Irish-Language

Scannán nua a mhúsclóidh cuid mhór ceisteanna ionat faoi cad is duine ann

<b>ATHAIR NA gCIBEARG: </b>T&aacute; s&eacute; amuigh ar an Dr Phil Kennedy&nbsp;gurbh &eacute; ba th&uacute;isce a l&eacute;irigh gur f&eacute;idir le daoine a bhfuil parailis orthu cumars&aacute;id a dh&eacute;anamh agus gan iad ach ag &uacute;s&aacute;id a n-intinn&iacute;.&nbsp;
ATHAIR NA gCIBEARG: Tá sé amuigh ar an Dr Phil Kennedy gurbh é ba thúisce a léirigh gur féidir le daoine a bhfuil parailis orthu cumarsáid a dhéanamh agus gan iad ach ag úsá ATHAIR NA gCIBEARG: Tá sé amuigh ar an Dr Phil Kennedy gurbh é ba thúisce a léirigh gur féidir le daoine a bhfuil parailis orthu cumarsáid a dhéanamh agus gan iad ach ag úsáid a n-intinní. 

Father of the Cyborgs ar cheann de na scannáin faisnéise is fearr atá feicthe riamh agam ar an iliomad cúiseanna – cionn is go dtógann sé an oiread sin ceisteanna ar leibhéil éagsúla, cionn is go

gcuireann sé brú orainn machnamh ar cad is daonnacht ann, cionn is go léiríonn sé fear as an ghnáth a raibh sé de mhisneach aige turgnamh a dhéanamh ar a intinn féin cionn is go mbeadh an t-eolas a gheobhadh sé le leas an chine dhaonna.

Phew! 

Insíonn Father of the Cyborgs scéal an néareolaí Éireannaí, Dr Phil Kennedy.

Míníonn an Muimhneach gurb é obair a shaoil ná na comharthaí leictreacha a oibríonn san intinn a cheangal le ríomhairí. 

Ach ní aon Dr Frankenstein é Phil Kennedy, is fear uasal é arb é leas an chine dhaonna an chloch is mó ar a phaidrín.

Le híoróin a deirim sin mar níl a fhios agam an dtarlódh a leithéid d’obair dá mbeadh an creideamh chomh hídithe is atá sé sa lá atá inniu ann.

Creideann Kennedy go bhfeabhsóidh ríomhairí intinn an duine, tá muid ag cur feabhais ar an intinn leis na mílte bliain. 

Ní hionann intinn an Néandartálaigh agus intinn chine daonna an lae inniu, dar leis, ach tá ceisteanna tromchúiseacha eiticiúla faoin rud ar a dtugtar Brain-Computer Interfacing, is é sin comhéadan (nó nasc) a dhéanamh idir intinn duine agus ríomhaire.

Chaith an Dr Kennedy blianta ag déanamh staidéir agus ag déanamh turgnamh sula raibh sé muiníneach go leor turgnamh a dhéanamh ar dhuine.

“Ba é an aidhm a bhí agam ná cuidiú le daoine a raibh siondróm iniata (locked in syndrome) orthu cumarsáid a dhéanamh,” ar sé.

Níl cóir leighis ar bith eile ar fáil acu seo nó ag daoine a bhfuil pairilis orthu mar thoradh ar stróc nó ar thaisme bhóthair.

Ba é John Daniel Ray an chéad chibearg (cyborg) ar domhan.

(Is é atá in cibearg ná meascán d’ábhar daonna agus uirlisí leictreonacha.)

Bhí parailis ar John Day i ndiaidh stróic agus ní raibh sé ábalta bogadh ar dhóigh ar bith, nó labhairt féin.

Tugadh cead do Phil Kennedy leoctreoidí (electrodes) a chur ina intinn, cheangail siad seo le ríomhaire ar a raibh méarchlár agus bhí John in ann a ainm a litriú ar scáileán – gan úsáid a bhaint as a dhath ach comharthaí leictreacha a intinne.

Rinne an Cinnéideach, a rugadh i Luimneach, turgnaimh ar chúigear eile agus shílfeá go mbeadh an-ráchairt ar an Dr Kennedy mar gheall ar na héachtaí a bhí sé á dhéanamh mar léirigh siad impleachtaí dearfacha do dhaoine faoi mhíchumais ollmhóra ach bhí obair aige maoiniú a fháil a chuirfeadh a chuid oibre chun cinn.

Mar sin de, chinn sé féin go ndéanfadh sé turgnamh ar a intinn féin, go rachadh sé go dtí an Bheilís (Belize), áit a raibh foireann a raibh muinín aige iontu an obráid a dhéanamh mar ba cheart ach ag an am céanna, thuig sé go raibh sé á chur féin sa chontúirt go bhfágfaí le damáiste inchinne.

Má bhí a theaghlach buartha, ba chuma leis mar bhí sé tiománta dá chuid oibre a chreid sé go diongbháilte go ndéanfadh sé an saol níos fearr don iliomad daoine.

Leanann an scannán an Dr Kennedy chun na Beilíse agus feiceann muid cuid den obráid – ar éirigh leis.

Cad chuige a ndéanfadh duine a leithéid, é féin a chur i gcontúirt?

Téann Father of the Cyborgs siar go háit dhúchais Phil Kennedy le fáil amach. 

Mainlia a bhí san athair agus múinteoir Fraincise an mháthair, ach i ndiaidh sé mhí a chaitheamh i gcliarscoil nuair a bhí rún aige bheith ina shagart, chinn Phil gur le leigheas a rachadh sé “chun cabhrú le daoine” ach ní raibh oiliúint néareolaíochta ar fáil in Éirinn agus beagán deiseanna a ligfeadh dó taighde a dhéanamh.

Agus é ar UCD, chuidigh sé le daoine nach raibh dídean acu leis an Alice Leahy Trust, rud a chuaigh go mór i bhfeidhm air.

Ar dhuine acu sin, bhí Phil cairdiúil le seanduine darbh ainm Christy.

“Bhí Christy síocóiseach (psychotic) ach nuair a bhí sé stuama, dúirt sé liom, ‘Phil, imigh leat amach as seo, gabh go Meiriceá agus déan do chuid oibre ansin’ ... agus bhí an ceart aige,” arsa Kenendy.

Ó chomhairle an tseanduine chríonna ach síocóiseach seo a thosaigh Phil Kennedy ar  bhealach na gcibearg,

Deir comh-stiúrthóir an scannáin, Séan Ó Cualáin, a d’oibrigh in éineacht le David Burke, cé go mbaineann Father of the Cyborgs leis an teicneolaíocht, ina chroílár, tá an daonnacht.

“Tá muid ag pointe amháin sa saol agus sa stair ina bhfuil athruithe móra i ndán dúinn mar gheall ar an teicneolaíocht seo, mar sin creidim go raibh muid ag an am ceart, san áit cheart leis an togra ceart,” ar sé.

“Chonaic mé taifead den obráid a rinneadh ar Phil Kennedy, chonaic mé gur léir gur fear dána, cróga, craiceáilte atá ann agus gur fear thar a bheith éirimiúil é. 

“Tá an chrógacht sin ag baint leis gur chreid sé go huile is go hiomlán gur dhochtúir é ar mhaithe leis an chine dhaonna”


Deir Seán go n-insíonn an scannán rud éigin dúinn faoi Éire na linne sin, na 1980idí, fosta ach tugannn sé muid a fhad leis an todhchaí chomh maith.

Léirionn an scannán an treo ina bhfuil an cine daonna ag dul gan staonadh.

Sa leabhar clúiteach le Yuval Noah, Sapiens, deir an t-údar “When people talk about merging with computers to create cyborgs, it’s not some prophecy about the year 2200. It’s happening right now. More and more of our reality exists within computers or through them.”

Aontaíonn Seán leis an dearcadh sin, bíodh sé ina ábhar dóchais nó ina cúis imní. 

Neosfaidh an aimsir.

:: Beidh Father of the Cyborgs le feiceáil mar chuid den fhéile Docs Ireland anocht in QFT, ag toiseacht ar a 9pm.