Irish-Language

Léiríonn scannáin Curtis na fórsaí a mhúnlaíonn mothúcháin an lae inniu

<b style="font-family: Times; font-size: 10.7px;">ADAM CURTIS: </b><span style="font-family: Times; font-size: 10.7px;">T&aacute; an scann&aacute;n&oacute;ir Sasanach i ndiaidh s&eacute; chl&aacute;r a dh&eacute;anamh a chuireann s&iacute;os ar na nascanna idir saol inmhe&aacute;nach an duine agus an r&eacute;abhl&oacute;id&iacute;ocht. Sa tsraith, cuireann s&eacute; s&iacute;os ar shaol Jian Qing, bean Mao agus an scr&iacute;bneoir &Eacute;ireannach, Ethel Voynic&nbsp;</span>&nbsp;
ADAM CURTIS: Tá an scannánóir Sasanach i ndiaidh sé chlár a dhéanamh a chuireann síos ar na nascann ADAM CURTIS: Tá an scannánóir Sasanach i ndiaidh sé chlár a dhéanamh a chuireann síos ar na nascanna idir saol inmheánach an duine agus an réabhlóidíocht. Sa tsraith, cuireann sé síos ar shaol Jian Qing, bean Mao agus an scríbneoir Éireannach, Ethel Voynic  

Má léann tú an colún seo ar bhonn riaita, beidh a fhios agat gur fan mór den scannánóir Adam Curtis mé.Tá stíl ar leith ag baint lena chuid saothair a chuireann daoine ar strae cuid mhór cionn is go mbíonn radharcanna ar an scáileán a bhfuil an chuma orthu nach bhfuil baint ar bith acu leis an rud a bhfuiltear ag caint faoi sa tráchtaireacht ach bíonn i gcónaí blúiríní eolais agus lón machnaimh go leor iontu.Tá Can’t Get You Out of My Head, sraith úr de chuid Curtis ar an BBC iPlayer i láthair na huaire, sé chlár a bhfuil sé mar aidhm acu cur síos a dhéanamh ar stair na mothúchán ar fud na cruinne le corradh agus leithchéad bliain anuas. An grá, cumhacht, airgead, taibhsí impireachta, comhcheilg, an intleacht shaorga – agus Tusa.Ach is breá liom é nuair a chuireann Curtis leis an eolas atá agam cheana féin ar dhuine nó ar eachtra sa stair agus tharla sé in Bloodshed on Wolf Mountain, an chéad chlár in Can’t Get You Out of My Head.


Ach is maith liom mar a cheanglaíonn Curtis gnéithe thar a bheith difriúil le chéile. Sa chéad chlár seo, pléitear rólanna Jiang Qing, bean chéile Mao Tse-tung; Kerry Thornley a bhí san arm le Lee Harvey Oswald, marfóir JFK; Michael de Freitas, nó Michael X, gníomhaí Muslamach i Londain a crochadh i Saint Lucia as fear a mharú anuas ar dramatis personae eile arbh fhiú clár iomlán dóibh féin.


Pléann an clár Impireacht na Breataine, ríomhairí, an áit a bhfuil an cumhacht i saol an lae inniu agus fiche rud eile. Ach bhioraigh mo chluasa nuair a chuala mé ainm George Boole luaite.Bhí a fhios agam gur Sasanach a bhí in Boole a chónaigh i gCorcaigh, áit a raibh sé mar chéad Ollamh le Matamaitic i gColáiste Ollscoile Chorcaí agus is cuimhin liom bheith ag éisteacht le The History Show ar raidió RTÉ nuair a bhíothas ag caint ar stair an bhia.De réir na tuairisce, bhí an dubh-iontas ar Boole, a bhí ina celeb mór le rá cois Laoi sna 1840idí sna 1840idí láie, go raibh an oiread sin bia ar fáil sa chathair le linn an Ghorta Mhóir. Ar ndóigh, ba ag na moruaisle a bhí an bia agus an gorta ag na daoine bochta agus d’aithin an Sasanach go raibh uafáis ag dul ar aghaidh amuigh faoin tuath in Éirinn cé go raibh saol na bhfuíoll ag daoine eile.“At a dinner which I was present at the other day, we began with turtle soup and champagne. Considering the disasterous state of the country, a more humble style of entertainment would have been more suitable and in better taste,” a scriobh Boole i litir chuig a mháthair le linn an Ghorta Mhóir.Ach ní sin an Boole a gcuireann muid aithne air in Bloodshed on Wolf Mountain. De réir Curtis, bhí Boole beo i ré na hImpireachta tráth a raibh impiriúlaithe ag iarraidh smacht a chur ar an anord a chonaic siad sna tíortha a bhí faoina gcois. Rinneadh léarscáileanna, rangaíodh ainmhithe agus feithidí – agus cloigne daoine. I ndiaidh é aisling a bheith aige, chreid sé gurbh fhéidir cur síos a dhéanamh ar oibríochtaí na hintinne


agus na mothúchán fríd an mhatamaitic.An teoiric a dtáinig sé air, bhí sé cosúil leis an eolas a chuireann cláraitheoirí i ríomhairí sa lá atá inniu ann. Ní thiocfadh le duine ar bith oibriú amach i lár an 19ú céad cad é an úsáid a bheadh ag a leithéid de eolaíocht agus rinneadh neamhaird air ach bhí dúshraith aois na ríomhaireachta leagtha síos ag Boole.Maíonn Curtis go bhfuil an intleacht shaorga ag fíorú an rud a shamhlaigh George Boole 170 bliain roimhe, ag imirt tionchair ar ár smaointe agus ar ár mothúcháin agus ar ár ndearcadh ar an saol. Rud eile ar chuir mé spéis ann ná gur luaigh Adam Curtis an iníon ab óige de chuid George Boole, Ethel Lilian Boole, a rugadh i gCorcaigh in 1864 le linn dá hathair a bheith ag obair ansin.


(Mary Everest a bhí ar a máthair, neacht leis an fhear as ar baisteadh an sliabh is airde ar domhan).Chaith Ethel – cé gur thug sí Lily uirthi féin – cuid dá saol ag obair le grúpaí sóisialacha sa Rúis agus sa Bhreatain ach rud nach raibh a fhios agam ná gur scríobh Ethel leabhar a spreag glúnta de réabhlóidithe sa Rúis, The Gadfly a tháinig amach in 1897 faoina hainm pósta, Ethel Voynich, i ndiaidh í Michal Voynich, fear a bhfuil a scéal féin thar a bheith suimiúil, a phósadh.


D’éirigh chomh maith sin leis an leabhar gur díoladh 23 milliún cóip de sa Rúis tír a raibh sí mar laoch inti agus fanann an leabhar i gcónaí i gcuimhne chuid mhór Rúiseach.


Spreag sé réabhlóidithe i dtíortha eile ina raibh aistriúchan de The Gadfly ar fáil, an tSín san áireamh.Sin ráite, ba bheag iomrá a bhí an Chorcaíoch le trí scór bliain cé gur cumadóir cumasach ceoil a bhí inti, go dtí gur fhoghlaim compántas bailé an Bolshoi go raibh sí ina cónaí i Nua Eabhrac, áit a raibh siad ar camchuairt i 1959. Nuair a bhuail damhsóirí ón chompántas le hEthel bhí an scéal ar fud na nuachtán sa Rúis.Ar ndóigh, bhí daoine eile a raibh fuath acu ar an chóras Sóivéadach agus síos fríd chlár Curtis, tá an teannas idir lucht na cumhachta agus na gnáthdhaoine a bhfuil an oiread sin eagla acu orthu go gcaitheann siad iad a chur faoi smacht. Mar shampla, cé go ndéan sé beag is ú de theoiricí comhcheilge, luann Bloodshed on Wolf Mountain turgnamh amháin de chuid an CIA ina ndearna siad iarracht cuimhne daoine a scrios. Rinne siad trialacha ar Mheiriceánaigh – gan a gcead a iarraidh – a d’fhág cuid acu gan cuimhne agus gan dóigh ar bith le ciall a bhaint as an saol úr ina raibh siad.An dtig le duine amháin difir a dhéanamh? An féidir le haonaráin córais pholaitiúla a scrios? An dtig linn toiseacht as an úr agus scoilteanna ollmhóra idir daoine i dtíortha na cruinne, an éagothroime ag méadú lá i ndiaidh lae?Ní thugann Curtis freagraí ar bith ach is ú go mór breathnú ar an tsraith le, ar a laghad cuid dena ceisteanna tábhachtacha a aimsiú. :: Tá Bloodshed on Wolf Mountain le feiceáil ar an BBC iPlayer agus beidh sé ansin ar feadh bliana.