CUMANN carthanachta é Cinemagic a bunaíodh i mBéal Feirste 24 bliana
ó shin agus a bhfuil sé mar aidhm aige "oideachas, spreagadh agus ionspraid" a thabhairt do dhaoine óga agus sin a dhéanamh fríd an scannánaíocht - ní le iad a thabhairt chuig an phictiúrlann ach deiseanna a thabhairt dóibh bheith ag obair sa tionscal thar a bheith corraitheach seo." Sheol Joan McBurney-Keating Cinemagic le linn na féile ealaíona agus teicneolaíochta CultureTech i nDoire ag an deireadh seachtaine. (Má thig leat dul chuig
CultureTech - gabh!) Ach mar léiriú ar chomh mór is atá Cinemagic
anois, pléann siad le 35,000 duine óg gach bliain, ag cruthú deiseanna dóibh a gcruthaíocht a scaoileadh agus iad a stiúradh sa treo a bhfuil siad ag iarraidh dul ann.
Le 20 bliain anuas, tá páirt glactha ag leathmhilliún duine óg i Cinemagic agus táthar ag dúil leis sin a dhúblú sna trí bliana ata romhainn.
Mar a dúirt Pierce Brosnan, "Más mian leat bheith ag scríobh, ag stiúradh, ag léiriú, ag aisteoireacht sna scannáin nó i saol iontach seo na meán, beidh tú sa bhaile ag Cinemagic."