News

Mothaigh an grá - tá an saoiste agus a bhuíon E-Street i mBéal Feirste anocht

It's six and a half years since Robert McMillen saw Bruce Springsteen and the E-Street Band play to an ecstatic audience in the Odyssey in Belfast. Here he looks back at what was one of the best concerts he was ever at, to the reasons why Bruce is still the Boss in Ireland and what we can expect tonight ...

T Á clú agus cáil ar choirmeacha Bruce Springsteen ní mar gheall ar bholscaireacht a chruthaítear in oifigí chomhlachtaí margaíochta, ach mar gheall ar scéal scéil, fianaise ó fhinnéithe lúcháireacha a chonaic an taibhseoir raic is fearr ar domhan agus a spréann an soiscéal. Is dócha go mbeidh an oíche anocht taobh amuigh de Halla an Rí mar a gcéanna. Chonaic mé féin Bruce sé bliana ó shin san Odyssey i mBéal Feirste, oíche fhuar gheimhridh i mí na Nollag ach b'iontach an spin a bhí ar an slua daoine agus iad ag fanacht leis na doirse oscailt. D'éirigh an scuaine ní ba chuinge a fhad leis na bacainn agus nuair a scaoileadh saor iad, bhí sé mar a bheadh corc á bhaint de bhuidéal Champagne, fuadar faoin tslua bheith chomh cóngarach don ardán - agus don teas - taobh istigh. Bhí sé cosúil leis an atmaisféar oíche lae Nollag agus na páistí ag fanacht go mífhoighneach ar theacht Dhaidí na Nollag lena mhala ag cur thar maoil le bronntanais iontacha. Nuair a d'fhógair an cheist "Is there anybody alive out there?" go raibh Springsteen ina measc, chuaigh an uile dhuine ar mire glan! Thosaigh an choirm le *Radio Nowhere, amhrán fuinniúil corraitheach ón albam ba dhéanaí uaidh, *Magic, ach cheol sé é leis an oiread sin paisin agus an E-Street Band á thionlacan go raibh sé cosúil le encore, bhí an oiread sin teasaíochta cruthaithe aige. Ar feadh dhá uair a chloig, níor mhaolaigh sé. Fiú na hamhráin úra, bhí siad mar sheanchairde an lucht éisteachta a raibh an uile fhocal - agus gach geáitsíocht - de ghlanmheabhair acu. Dá mba coir é Spreagadh chun Damhsa, bheadh Springsteen ag caitheamh 20 bliain i Sing Sing. Sin an rud is suntasaí faoina chuid amhrán, thig leat sult a bhaint astu ar leibhéal ar bith is mian leat - mar jukebox hits nó

thig leat treabhadh níos doimhne agus an fearg a aimsiú go héadomhain faoin dromchla. Is é *Wrecking Ball an t-albam is déanaí ón Saoiste agus freagairt fhear New Jersey ar an chúlú eacnamaíochta agus an drong atá ciontach as.

San amhrán, *Shackled and Drawn, ceolann sé: "Gambling man rolls the dice, workingman pays the bill/It's still fat and easy up ón banker's hill/Up ón banker's hill, the party's going strong/Down here below we're shackled and drawn." Mar is gnách ina shaothar, bíonn daoine aonair sna hamhráin leis an phictiúr mór a léiriú. De ghnách, scríobhann sé faoin chosmhuintir ach ar an albam seo, scríobh sé faoi dhaoine a chaith carbhait lena gcoiléar bhána. Tá an iliomad stíl in *Wrecking Ball ach is dócha go gceolfaidh sé *Death to My Hometown anocht, amhrán a bhfuil blas láidir Éireannach leis. Is furasta a thuigbheáil cad chuige a bhfuil daimh ag muintir na hÉireann le Springsteen ó thainig sé anseo don chéad uair ar cuireadh ó Jim Aiken le coirm a dhéanamh ag Cnoc Sláine i 1985. Chuaigh an oiread sin againn go Meiriceá ar na bádaí báis go dtí Virgin Atlantic go bhfuil daimh againn leis an Oileán Úr agus lena mhuintir, sliocht ar sleachta go

leor acu.

Ní raibh Harley Davisons nó turnpikes againn i mBéal Feirste i 1975 ach shantaigh muid an tsaoirse dalta na gcarachtar in *Born to Run; bhí muid ag amharc sa scáthán meafarach nuair a mheabhraigh muid na carachtair a atá in *The River agus is minic a bhíonn *Hungry Heart ionann uilig. Clúdaíonn Springsteen na hamhráin seo, an ghné phearsanta agus an ghné pholaitiúil, le ceol spreagúil a ghríosaíonn muid chun damhsa agus/nó chun smaointeoireachta. Ach tuigeann Springsteen nach nathróidh a chuid amhráin a dhath. "The mighty E-Street Band isn't here to change things - we're gonna sing about it. See where that takes us," a dúirt sé san Odyssey. Ach déarfainn gur cuma leis an lucht éisteachta Beidh muid taobh amuigh de Halla an Rí anocht, na cailíní ina ngúnaí samhraidh, agus muid ar bís seoda saothar 40 bliain an fhir a labhraíonn go neamhbhalbh ar son na cosmhuintire fríd chuid de na hamhráin is spreagúla dar scríobhadh riamh.

? ? Osclófar na doirse ar a 5pm ag Halla an Rí anocht agus tosóidh an choirm ar a 7pm - tifidh mé ansin sibh!