News

Tá Thor ar ais lena ollchasúr agus leadrán in áit an uafáis ag titim amach i Georgia

arvel Comics hero Thor (Chris Hemsworth), who headlined his own film in 2011 then swung his mighty hammer in yesteryear's summer blockbuster The Avengers, returns to save mankind in this big budget sequel directed by Alan Taylor ...

AN dtiocfaidh deireadh choiche le scannáin faoi laochra a eascraíonn ó Marvel Comics go deo na ndeor? Seo chugainn aris Thor, laoch a bhí mar phríomhcharachtar i scannán leis féin i 2011 sular úsáid sé a ollchasúr mar bhall de na Avengers anuraidh.

An iarraidh seo, tá sé ar ais leis an chine daonna a shábháil sa scannán ardbhuiséad seo de chuid an stiiúrthóra, Alan Taylor. Ta sé bliain o chlaraigh Thor leis na Avengers i dtroid chroga an domhan a shabhail. In aghaidh phrionsa Ascair, ta cine bunduchasach darb ainm na Malkeith a bhfuil sé de rún acu naoi ríocht mhiotaseolaíocht na Lochlannach a scrios. Níl sé ar acmhainn Odin (Anthony Hopkins) agus comhguaillíocht d'fhórsaí Ascair an t-ionsaí a stopadh, mar sin, síos arís le Thor ar thalamh na cruinne, áit a mbuaileann sé lena ghrá

geal, an réaltfhisiceoir Jane Foster (Natalie Portman), lenar scar sé ag deireadh an chéad scannáin. Déanann sé leithscéal, agus tosaíonn Thor agus Jane amach ar thuras contúirteach leis an lámh in uachtar a fháil ar na Malekith agus - mar bharr ar an donas - caitheann sé éirí mór lena bhithiúnach de dheartháir Loki (Tom Hiddleston). Tarlaíonn sé go dtiocfadh le Loki an difear a dhéanamh idir an bua uasal agus an díomua fuilteach.

n Tá Tom Elkins ar ais i suíochán an stiúrthóra do The Haunting In Connecticut 2: Ghosts Of Georgia, compánach lag anfann don chead scannán uafáis osnadúrtha a tháinig amach i 2009, inar insíodh scéal teaghlaigh amháin agus an choimhlint a bhí acu le fórsaí an oilc. Baineann The Haunting In Connecticut 2 úsáid as cuntais i gcaipéisí inar scríobhadh síos na himeachtaí scanrúla a tharla i dteach mhaistir staisiúin in Pine Mountain,

Georgia i Meiriceá, mar a chonaic bheirt bhan agus cailin óg iad, triír a bhfuil sé de mhí-ádh orthu an acmhainn bheith acu taibhsí a fheiceáil. Ar an drochuair,

ta script David Coggeshall lán cliché seanchaite. Nuair a chuireann an páiste ceist, cé bhí ina gcónaí sa teach roimhe, deir an mháthair, "Nobody honey.

That's why the bank gave us such a good deal," tá a fhios againn go bhfuil sceimhle romhain. Ófráileann bancanna margaidh maithe nuair atá

rúin dorcha, dainséaracha ceilte i dtithe. "The bad man saw me. Now he's coming..." arsa an cailín ach faoin am seo is cuma sa tsioc linn!