News

Flleeaaddhh LLiivvee

M URA dtig leat do bhealach a dhéanamh go Doire - cad chuige? - beidh tú in ann an

chuid is fearr den cheol a chluinstin - a bhuíochas do Fleadh Live ar an idirlíon. Beidh na hoirfidigh is aitheanta atá againn á gcraoladh beo ó Fhleadh Cheoil na hÉireann i nDoire ón Chéadaoin, 14ú - Domhnach 18ú Lú-nasa gach lá ar TG4, www.tg4.tv agus fleadhcheoil.ie Chomh maith le plúr na gceoltóirí is aitheanta dá bhfuil againn, beidh ceol ar an toirt á chraoladh ó shráideanna Dhoire agus na mílte ceoltóirí idir óg agus aosta ó gach cearn den tír agus ón choigríoch i mbun ceoil i gcuideachta bhuaiteoirí chomórtas na Fléidhe. Cuirfidh leithéidí Síle Ní Bhraonáin agus Lynette Fay na seónna i láthair agus beidh Gino Lupari i mbun seónna atá bunaithe ar fhormaid Later... with Jools Holland os comhair lucht beoga féachana. I measc na ngrúpaí a bheas le cluinstin, beidh Flook, Cara Dillon, Liz Carroll, The Friel Sisters, The Campbells of Greebe, Tim Edey & Brendan Power, Máiread Ní Mhaonaigh, Kevin Crawford, Buille, Damien O'Kane, The Battlefield Band, Pauline Scanlon agus Barry Kerr, agus cuid mhór eile. Osclóidh Take The Floor 2013 (ina mbeidh Beoga) an chéad seó.