Irish-Language

Ag teacht ar an saol as an úr - mar a chaith Gael amháin seal in Eacuadór

<strong>PAT AGUS MARTITA RICE:</strong> Ph&oacute;s Pat agus Martita ina t&iacute;r dh&uacute;chais, Eacuad&oacute;r, 17 mbiana &oacute; shin agus is ioma&iacute; cuairt a thug siad ar an t&iacute;r ar chrios na cruinne. Th&iacute;os, t&aacute; abhainn an Napo, an fho-abhainn is m&oacute; de chuid na hAmas&oacute;ine, ar chaith an l&aacute;n&uacute;in turas 10 n-uair a chloig air &nbsp;
PAT AGUS MARTITA RICE: Phós Pat agus Martita ina tír dhúchais, Eacuadór, 17 mbiana ó shin agus is iomaí cuairt a thug siad ar an tír ar chrios na cruinne. Thíos, tá abhainn an PAT AGUS MARTITA RICE: Phós Pat agus Martita ina tír dhúchais, Eacuadór, 17 mbiana ó shin agus is iomaí cuairt a thug siad ar an tír ar chrios na cruinne. Thíos, tá abhainn an Napo, an fho-abhainn is mó de chuid na hAmasóine, ar chaith an lánúin turas 10 n-uair a chloig air  

QUATRO MUNDOS a thugann lucht turasóireachta Eacuadór ar thír s’acu ar chósta thiar-thuaidh de Mheiriceá Theas agus tá Gael amháin ann a bhfuil aithne mhaith aige ar an cheithre limistéar sin, mar Phádraig Ó Maolchraoibhe.

Beidh Pat i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich amárach le leabhar dá chuid, Ar Chrios na Cruinne: Gael in Eacuadór  a sheoladh.

Agus é óg, bhí an-suim ag Pat i dteangacha, ag foghlaim Gaeilge ag ranganna oíche, an Fhraincis agus é ar scoil agus an Iodáilis ó leabhar Teach Yourself a fuair sé ón leabharlann.

“Bhain mé céim sa Ghaeilge agus sa Fhraincis amach agus nuair a thosaigh mé ag teagasc i Scoil na Mainistreach in Iúr Cinn Trá, cad é a cheannaigh mé ach Teach Yourself Spanish!” a mhíngh sé dom. 

D’fhorbair sé a scileanna Spáinnise go dtí go raibh sé ábalta úrscéalta a léamh agus b’in an teanga a d’oscail doirse do Phádraig nár shamhlaigh sé riamh.

Mar fhear óg a raibh suim aige i gcúrsaí polaitíochta, thaisteal Pat go Tír na mBascach áit ar oibir sé mar mhúinteoir Béarla.

“Ba bheag Bascais a bhí á labhairt an t-am sin cionn is go raibh Franco i réim go fóill sa tréimhse sin idir 1968-1971,” ar sé. 

Chuaigh Ó Maolchraoibhe go Meiriceá Theas den chéad uair mar oibrí polaitíochta de chuid Shinn Féin.

“Bhí mé in Uragua, i Montevideo ag cruinniú de Foro Sâo Paolo, fóram a thugann eagraíochtaí den eite chlé le chéile agus thug mé cuairt eile ar iontais thíortha Mheiriceá Laidiní le Martita, arb as Eacuadór í féin, in 2003,” arsa Pat.

Ba le linn an turais sin, a chinn Pat agus Martita, ar saineolaí ar an Trádáil Idirnáisiúnta í, ar phósadh agus d’fhill Pat ar an Eacuadór le í a phósadh i mí Meán Fómhair, 2004.

Chaith an lánúin bliain go leith thall, ag taisteal ar fud na tíre. 

Ní nach ionadh mar sinm go raibh sé in ann an leabhar gleoite seo a chur le chéile faoin tír atá baiste as crios na cruinne ach atá inaitheanta ag go leor daoine, dar le fear Chamlocha.

“Tá Eacadór níos mó ná mar a shíleann daoine,” a mhíníonn Pat.

“Tá cuma bheag bhídeach air ina shuí in iarthuaisceart Mheiriceá Theas ach tá sé chomh mór le Sasana, Albain agus an Bhreatain Bheag le chéile ach níl ina gcónaí ann ach 17 milliún duine.”

Le linn dó bheith ansin, chuir sé aithne ar chuid mhór de bhunadh na háite agus ar charachtar s’acu.

“Deir Dónal Mac Murchaidh, atá pósta ar chailín as Meicsiceo, gur shíl sé go mbeadh Meicsiceo cosúil leis an Spáinn ach gur mhothaigh sé gur beag cosúlacht a bhí eatarthu cé go bhfuil an teanga chéanna á labhairt sa dá thír.

“Dúirt Dónal go raibh sé ‘cosúil le teacht ar an saol as an nua’ bhí achan rud chomh difriúil sin.

‘Tá sé mar a gcéanna faoi Eacuadór,” arsa Pat.

“Ní hionann an teanga a labhraíonn muid i mBéal Feirste agus an teanga a labhraítear in Bilbao ach tá Béal Feirste níos cosúla le Bilbao ná mar atá Bilbao cosúil le Quito, príomhchathair Eacuadór,” ar sé.

Mar shampla, nuair a thuirling sé ón eitleán in Quito, bhí an teaghlach sínte ar fad ann le fáilte a chur roimhe, nós nach gcleachtaítear in Éirinn agus ar theacht amach as an aerfort, bhí daoine gléasta go gleoite in éadaí ildaite dúchasacha.

As an ceithre “dhomhan” atá in Eacuadór - na sléibhte, an cósta, An Amasóin agus na hOileáin Galápagos, cad é an ceann is mó a thaitin le Pádraig?

“Oh, mura mbeadh cead agam ach ceann amháin a roghnú, roghnóinn na sléibhte,” ar sé.

“Tá na hOileáin Galápagos go hiontach, tá ainmhithe agus éanacha ansin nach bhfuil áit ar bith eile ar domhan mar a fuair Charles Darwin amach.

"Níl mé iontach tugtha don chósta cé go bhfuil tránna galánta ann ach is fearr liom féin aibhneacha.

“Tá caibidil sa leabhar faoi thuras a rinne muid ar abhainn an Napo, turas 10 n-uair a chloig a bhí ann agus mé féin an t-aon choimhthíoch amháin ar an bhád. Taithí dochreidte a bhí ann,” arsa Pat siúlach scéalach.

:: Seolfaidh Máirtín Ó Muilleoir Ar Chrios Na Cruinne: Gael in Eacuadór i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich amárach ar a 1pm.