News

Dearg le Fearg le Bunscoil Bheanna Boirche, Caisleán an Mhuillinn

Táimid dearg le fearg, Is tá bród inár nglór, Gaeil óga dhílis muid, Ag labhairt Gaeilge mar is cóir.

Is í teanga cheart na nGael í, Ag ár sinsir romhainn féin, Ba mhaith linn cothrom na féinne, Sin é ár mian.

Tá an Ghaeilge ar bharr na teanga Ag gach duine againn go léir, An teanga aoibhinn is ársa

atá, Fud fad an domhain faoin spéir.

Nach bhfuil níos fearr tuillte, Ag an teanga ghleoite seo, A bhí anseo linn le fada, Is a bheidh againn go deo?

Ach ní thig linn fanacht mar atá, Agus muid ag seasamh siar, Caithfidh rudaí bheith ceart is cothrom, Tá an méid sin iomlán fíor. Níl muid ag iarraidh

barraíocht, cothromas sin an mhéid, Tá Gaeilge chomh tábhachtach le teanga ar bith, Creid nó ná creid.

Éistigí linn anois a chairde, Le guth geal glórach Gaelach, Scairtimid amach os ard Le crógacht agus misneach,

Is Gaeil muidne, Is táimid iontach bródúil as, Níor mhaith linn anois, Ach cearta, cóir is meas.

News

Today's horoscope

Horoscope


See a different horoscope: