News

Pósadh, páistí agus adhlacadh in aiséirí dhráma Marie Jones

Anyone with a pulse will find much to enjoy in Weddins, Weeins and Wakes, Marie Jones at her cleverest and funniest, capturing local life in its most colourful form. At the heart of this engaging story are neighbourhood biddies Mona and Molly who gossip into life the daily trials and tribulations of the Watson family: rearing their families, marrying them off and then burying them.

Previews & early run matinees £15 (first two weekends after opening); Off-Peak (Tue & Wed 7.45pm & Matinees) £22.50. Peak (Thu - Sat 7.45pm) £24.50. Schools £10 (Off-Peak Performances only)

T á dráma eile suite i measc Phrotastúnaigh oirthear Bhéal Feirste ag teacht chuig ardán an Lyric an mhí seo ach in áit na tragóide a bhí in Mixed Marriage, bheidh an lucht féachana sna trilsí gáire an iarraidh seo. Tá sé dhá bhliain déag ó chonacthas an dráma thar a bheith rathúil de chuid Marie Jones, Weddins, Weeins and Wakes ar ardán Amharclann an Lyric ach is é an dea-scéal é go bhfuil an dráma grinn ar ais ag an ionad chéanna, ag toiseacht an tseachtain seo.

Insíonn Weddins, Weeins and Wakes scéal ciorcal saoil clainne in oirt-hear Bhéal Feirste ina bhfuil bua na hoiriúnachta (survival of the fittest) go mór chun cinn agus ceol nuachumtha Trevor Moore á ghluaiseacht ar aghaidh. Ní amháin gur clann mór amháin atá sna carachtair ach tá an dráma seo de chuid Marie Jones á stiúradh ag a fhear cheile, Ian McElhinney agus tá a mac siúd, Matthew McElhinney, i measc na n-aisteoirí. Tá beirt aisteoirí a bhí sa chéad léiriú ar ais don cheann seo, Katie Tumelty, a bhí chomh maith sin in

Mixed Marriage agus Sean Kearns atá ar ais ó West End Londain, áit a raibh sé sa cheoldráma, Billy Elliot. Ag croí an scéil, tá beirt sheanbhan cainteacha, Mona (Tumelty) agus Molly (Jones) a bhíonn ag síorspréadh ráflaí faoi achrainn laethúla an tsaoil a chránn muintir Watson: ag tógáil clainne, á mbrú i dtreo an phósta chomh gasta agus is féidir agus ansin á n-adhlacadh. Tá grúm Wendy (the fishwife to be mar a chuirtear síos uirthi) ar meisce agus b'fhearr léi go mbeadh Robbie Williams ag an altóir taobh léi. Tá bruíon agus gáire go leor agus lucht na bainise cruinn in ionad pobail, na clanna i gcoimhlint lena chéile, an t-easaontas meisciúil agus an suirí amscaí.

Uaidh sin, tá muid bailithe le chéile ar an 12ú Iúil agus duine de mhuintir Watson ag súil le breith agus duine eile acu réidh le himeacht ar shlí na firinne. Ar an fhoireann aisteoireachta, tá: Roisin Gallagher, Marie Jones, Sean Kearns, Marty Maguire, Matthew McElhinney, Kerri Quinn and Katie Tumelty. Deir Marie Jones go bhfuil sé ar

dóigh bheith ar ais ag aisteoireacht ar staire an Lyric. "Chuir an oiread sin daoine ceist orm le linn na mblianta cá huair a raibh an seó ag teacht ar ais," ar sí. "An t-am deireanach, bhí an léiriú le mairstin ar feadh seachtaine ach b'éigean é a shíniú bhí an oiread sin ráchairte air." Agus cad chuige a raibh an oiread sin dúil ag daoine ann, dar lei? "Déarfainn féin gur seó é atá greannmhar, a athmhúsclóidh joie de vivre daoine agus a chuirfidh aoibh mhaith orthu. Mura dtiocfaidh an ghrian ar ais gan mórán moille, beidh rud éigin de dhíth orainn le cian a thógáil dínn." Deir Maire go mbaineann an dráma go príomha le pobal agus le ceil-iúradh, gnéithe de phobal ar bith agus ní amháin i mBéal Feirste. "Mar atá a fhios agat, is dócha, bíonn mothúcháin láidre i bhfeidhm go minic nuair atá teaghlaigh ag ceiliúradh agus as sin a eascraíonn an greann agus an dráma. "Déanann sé ceiliúradh ar bhéarlagair Bhéal Feirste chomh maith," arsa Marie.

? Cad é a tharlódh dá dtiocfadh

beirt de na cumadóirí is cruthaithí ó thuaidh le cheile le comhoibriú le buíonta ón Londonderry Bands Forum?

Beidh a fhios agat má bhíonn tú sa Playhouse i nDoire ar an 21ú Meitheamh. Ó mhí na Samhna 2012, d'oibir na cumadóirí Brian Irvine agus Sid Peacock le corradh le 100 ball den Burntollet Sons of Ulster Flute Band, Caw Flute Band, East Bank Protestant Boys Flute Band agus Pride of Orange and Blue Flute Band. Le linn shraith ceardlanna a bhí ar siúl ag ghnáthsheisiúin chleachaithe ó chistiní go hallaí pobail, rinne na rannpháirtithe in

iúchadh ar a gceol féin agus roinn siad smaointe faoi fhorbairt a stórais ceoil agus cur chun cinn a stíle. Thug Sid agus Brian léargas ar a gceol féin agus an dóigh a gcumann siad ceol agus iad ag dul i gcuideachta lucht na mbuíonta ar thuras "taobh thiar den mháirseáil" nó "Be-yond The March". Ón mheascán mearaí seo de thraidisiúin cheoil, tá saothar úr cruthaithe a chluinfear don chéad uair i nDoire ar Lá Cheol na Cathrach/Music City Day ar an 21ú

Meitheamh.

Chomh maith le 75 bhall na buíonta, beidh ceathrar ceoltóir snagcheoil ag seinm ar an ócáid speisialta seo.

? SOLAS: Roisin Gallagher agus Sean Kearns i radharch ó dhráma Marie Jones, Weddins, Weeins and Wakes a bheas ar siúl in Amharclann an Lyric i mBéal Feirste idir an 13ú Meitheam go dti an 7ú Iúíl. Pic : Steffan Hill