News

Más mall is mithid dul i ngleic le fadhbanna na n-iasachtaí lá pá

A cclleeaann--uupp ooppeerraattiioonn iiss ttaakkiinngg ppllaaccee iinn w whhaatt iiss

c caalllleedd tthhee ppaayyddaayy lleennddiinngg iinndduusst trryy..

Soo w whhaatt ddooeess tthhee ffuuttuurree hhoolldd ffoorr tthhee ssh hoorrtt-t teerrm m llooaannss sse eccttoorr?? Viicckkyy SShhaaw w rreeppoorrttss

T á daoine a thugann amach iasachtaí ar lá pá ag teacht faoin spotsolas arís agus díospóireacht fhíochmhar ar siúl faoin bhealach is éifeachtaí le dul i ngleic leis na fadhbanna seanbhunaithe atá aimsithe ag an Office of Fair Trading (OFT). Tá ráite ag an foras fáire trádála go bhfuil na fadhbanna a d'aimsigh siad fréamhaithe chomh domhan sin i gcroí an tionscail, gur chuir siad faoi bhráid an Competition Commission iad, eagraíocht níos sinsearaí a dhéanfaidh a iniúchadh féin. I measc na ndroch-chleachtais forleathan a dtáinig an OFT orthu, bhí an cleachtas i measc iasachtóirí an bhéim a chur ar chomh gasta is atá sé iasachtaí a fháil agus ní ar chostais arda na hiasachta céanna, rud a chiallaíonn go roghnaíonn iasachtaithe atá ar an ghannchuid an beart is gaiste gan measúnaithe eile a fháil sula ndéan siad cinneadh. Tá fianaise ann go bhfuil comhlachtaí airithe ag díriú ar iasachtaithe a bhfuil fadhbanna móra airgeadais acu sa dóigh is go mbeidh orthu an dara nó an tríú hiasacht a fháil uathu go dtí go n-imíonn na haisíocaíochtaí as riocht ar fad. Mar thoradh air seo, tá an tiasachtaí ceangailte go dlúth le lucht na n-iasachtaí agus gan é ar a n-acmhainn dul chuig duine ar bith eile. Tá cumainn charthanachta a bhfuil saineolas acu ar chúrsaí fiacha i ndiaidh a chur i leith an lucht iasachta go bh

fuil siad "ó smacht" agus tá ráite acu go bhfaca siad cásanna ina raibh daoine ar meisce nó a raibh galair mheabhrach orthu nuair a ghlac siad iasachtaí. Tá figiúirí iontacha i ndiaidh theacht chun solais fosta. I gcas amháin a chonaic an cumann carthanachta StepChange, bhí fiacha £1,830 ar dhuine cé nár ghlac siad ach iasacht £120 sa chéad súl síos. Bhí níos mó ná cúig iasacht lá pá ag daoine a rinne teagmháil le StepChange anuraidh, 7,000 duine cé nach ndearna ach 700 duine teagmháil leo i 2009. Ag an am céanna, as an 50 comhlacht is mo a ndearna an OFT staidéar orthu, theip ar 38 acu cloí le riail amháin ar a laghad as na rialacha atá leagtha síos ag Fear an Pobail (the ombudsman). Ar shuímh idirlín 30 ceann de na comhlachtaí iasachta, chuir siad an bhéim ar a gaiste is a d'fheadfaí daoine a lámha a fháil ar airgead beag beann ar an chostas. Fuarthas amach go raibh suas le caoga faoin chéad d'ioncam na n-iasachtóirí saothraithe as na costais bhreise agus ús ar iasachtaí nár íocadh in am. Ach cad é is féidir leis an Competition Commission a dhéanamh? Tá cumhachtaí ina sheilbh le cosc nó le bac a chur ar tháirgí nó margadh iomlán a athrú. Mairfidh a iniúchadh féin suas le 18 mí le é a chríochnú ach b'fhiú é - tá sé de chlú ar an Choimisiún go dtabharfaidh siad aghaidh ar na fad

hbanna bunúsacha sa dóigh is nach ndéanfar na meancóga céanna arís. Mar shampla, bhí sé gníomhach i scannal an PPI (payment protection insurance) agus mhol sé constaicí diana ar dhíol polasaithe PPI. Tá dianteannadh breise (a further clampdown) le theacht ó rialtóir úr dian (tá súil againn) an FCA (Financial Conduct Authority), a bheas freagrach as iasachtóirí lá lá a rialú ó mhí Aibreáin na bliana seo chugainn agus a mbeidh an cumhacht aige fadhbanna a réiteach gan mórán moille. D'fhéadfadh an FCA teorainn a chur ar rátaí úis agus ar thar-rollta (rollovers) atá ceadaithe, dá mba mhian leis. I ndiaidh cruinniú mullaigh ar an tionscal ar na mallaibh, thug an FCA go raibh siad ag meabhrú ar chosc a chur ar

fhógraíocht d'iasachtaí lá pá. I mblag ar shuímh idirlín NICVA, Eoin on...payday poverty, cuireann Eoin Rooney síos ar na forbairtí seo ach deir sé, is cuma cad é a thiocfaidh ón Choimisiún nó ón FCA, go bhfuil dul chun cinn riachtanach ar scala níos leithne le cinntiú nach mbeidh ar dhaoine dul i dtuilleamaí na n-iasachtóirí seo fríd aghaidh a thabhairt ar an dífhostaíocht agus ar an phá íseal agus cinntiú go bhfuil tarrtháil ann do dhaoine a theann ar strae. "Sa chomhthéacs seo, b'ábhar imní é aitheasc George Osborne - Seansailéara i dtréimhse mharbhántacht eacnamaíochta, ag cur an loicht ar dhífhostaithe nó ar bheagán airgid, ag maolú an líontáin shábhála sóisialta agus á dtreorú i dtreo na niasachtóirí seo," ar sé