News

Cad é chomh traidisiúnta is atá ceol na hÉireann agus cén todhchaí atá aige?

Robert McMillen was at the launch of Dr Martin Dowling's new book, Traditional Music and Irish Society: Historical Perspectives (Ashgate, £70) at the Red Box Recording Studios in Belfast. It turned out to be a relaxed, fascinating lecture with guest musicians illustrating the talk - and a glass or two of wine.

You can watch the whole thing at http://bit.ly/1q88UYI

B hí mé ag ócáid thar a bheith suimiúil oíche Luain i stiúideonna an Bhosca Dheirg do sheoladh leabhair Martin Dowling, Traditional Music and Irish Society.

Ni raibh sé cosúil le seoladh leabhair ar bith eile a raibh mé aige - agus bhí mé ag cuid mhór.

Thosaigh sé le dreasanna ceoil sular chuir Fintan Vallely i láthair agus cúpla smaoineamh dá chuid féin ar an cheol traidisiúnta, an dóigh a raibh brionglóidí acu sna 1960í go mbeadh tacaíocht stáit ann don cheol dúchasach agus go mbeadh sé á teagasc in ollscoileanna na tíre.

Inniu, tá an dá aisling fíoraithe - más lochtach féin an réadúlacht.

Ansin, léirigh Martin na smaointe atá ina leabhar agus léigh sleachta as.

Mar shampla, dúirt sé go raibh obair aige a chreidbheáil go raibh stair leanúnach ag ceol dúchasach na hÉireann a chuaigh siar go dtí an chian-aimsir agus atá beo beathach inniu.

Luaigh sé cuid de na tráchtairí ba luaithe ar Éirinn. Geraldus Cambrensis mar shampla, ar chuir muintir na

hÉireann déistin air, bhí sé féin in ann a rá go raibh ceol na hÉireann go hálainn ar fad, go raibh sé casta agus go raibh lucht a seinnte thar a bheith ealaíonta agus sciliúil. "The only thing to which I find that this people apply a commendable industry is playing upon musical instruments, in which they are comparably more skilful than any other nation I have ever seen," a scríobh, Geraldus (aka GearóForid na Breataine Bige) in 1187. "For their modulation in these instrumentsinstruments, unlike that of the Britons to which I am accustomed, is not slow and harsh, but lively and rapid, while the harmony is both sweet and gay."

Le himeacht na gcéadta, bhí cumhacht nach beag ag ceoltóirí na hÉireann - bhí siad ina staraithe, oideachasóirí, lucht bolscaireachta, idirghabhálaithe. Leoga, bhí siad chomh cumhachtach sin is gur tharraing siad aird údarás polaitíochta agus míleata an uasaicme Gaelaigh.

Thosaigh an próiseas go dtí gur athraíodh stádas na gcláirseoirí ó "from a dangerous inciter to Gaelic

sedition to a domesticated cultural trophy" (Alan Fletcher).

Tá a fhios againn faoi na ríleanna agus na poirt atá againn inniu agus a aithnionn muid mar repertoire an cheoil Éireannaigh ach cad e chomh fadbhunaithe is atá siad?

Bhíodh trí chineál ceoil ag na Gaeil - geantraí, goltraí agus suantraí ach níl a fhios againn cad e an cineál ceoil a bhí i gceist leis an triológ seo. Leoga, níl na rannóga sin le fail ach i leabhair amháin agus i réimse na miotaseolaíochta. Leoga, measadh go raibh an draíocht uilig sa chláirseach nó i sreanga an chláirsigh agus ní i meara an chláirseora.

Sin ráite, is léir gur daoine iad na Gaeil a raibh an-suim acu sa cheol agus sa dhamhsa. Ar an drochuair, b'éigean

dom an seoladh a fhágáil go luath ach is cinnte go bhfaighidh mé greim ar Traditional Music and Irish Society agus b'fhéidir agallamh le Martin agus beidh mé le leamh ar an nuachtán seo.

Tá dhá chaibidil a mbeadh suim ar leith agam iontu -James Joyce and Traditional Song agus Traditional Music and the Peace Process in Northern Ireland.

Dé Sathairn beidh mo thriail ar Dhoire le go gcluinfidh mé Salsa Celtica buíon a mheascann ceol traidisiúnta na hÉireann agus na hAlban agus ceol Chúba.

Agus oibríonn sé ar fónamh! Bhí an bhuíon i nDoire anuraidh ag seó amuigh faoin speir agus barbaiciú ar fail. An iarraidh seo, beidh siad sa Glassworks i Sráid Mhór Shéamais

n CEOL DOMHANDA: Salsa Celtica a bheidh ag seinm i nDoire Dé Sathairn agus ar chlé, cuid de na daoine a bhí páirteach i seoladh leabhair Martin Dowling oíche Luain (ó chlé) Robbie Hannan, Martin Dowling, Fintan Vallely agus Eilish Lavelle