News

Imeachtaí ealaíne mar a bheadh réaltaí iontu ag glioscarnach os cionn Loch Éirne

Robert McMillen looks forward (and back) to this year's Happy Days festival clebrating the work of Irish writer Samuel Beckett. happy-days-enniskillen. com

M ar a ar a dúirt Albert Steptoe faoi bhéillí Síneacha: "brúchtach amháin agus tá tú folamh."Tá imeachtaí ealaíne mar sin, fosta. Bíonn siad ar dóigh agus tú i láthair ach gan mórán maille, tá dearmad glan déanta agat orthu.Ní mar sin atá Féile Idirnáisiúnta Beckett in Inis Ceithleann mar a fuair mé amach anuraidh nuair a chuaigh mé cois Éirne don chéad uair le blaiseadh a fháil de shaothar an drámadóra Éireannaigh a bhfuil clú idirnáisiúnta air ach atá rud beag ró-choimhthíoch don ghnáthléitheoir.

Pléascann an fhéile an dearcadh sin mar cuirtear an iliomad imeachtaí i láthair ar dhóigh nach bhfuil ardnósach nó acadúil.

Ní dhéanfaidh mé dearmad choíche den leagan den Inferno de chuid Dante in Uaimheanna na hÁirse Marmair nó an turas báid go Duibhinis, bád ársa agus "manaigh" ann ár gcomóradh chun an oileáin le héisteacht le Adrian Dunbar agus a bhean ag leamh sleachta as saothair Beckett.Nó den craic agus den chuideachta i dtithe tábhairne Inis Ceithleann ach sin scéal

eile!I mbliana, beidh Finnegan's Wake de chuid James Joyce mar théama fríd an fhéile. (Bhí Beckett go mór faoi thionchar Dante agus Joyce. Leoga, rinne Beckett taighde do Joyce agus an Seoigheach ag scríobh Finnegan's Wake.) Léifidh a oiread Finnegan (agus Finn) agus is féidir an leabhar ó thús deireadh agus cluinfidh muid saothar iontach John Cage, Roaratorio: An Irish Circus on Finnegan's Wake - cé gurbh fhearr liom dá ndéanfaí an leagan Feirsteach, Owenvarragh, ach sin scéal eile.Beidh dhá leagan de Waiting for Godot le feiceáil ceann i bhFraincis - an teanga inar cumadh é sa chéad dul síos - agus i nGiúdais. (Tá an an tUileloscadh go láidir sa dráma agus ba í an Ghiúdais teanga na gcampaí géibhinn). Beidh ostheidil (surtitles) le feiceáil le linn na léirithe.

Léiríonn sé an meas atá ar an Fhéile ar bhonn idirnáisiúnta ná na healaíontóirí a bheidh i láthair in Inis Ceithleann an samhradh seo.

Beidh Klaus Maria Brandauer, a bhí in Out of Africa agus ina bhithiúnach Bond in Never Say Never Again i léiriú Gearmáinise de Krapp's Last Tape; beidh

an cumadóir Gavin Bryars ag léiriú an saothar is mo ráchairt dá chuid, Jesus' Blood Never Failed Me Yet agus léireoidh Adrian Dunbar arb as Fear Manach ó dhúchas dó dráma de chuid Beckett, Catastrophe. Beidh Germaine Greer agus John Simpson i láthair ach tá mé féin ag dúil ach go hairithe leis an iriseoir Ed Vulliamy a chluinstin. Chuala mé Ed ag caint le linn Banter Sessions de cuid Other Voices i nDoire agus bhí mé faoi dhraíocht aige agus é ag caint ar na cairtéil drugaí i Meicsiceo mar a raibh sé ag obair. Agus gheobhaidh muid deis saothar úr de chuid Steve McQueen, an Sasanach a bhain Oscar don scannán is fearr, Twelve Years a Slave. a fheiceáil.