Irish-Language

Scéal na Fadgies a tháinig go Béal Feirste le saol níos fearr a chruthú

<b>FRANCiS MEZZA: </b>T&aacute; Francis i measc na n-aisteoir&iacute; sin at&aacute; ar a chompord ag aisteoireacht i nGaeilge agus I mB&eacute;arla mar a l&eacute;ir&iacute;onn s&eacute; in <i>The Fadgies</i> at&aacute; le feice&aacute;il i Muileann Mhic Con Midhe faoi l&aacute;thair agus mar Dee in <i>Derry Girls&nbsp;</i>
FRANCiS MEZZA: Tá Francis i measc na n-aisteoirí sin atá ar a chompord ag aisteoireacht i nGaeilge agus I mBéarla mar a léiríonn sé in The Fadgies atá le feiceáil i Muileann Mhic FRANCiS MEZZA: Tá Francis i measc na n-aisteoirí sin atá ar a chompord ag aisteoireacht i nGaeilge agus I mBéarla mar a léiríonn sé in The Fadgies atá le feiceáil i Muileann Mhic Con Midhe faoi láthair agus mar Dee in Derry Girls 

NÍ AMHÁIN go bhfuil pobal Gaeilge anseo ó thuaidh ach tá pobal d’aisteoirí a bhfuil Gaeilge acu atá ag saothrú leo sa teanga chomh maith.

Orthu sin, tá Frances Mezza atá aitheanta inniu mar Dee ó Derry Girls ach atá ar an ardán arís i The Fadgies, an dráma clúiteach le Nuala Ní Néill atá á léiriú faoi láthair.

Deir Francis go raibh sé deacair go leor obair a fháil mar aisteoir ar feadh bliana nó bliain go leith ach le cúpla mí anuas fuair sé cúpla post cionn is Gaeilge a bheith aige. 

“Cuidíonn sé liom cleachtadh a fháil a bheith ag aisteoireacht i nGaeilge mar tá rudaí iontacha ag tarlú ar an teilifís agus i mór-scannáin agus an Ghaeilge mar phríomhtheanga iontu,” arsa Francis.

Is as Béal Feirste do Francis, agus d’fhreastail sé ar Bhunscoil Phobal Feirste in iarthar na cathrach ach ní amháin gur aisteoir é ach tá sé cáilithe mar mhúinteoir fosta. Bíonn sé ag déanamh ionadaíochta i gColáiste Feirste nuair is gá agus deir sé go dtuigfidh cuid mhór aisteoirí sin, an dóigh a gcaitheann tú jab eile taobh amuigh den amharclann a bheith agat.

“Ní thig le bunús againn a bheith ag aisteoireacht an t-am ar fad, mar sin is éigean post eile a bheith agat leis na billí a íoc. Sin ráite, bainim sult as an teagasc,” arsa réalt Derry Girls.

Dalta cuid mhór daoine óga, ní raibh a fhios ag Francis cad é a ba mhaith leis a dhéanamh agus é ar scoil.

“Ní raibh barúil dá laghad agam cad é a bhí mé ag dul a dhéanamh ach ba ghnách linn amharc ar chuid mhór scannán sa bhaile,” ar sé.

“Ba ghnách le m’athair ceist a chur orm ‘cé sin?’ faoi aisteoir éigin. Ag an aois sin, ceathair nó cúig, níor thuig mé gur aisteoirí a bhí iontu ach ba chuimhin liom na línte a dúirt siad i scannán éigin eile mar sin thiocfadh dó go raibh sé i m’intinn ag dul i bhfad siar, go ndeachaigh sé a chodladh ach gur mhúscail sé níos maille,” ar sé.

B’fhéidir go n-aithneoidh Gaeilgeoirí Francis ón tsraith Seacht i bhfad siar in 2009 ach is mó i bhfad na daoine a aithneoidh é mar Dee sa dara sraith de Derry Girls, sraith a raibh an-ráchairt air in Éirinn agus ar bhonn idirnáisiúnta. An aithníonn lucht leanúna Derry Girls Francis ar an tsráid? 

“Aithníonn – ach chan go minic, ” arsa an Béal Feirsteach go humhal.

“Nuair atá féasóg orm, níl mé cosúil le Dee agus nuair a bhearraim mé féin, tá cuma iontach óg orm ach nuair a tháinig Derry Girls amach, fuair mé cuid mhór de sin.

“Bunús an lucht leanúna, b’in Éirinn agus sa Bhreatain a bhí siad, áit ar bith a raibh pobal mór Éireannach ach nuair a tháinig an dara sraith amach, fuair mé litreacha ó dhaoine i Meiriceá, i Meicsiceo agus duine amháin as Singeapór!” ar sé.

An tseachtain seo chugainn, tá Francis ag aisteoireacht sa ghearrdhráma The Fadgies i Muileann Mhic Con Midhe in iarthar Bhéal Feirste.

“Sa dráma, is mise Liam, fear óg atá ag déanamh staidéir ar an stair in Ollscoil na Ríona agus é ag iarraidh fáil amach faoi stair na Gaeilge sa chathair,” a mhíníonn Francis.

“Tá carachtar eile ann darbh ainm Aodh, arb as Ó Méith Mara dó, a tháinig go Béal Feirste 100 bliain ó shin chomh maith le beirt charachtair eile, Maggie agus Nra.

Ar ndóigh is duine de shliocht na hIodáile é Francis, daoine a tháinig go Béal Feirste le saol níos fearr a bheith acu – dalta na Fadgies a tháinig ó Ghaeltacht Chontae Lú le bheith ag obair sna margaí móra anseo i lár an 19ú céad, ag cruthú an chéad Ghaeltacht sa chathair.

“Níl muid chomh clúiteach leis na teaghlaigh mhóra Iodálacha eile atá ó thuaidh,” arsa Francis.

“Bhí m’athair mór ina chónaí i Nazareth Lodge nuair a bhí sé óg mar fuair a mháthair bás agus mairneálach a bhí ina athair arbh’éigean dó obair a dhéanamh, mar sin de, tógadh le Béarla é agus  cailleadh an Iodáilis.”

Tá go leor teaghlaigh Iodálacha eile ann ach bíonn siad measartha ciúin.

“Tá cúpla suíomh maith idirlín ar a gcuireann Iodálaigh nuacht nó eolas faoi imeachtaí dá gcuid ach ar ndóigh chonaic muid cá mhéad acu a bhí ann nuair a fuair an Iodáil an bua ar Shasana in Euro 2020!” arsa Francis ag gáire!

:: Beidh The Fadgies le feiceáil in Conway Mill go dtí an Satharn, 14 Lúnasa ar a 3pm gach lá agus tá £5 ar na ticéid fríd Eventbrite. Tá teorainn 10 de lucht féachana.

Le haghaidh fiosrúcháin, cuir scairt ar 028 90 20 80 40.