Irish-Language

Cruthaíonn guth Mhuireann an cúigiú dúil faoi chlocháin Chorca Dhuibhne

<strong>MUIREANN NIC AMHLAOIBH</strong>: T&aacute; eala&iacute;n iontach agus simpl&iacute;ocht ag baint le cloch&aacute;in iarthar Chiarra&iacute; nach furasta a sh&aacute;r&uacute;, dar le Muireann, agus taitn&iacute;onn siad l&eacute;i cionn is go bhfuil siad daingnithe n&iacute; hamh&aacute;in sa talamh ach sa seansaol fosta, rud a chuir ag smaoineamh &iacute; ar na seanamhr&aacute;in a d&rsquo;fhoghlaim s&iacute; ar scoil, amhr&aacute;in a chanann s&iacute; anois lena leana&iacute; f&eacute;in sa bhaile &nbsp;
MUIREANN NIC AMHLAOIBH: Tá ealaín iontach agus simplíocht ag baint le clocháin iarthar Chiarraí nach furasta a shárú, dar le Muireann, agus taitníonn siad léi cionn is go bhfu MUIREANN NIC AMHLAOIBH: Tá ealaín iontach agus simplíocht ag baint le clocháin iarthar Chiarraí nach furasta a shárú, dar le Muireann, agus taitníonn siad léi cionn is go bhfuil siad daingnithe ní hamháin sa talamh ach sa seansaol fosta, rud a chuir ag smaoineamh í ar na seanamhráin a d’fhoghlaim sí ar scoil, amhráin a chanann sí anois lena leanaí féin sa bhaile  

IS LÉIR gur bean í Muireann Nic Amhlaoibh a bhfuil meas aici ar na dúile - talamh, aer, uisce agus tine agus tagann sé sin fríd ina chuid amhránaíochta.

Phléigh Fo Thoinn, an EP deireanach a rinne sí, mistéir meallacacha na farraige ach don albam úr, Neadú, tá sí sáite sa nead chúig chiliméadar atá ar mhuintir an tuaiscirt sa dianghlasáil is faide ar domhan.

D’aimsigh an Ciarraíoch mná faoiseamh sna hamhráin a bhí i gcúl a hintinne agus spreagadh sna clocháin iontacha de chruth cruinneoige atá fite fuaite ina ceantar dúchais, Corca Dhuibhne. 

(Más leantóir na scannán Star Wars thú, beidh a fhios agat faoi clocháin Sceilg Mhichíl atá le feiceáil in The Last Jedi.)

An tseachtain seo, dúirt Muireann liom gur spreag na botháin cloiche seo í toisc go rabhadar chomh nádúrtha sin sa bhaile agus gur mhór an cuidiú é bheith pósta ar sheandálaí agus béaloideasaí!

“Thug mé féin agus Billy cuairt ar ana-chuid des na láithreacha seandálaíochta atá mórthimpeall na leithinse, tá na céadta acu ann, an líon is mó san Eoraip go bhfios dom, ach anuas air sin, is breá leis na leanaí bheith ag imirt thart timpeall orthu agus iontu.

“Dom féin, thaitin an dearadh liom, chuir siad broinn i gcuimhne dom, cuid acu, bhí fothain ag baint leo, bhíodar cluthar, teolaí agus is dócha gurb é sin a bhí ag teastáil uaim tar éis an frustrachais a bhí ag baint leis a bheith sa dianghlasáil.

“Bhí mé ag cuimhneamh gur chóir a bheith buíoch as an rud a bhí agam, go raibh dídean os mo cheann agam agus go raibh gach rud atá ag teastáil uait chun maireachtáil, bhíodar agam.”

Agus ar na rudaí riachtanacha atá ag teastáil chun maireachtáil, tá an ceol agus an amhránaíocht, agus ar EP úr Mhuireann, tá cúig amhrán atá ar a theanga ó bhí sí an-óg, amhráin a chuir iontas orm féin, caithfidh mé a rá.

Mar shampla, Cad é Sin Don Té Sin, amhrán as Cúige Uladh an chéad cheann ar an albaimín.

“Sea, fuair mé an t-amhrán seo ó Mícheál Ó Duinnín, múinteoir a mhair i ndeisceart Chiarraí, fear uasal agus amhránaí álainn.

Seo leagan ar leith agus taitníonn sé go mór liom.

“Ansin, tá an t-amhrán Do Bhí Bean Uasal a d’fhoghlamaíos  ó Bhen Ó Loingsigh a chónaíonn díreach síos an bóthar in aice le Riasc, seanfhothrach nó seanmhainistir inar thógas cuid de mo phictiúir,” ar sí.

D’fhoghlaim Muireann The Bay of Biscay agus í ar scoil óna múinteoir, Mícheál Ó Dubhshláine, fear a d’oibir ar feadh bhliain gan pá le Scoil Dhún Chaoin a choinneáil oscailte.

Is maith le Muireann amhrán do pháistí a bheith ar gach albam a dhéanann sí agus ar Neadú, tá Tá an Coileach ag Fógairt an Lae agus ar deireadh, amhrán uaillmhianach, Sí Bheag, Sí Mhór.

“Mar atá a fhios ag daoine, ba é Toirdhealach Ó Cairealláin a chum Sí Bheag Sí Mhór ach tá focail a chum sí féin ag dul leis,” ar sí.

B’éigean di smaoineamh ar feadh tamaill fhada sular thug sí faoin amhrán cionn is go bhfuil sé chomh “dúshlánach” sin é a chanadh ach nuair a chuimhnigh sí go raibh píosaí stairiúla déanta aici roimhe, gur cheol sí na focail a théann le Port na bPúcaí, fuair sí an misneach tabhairt faoi Sí Bheag Sí Mhór, píosa ceoil a aithníonn gach duine ach tá éacht déanta ag Muireann ag cur na bhfocal a scríobh lámh Carolan féin in oiriúint don aois seo.

Deir Muireann fosta gur chóir moladh mór a thabhairt do Gerry O’Beirne agus Donal O’Connor as an méid ama, an méid oibre agus an méid grá a chuir siad isteach sa togra seo.

Agus is aois ar leith í ina dtuigeann muid tábhacht na nEalaíon le muid a thabhairt slán as an dorchadas seo.

“Braithim go bhfuil daoine tagtha thar n-ais go mór go dtí an ceol le tamall anuas agus go bhfuil an ceol tar éis cabhrú le daoine le linn dóibh bheith neadaithe, braithim sin agus tá siad ag scríobh chugam agus ag teacht chugam ag rá cad é chomh mór is a chuidíonn an ceol leo.

“Is bronntanas domsa é sin go bhfuil mé in ann cabhrú le daoine mar cabhraíonn sé go mór liomsa chomh maith,” ar sí.

n Anocht (30 Aibreán) ag 8pm, ceolfaidh Muireann na hamhráin seo ó Dhrioglann an Daingean, i gcuideachta Gerry O’Beirne agus Donal O’Connor ina gcéad cheolchoirm beosrutha ina mbeidh idirghníomhaíocht leis an lucht féachana.

I ndiaidh chéad taibhiú na n-amhrán, beidh an EP ar fáil go heisiach ó www.muireann.ieI