Irish-Language

Spléachadh gleoite ar phailneoirí na hÉireann ar lá idirnáisiúnta na mbeach

<span style="font-style: italic;  font-family: FranklinGothic; font-weight: 800;">P&Oacute;L MAC CANA:&nbsp;</span><span style="font-style: italic;  font-family: FranklinGothic;">Tuigeann an t-&eacute;iceola&iacute; as an &Oacute;maigh chomh t&aacute;bhachtach is at&aacute; na beacha agus pailneoir&oacute; eile do shaol gach duine againn</span>
PÓL MAC CANA: Tuigeann an t-éiceolaí as an Ómaigh chomh tábhac PÓL MAC CANA: Tuigeann an t-éiceolaí as an Ómaigh chomh tábhachtach is atá na beacha agus pailneoiró eile do shaol gach duine againn

AGUS SAOL AN chine daonna curtha as a riocht mar gheall ar phaindéim an Choróinvíris le bliain go leith anuas beagnach, caitheann muid gan dearmad a dhéanamh de go bhfuil an nádúr agus an timpeallacht ag dul fríd a mhacasamhail de ghéarchéim le corradh agus 250 bliain - mar gheall orainne.

Le teacht na tionsclaíochta neamhcheansaithe, tá machairí anois ina mótarbhealaí, coillte anois ina n-eastáit tionsclaíochta, agus tá páirceanna anois ag cur thar maoil le tithe.


Agus muid ag santú “na forbartha”, scrios agus tá muid ag scrios go fóill cothromaíocht an dúlra a raibh an cine daonna, ainmhithe agus plandaí beo air leis na deicheanna de mhílte bliain.


Ach le gairid, tá an chontúirt ann go gcaillfidh muid ceann de na cairde is fearr atá againn mar dhaoine – beacha.

Tá Deaglán Ó Mocháin ó Dearcán Media i ndiaidh Plean Bee a dhéanamh, clár gleoite teilifíse a chuir dh síos ar an mheath atá faoi na feithidí áille seo – agus ar na fáthanna ar chóir dúinn buaireamh a bheith orainn. Ar na daoine a gcuirtear agallamh orthu, tá an Dr Pól Mac Cana, éiceolaí atá ag obair leis an Roinn Talmhaíochta, Comhshaoil agus Tuaithe ó thuaidh, a mhínigh dom faoi na cineálacha beach atá againn in Éirinn.

“Nuair a smaoiníonn muid ar na beacha, bíonn muid ag smaointiú ar an bheach mheala agus níl ach cineál amháin in Éirinn, apis mellifera,” arsa Pól.

“Ansin, tá na bumbáin nó bumbóga ann agus tá 21 speiceas acu sin againn in Éirinn Ar a bharr sin, tá 77 gcineál beach aonair ann fosta.

“Níl na speicis seo uilig coitianta sa tír – bheadh thart ar 6 bhumbóg coitianta, mar shampla – ach is é an phailin an tábhacht a bhaineann leo uilig.”


Is iad na beacha agus feithidí eile a dhéanann an pailniú – ag aistriú pailin ón chuid fhireann de phlanda bhláthanna amháin go dtí an chuid bhaineann de phlanda bláthanna eile le go gcruthófar plandaí eile.

"Gan na beacha agus pailneoirí eile, ní bheadh na plandaí sin ag fás agus tá sé thar a bheith tábhachtach go bhfuil éagsúlacht ann. Seo mar a mhínigh Pól chomh riachtanach is atá an éagsúlacht plandaí seo.

“Cuir i gcás nach raibh ach cineál amháin duine ann nuair a tháinig an Covid-19 inár measc. Dá mbeadh sé amhlaidh, gheobhadh gach duine bás,” ar sé. 

“Ach tá éagsúlacht sa chine daonna agus, cé gur mharaigh Covid cuid mhór daoine, ní bhfuair gach duine ar domhan bás.


“Sin an fáth go bhfuil an éagsúlacht riachtanach i measc phlandaí na cruinne agus ní bheadh an éagsúlacht sin ann gan na beacha agus pailneoirí eile – foichí (wasps), leamhain, féileacáin, beacha gabhair, (hover-flies) etc. Ní bheadh úlla ag fás ar chrann úill mar shampla gan na beacha,” ar sé.

Ach cad é eile a dhéanann na pailneoirí seo uilig dúinn? Dar leis an Phlean Uile-Éireann um Pailneoirí/All- Ireland Pollinator Plan (AIPP) meastar gurb é luach bliantúil na bpailneoirí do bharraí bia a itheann muid ná €153 billiún ar fud an domhain, £603 milliún sa Ríocht Aontaithe agus €53 milliún, ar a laghad, don gheilleagar ó dheas.

Chuir an Dr. Úna Fitzpatrick ón Ionad Náisiúnta Bithéagsúlachta agus an tOllamh Jane Stout ó TCD, tús leis an AIPP in 2015 agus é mar chuspóir acu meath na bpailneoirí a iompú droim ar ais, le “arm saoránach” de gharraíodóirí, d’fheirmeoirí, de ghrúpaí pobail agus de ghrúpaí spóirt, de chomhairlí agus d’úinéirí eile talún a spreagadh gan dochar a dhéanamh do phailneoirí, an timpeallacht a chosaint agus na glúnta atá le teacht a chosaint ag an am céanna.

Shílfeá go mbeadh gach duine ag iarraidh na pailneoirí a chosaint ach mar gheall ar na lotnaidicídí atá ag scrios na ngnáthóga nádúrtha a bhfuil dídean agus foinsí éagsúla bia iontu, tá a líon ag titim go tubaisteach ach tá an AIPP ag seasamh an fhóid do na feithidí ríthábhachtacha seo. Tá sé mar aidhm ag an AIPP go leor de mhuintir na hÉireann a spreagadh le gnáthóga agus foinsí bia a chosaint. 

In Plean Bee, féachfar mar a laghdaigh Comhairle Chathair Dhoire agus Ceantar an tSratha Báin chomh minic agus a ghearrann siad an féar i rith an tsamhraidh, le deis


a thabhairt do na bláthanna teacht faoi bhláth ar mhaithe leis na pailneoirí.

Tabharfar cuairt ar theach gloine pobail i nDún na nGall, ar scoil i mBaile Átha Cliath a chruthaigh polasaithe neamhdhíobhálacha maidir le Pailneoirí, ar fheirm sa Mhuileann gCearr a leagann fál ar an sean-nós chun bithéagsúlacht a chur chun cinn, agus ar deireadh, tabharfaidh an clár cuairt ar bhaile Bhun Cranncha, áit ina ndearna an Chomhairle, Coiste na mBailte Slachtmhara agus daoine eile suíomh chun bláthanna a chur.

Chomh maith, déanann siad timpealláin agus fearann páirce an bhaile a chothabháil chun leasa na mbeach agus na bpailneoirí. Mar gheall ar chomh maith agus atá ag éirí le Plean na bPailneoirí agus an bhaint mhór atá ag an phobal leis, tá tíortha eile, tíortha eile na hEorpa ach go háirithe, ag féachaint ar Éirinn le cuidiú leo staid na bpailneoirí ina dtíortha féin a fheabhsú.

Is mór an difear atá an AIPP a dhéanamh, agus mar a deir Úna Fitzpatrick féin, “agus an chuid is fearr de, níl muid ag iarraidh ar ‘aon duine amháin’ an fhadhb seo a réiteach, tá muid ag iarraidh ar ‘gach aon duine’ a bheith páirteach, beag beann ar an méid a dhéanann aon duine amháin, le chéile, réiteoidh muid an fhadhb,” ar sí.

Ach deir Pól Mac Cana go gcaitheann muid a bheith airdeallach.

“Cuid de na bláthanna a cheannaíonn muid ag na hionaid gharraíodóireachta, bíonn siad gleoite ach bíonn siad iontach casta fosta, rud a chiallaíonn nach féidir leis na beacha dul isteach iontu,” ar sé. 

:: Is fiú go mór amharc ar Plean Bee, scannán alainn ann féin a bheidh le feiceáil ar TG4 san oíche amárach, Lá Idirnáisiúnta na mBeach ar a 9.30pm.