News

Lón machnaimh agus ceol den scoth le fáil ag Scoil Samhraidh John Hewitt

The John Hewitt Society presents a five-day festival of culture and creativity at The John Hewitt International Summer School, taking place from Monday 28th July - Friday 1st August at the Market Place Theatre & Arts Centre, Armagh.

T Á an-dúil agam in John Hewitt - agus ní mar gheall ar an teach tábhairne i Sráid Dhún na nGall i mBéal Feirste amháin.

Cé nach n-aontaím le cuid mhór de na smaointe atá i bhfilíocht s'aige, is fiú go mór plé a dhéanamh orthu agus sin raison d'etre Scoil Samhraidh John Hewitt a bheidh ar siúl in Ard Mhacha an tseachtain seo chugainn.

Arís, measaim go bhfuil cuid mhór ama curtha amú sa smaoineamh seo faoin "chúigeachas" nó provincialism ach seans go bhfuil sé níos ábhartha anois sa domhan domhandaithe ina bhfuil muid beo inniu ach, is iomaí imeacht a mheallfadh go hArd Mhacha mé don Scoil Samhraidh.

Beidh tús áite, ar ndóigh, ag Uachtarán na hÉireann, Michael DHiggins a thabharfaidh an chaint oscailte maidin Dé Luain seo chugainn.

Is cainteoir den scoth é an tUachtaran agus tá fís aige faoin dul chun chinn ar cheart don tír seo dul, mar sin, b'fhiú go mór an t-aitheasc seo a chluinstin. Éireannach eile a mheallfadh mé chuig Contae na nÚllghort is é Joseph O'Connor a chonaic mé i gCeanannas ar na mallaibh agus é ag plé a

labhair úir, The Thrill of it All. Beidh an lucht féachana faoi dhraíocht aige.

Tá bus Goldline curtha in áirithe agam cheana le Shreiking Sisters a fheiceáil. Seo dráma nó léamh faoi na sufraigéidí Éireannacha, Mrs Lilian Metge ach go háirithe, bean a thug iarraidh Ardeaglais Lios na gCearrbhach a bhuamáil i 1914!

Tá an dráma scríofa ag Carol Moore agus Maggie Cronin agus an mhaidin sin ag 9.45am, tabharfaidh Margaret Ward caint ar an streáchailt chun cearta vótála do mhná a bhaint amach.

Fanfaidh mé le Bernard McLavery a chluinstin agus an lá dár gcionn, labhróidh Eoin McNamee ar an sceinseir is déanai uaidh, Blue is the Night.

Arís, ní bheinn ag teacht le gach dearcadh a bheadh ag an cholúnaí, Mary Kenny, ach spreagfadh teideal a cainte, Dorothy Parker Made Me a Feminist, mé le cuairt a thabhairt ar Amharclann Phlás an Mhargaidh, ag 7.15pm, oíche Dhéardaoin. Nuair a bheidh Mary thart, pléisiúr mór atá i ndán agus Buíon Máirtín O'Connor ag seinm san amharclann.

An cúigeachas a bheidh faoi chaibidil arís Dé hAoine ach b'fhiú go mór amharc ar an chlár iomlán ag johnhewittsociety. org