News

Scéal suntasach na Fadgies Gaelacha le haithris sa Cheathrú úr Ghaeltachta

The Irish language theatre company, Aisling Ghéar, invite you to step into the world of 'The Fadgies' in a new site-specific play written by Nuala Ní Neill with Bríd Ó Gallchóir and Piaras Donnelly. The Fadgies were native Irish speakers from Omeath who moved to Belfast in the 19th century working as fish and fruit sellers. They settled in Smithfield thus creating Belfast's first Urban Gaeltacht, later moving to the Falls Road where many of their descendants settled in what is now the city's Gaeltacht Quarter.

Today and next Wednesday at 1pm and 7pm, you can see The Fadgies performed in a typical Belfast terraced house but the audience is limited to 10 per show. You can book your place by calling 9020 8040.

T á dráma thar a bheith suimiúil ar cuid mhór cúiseanna le feiceail inniu agus Dé Céadaoin seo chugainn a thabharfaidh lear-gas iontach ar dhream daoine ar a thug muintir Bheal Feirste na Fadgies orthu cionn is gur chuala siad go leor acu ag rá "a Phaidí!" B'as Óméith Mara iad na Fadgies, cainteoirí dúchais Gaeilge a tháinig go Béal Feirste sa 19ú céad agus iad ag obair mar dhíoltóirí iasc agus torthaí. Lonnaigh siad in Smithfield agus b'amhlaidh a cruthaíodh chéad Ghaeltacht uirbeach Bhéal Feirste. Bhog siad ar ball chuig Bóthar na bhFál, áit ar chuir cuid mhaith dá sliocht fúthu sa cheantar arb é Ceathrú Ghaeltachta na cathrach é sa lá atá inniu ann.

Anois, ta dráma nua-aimseartha 30 nóiméad suíomhoiriúnaithe (site specific) dar teideal Na Pháidithe le leiriu i dteach tipiciúil sraithe de chuid an 19ú céad in iarthar Bheal Feirste. Is ollamh in Ollscoil na Ríona í Maggie atá i mbun aip a fhorbairt d'Iarsmalann Uladh. Tá a nia ag stopadh léi agus é

ag obair ar a thráchtas ollscoile, Athbheochan na Gaeilge i mBéal Feirste. Trí mheán spléachtaí siar, tugtar siar in am muid chuig blianta deiridh an naoú haois déag, áit a mbuailimid le Nóra Marley agus a nia siúd, Aodh, atá i ndiaidh theacht ó cheantar tuaithe le bheith ag obair sa Mhargadh le linn an tsamhraidh. I dtreoirleabhar do Bhéal Feirste a foilsíodh in 1856, tá an iontráil seo a leanas: "I margaí Smithfield, gach aon lá, bheadh seithí, féar, cochán, earraí peidléara, troscán idir shean agus nua, sean-iarann, soláthairtí muirí agus seanéadaí, móin dair phortaigh, táirgí plandlann agus gach cineál planda gairdín, glasbheathú do na beithígh, éisc, im agus cáith-leach choirce ar fáil." Tréimhse ríshuimiúil a bhí ann a thug carachtair ríshuimiúla ar an saol. Ailí Ní Mhuireagáin, mar shampla, mangaire chomh rathúil sin gur ghnách léi a mhaíomh go bhféadfadh sí ceann tuí a chur ar Mhargadh Naomh Seoirse lena raibh de nótaí £5 aici. Agus an mairnéalach a chónaigh in Smithfield agus a d'i

nis scéalta faoi phobal dúchais Mhontsarat bheith ag labhairt Gaeilge. Cuirfear ar an eolas thú fosta faoi 'diglossia' agus faoi thion-char na himirce agus Chóras Oideachais na Scoileanna Náisiúnta. Ó tharla go mbeidh an léiriú seo ar siúl i dteach taobh leis an Chultúrlann, tá teorainn deichniúir (10) leis an lucht féachana. Tiocfar le chéile roimh ré sa Chultúrlann, 216

Bóthar na bhFál, áit a bhfaighfear treoir chuig an léiriúl. Cuirtear fáilte romhaibh is-teach le haghaidh cupán tae agus scéal nó dhó. Is léiriú dátheangach Gaeilge/ Béarla é Na Pháidithe atá arna léiriú i gcomhar le Cultúrlann McAdam Ó Fiaich agus arna mhaoiniú ag Clár na Nasc Cultúrtha de chuid Chiste Idirnáisiúnta na hÉireann.