra ar an Déardaoin 21 Lúnasa in Iarsmalann Uladh mar chuid d'Fhéile an Droichead.

I measc na n-uasal chomh maith, beidh an tAstrálach Steve Cooney agus fear na bpíb, Paddy Keenan.

Ce gur tháinig The Bothy BandBanddúchasach ar

an saol i 1975 tá a lorg le cluinstin sa cheol dúchasach sa lá atá inniu ann. Ar phríomhbhaill an ghrúpa, bhí Paddy Keenan ar an fhidil, duine de mhórcheoltóirí na linne go dtí aatán lá inniu.

Níor tháinig Steve Cooney go hÉirinn go dtí 1980 ach tá tionchar mór a imirt aige sin ó shin i leith. Níorbh fhada in Éirinn é gur thosaigh sé féin agus Keenan ag seinm le chéile. Ón taithí fhada sin a chluinfidh muid rithimí an cheoil, ó ríleanna ar ard-luas go dtí na foinn mhalla is uaigní i LárIonad an Droichead ar an Aoine, 22 Lúnasa.

Fada ó shin, bhí clár raidió agam agus ba bhreá liom ceol ó Cheap Bhreatáinn a chur ag dul. Ceol bríomhar siamsúil a bhí ann a chuir na cosa ag bogadaí agus an corp ag luascadh gan teip. Tá mé féin thar a bheith sásta go mbeidh duine de na ceoltóirí is aitheanta sa taobh sin tíre, an fidléir iomráiteach agus damhsóir, Troy McGillivray mar fhear a tí ar Chóisir Tí na hAlban Nua a bheidh ar siúl in An Droichead.

Oíche dhamhsa bríomhar agus scoth foinn Albanach atá geallta.

Tá sé de chlú ar An Droichead gur féidir leis ceoltóirí a mhealladh ó gach cearn den domhan agus bhí an grúpa Väsen breá sásta theacht go Béal Feirste le col tíre na Sualainne a chur inár láthair.

Tá an-ráchairt ar an bhuíon, Olov Johansson (nyckelharpa), Mikael Marin (viola) agus Roger Tallroth (giotár) agus tá an oiread sin de dháimh ag muintir Bloomington,

Indiana iontu gur ainmnigh siad sráid ina ndiaidh. Bíonn an tríréad go minic ag Celtic Connections agus d'obair siad le Dervish ar albam s'acu, AWinter's Tale.

Tá an choirm seo á cur ar sil i gcomhpháirt le Moving On Music ar an Domhnach 24 Lúnasa.

Anuas ar na coirmeacha móra seo, beidh seisiúin cheoil thraidisiúnta san ionad úr lár na cathrach,

The Dirty Onion ar Shráid an Chnoic/Hill Street.

Cé go bhfuil an Dirty Onion i lár na cathrach, tá Féile an Droichead fréamhaithe go láidir sa pobal agus an Ghaeilge ag a chroí. Déardaoin, 10am - 12pm beidh Maidin Caife ag An Droichead agus ceardlann ealaíne agus scéalaíochta 'oidhreacht roinnte' le Stephen Hall ar siúl - i gcomhpháirt le Misean Bhéal Feirste Thoir.

Ar 6.30pm, osclófar taispeántas Dharach Vallely, Laoch na Laochra in Iarsmalann Uladh.

Dé Sathairn agus Dé Domhnaigh, ón 10am - 4pm, beidh Dianchúrsa Gaeilge sa Graduate.

Ar a 1pm De Sathairn, tabharfaidh an Dr. Frank Costello caint ar thionchar An Ghorta Mhóir ar phobal Bhéal Feirste i dTeach Hatfield.

Ar an Domhnach, 24 Lúnasa

ar a 2pm, beidh Turas Seandálaíochta Bhéal Feirste le Ruairí Ó Baoill. Agus le clabhsúr dathúil a chur leis an fhéile, beidh An Droichead@Mela ar siúl i nGairdíní Botanic i bpéirtnéireacht le Arts Ekta.

Agus beidh pacáiste ar leith á chur ar fáil do isteach do na himeachtaí uilig chomh maith le lóistín dhá oíche - bricfeasta agus lón san áireamh ar £200 do bheirt.

n CEOL AN tSAMHRAIDH: Tolka as an Astráil ag seoladh Fhéile an Droichead sa Dirty Onion i mBéal Feirste inné agus iad ag fógairt leithéidí Paddy Keenan agus Moya Brennan agus Cormac de Barra a bheas ar Bhóthar Ormeau ag deireadh mhí Lúnasa