Irish-Language

Tionchar folaithe na nÉireannach ar an Bhreatain a aithníonn muid inniu

<strong>FERGAL KEANE:</strong> Sa tsraith &uacute;r, beidh an t-iriseoir &Eacute;ireannach ag amharc ar thionchar na n&Eacute;ireannach ar an Bhreatain ar bheala&iacute; &eacute;ags&uacute;la, &oacute; Th&iacute;ogair na dToll&aacute;n, an 12,000 fear a th&oacute;g taiscumar i dtuaisceart na hAlban go dt&iacute; na pearsa&iacute; m&oacute;ra siamsa&iacute;ochta, leith&eacute;id&iacute; Terry Wogan
FERGAL KEANE: Sa tsraith úr, beidh an t-iriseoir Éireannach ag amharc ar thionchar na nÉireannach ar an Bhreatain ar bhealaí éagsúla, ó Thíogair na dTollán, an 12,000 fear a t FERGAL KEANE: Sa tsraith úr, beidh an t-iriseoir Éireannach ag amharc ar thionchar na nÉireannach ar an Bhreatain ar bhealaí éagsúla, ó Thíogair na dTollán, an 12,000 fear a thóg taiscumar i dtuaisceart na hAlban go dtí na pearsaí móra siamsaíochta, leithéidí Terry Wogan

TÁ SRAITH thar a bheith suimiúil le toiseacht ar BBC Radio 4 Dé Luain na seachtaine seo chugainn ina bpléann Fergal Keane an caidreamh idir Éire agus an Bhreatain mhór.

De réir an phreasráitis, trí chlár “provocative” atá in How The Irish Shaped Britain ach sílim go gciallaíonn sé sin go ngríosóidh sé an lucht éisteachta thall smaoineamh ar an nasc atá ag Sasana, an Bhreatain Bheag agus Albain le hÉirinn.

Tá líon na ndaoine a chreideann gur scannal é nach dteagasctar cad é go díreach a tharla le linn ré na himpireachta Briotanaí, agus lena gceart a thabhairt daoibh, Briotanaigh san áireamh – ach ní chuirfidh an tsraith seo isteach orthu mórán.

Sin ráite, tá cuid mhór le foghlaim ó How the Irish Shaped Britain.

Tosaíonn an chéad chlár agus Fergal Keane ag teach pobail St Bridget’s in West Kirby, tógtha san 12ú haois agus baiste as Laighneach mná, naomh agus ab, Bríd, rud a léiríonn tionchar na nGael ar an chuid sin de Shasana ó na meánaoiseanna.

Ar ndóigh, ba iad manaigh na hÉireann cuid mhór a shábháil an Chríostaíocht i measc “Saxons of mighty shields” i ndiaidh thitim Impireacht na Róimhe.

Dá mbeinn i mbun an chláir, luafainn an tionchar a bhí ag na manaigh seo ar mhór-roinn na hEorpa, mar a chruthaigh Naomh Columbán na smaointe a bhí i gcroílár bhunú an Aontais Eorpaí ach luann Keane focail an Dr clúiteach Johnson, a thug “the school of the west, the quiet habitation of sanctity and literature” ar Éirinn na linne sin.

Tá clú inniu féin ar Oileán Í agus ar Lindisfarne ach bhí muid ag trádáil leis na Rómhánaigh, ag cur craiceann chucu a choinnigh te teolaí iad i rith an gheimhridh agus bhí trádáil ag dul ar aghaidh leis an chuid eile den Eoraip fosta.

I gcúrsaí léinn, an stíl scríbhneoireacht a bhíodh ag Sasanaigh a fhad le 1066, an cló Gaelach a bhí ann agus rinne siad aithris ar stíl ealaíne na nÉireannach chomh maith.

Le teacht na Normannach, d’imigh an t-ómós a bhí ar Éireannaigh agus tháinig ré níos dorcha isteach.

Tá sé seo curtha in iúl ag uasal Normannach darbh ainm Geraldus Cambrensis (Gearailt na Breataine Bige) a scríobh an leabhar Topographia Hibernica ina fheannann sé muintir na hÉireann, mar shampla:  “The Irish are a rude people, subsisting on the produce of their cattle only, and living themselves like beasts.”

Suimiúil go leor, bhí mé ag breathnú ar The Normans, an tsraith teilifíse a rinne an Dr Robert Bartlett agus dúirt seisean rud éigin iontach sonrach.

Deir Bartlett go léiríonn Topographia Hibernica teacht chun cinn dearcadh úr i leith na gciníocha a chuirfeadh na Normannaigh faoi smacht. 

Chruthaigh Gearailt íomhá d’Éireannaigh mar neamh-dhaoine barbartha agus sna céadta bliain i ndiaidh theacht na Normannach agus an meascan sin de

Bhriotanaigh ársa, de Cheiltigh, de Rómhánaigh, de Shacsanach agus de Normannaigh ag meileadh le chéile le “Sasanaigh” a dhéanamh, thug an cine úr seo an dearcadh mórchúiseach, mórtasach úr leo ar fud na cruinne. 

Ach thosaigh an ciníochas seo in Éirinn agus tá sé beo go dtí an lá ata inniu ann.

D’éirigh sé níos measa nuair a tháinig deighilt sa chreideamh a shábháil na manaigh Éireannacha mar gheall ar an Reifirméisean. Bhí na hÉireannaigh i Sasana anois ina mbagairt agus rithe Caitlicigh sa Fhrainc agus sa Spáinn agus i réim dtíortha eile agus naimhdeas acu do Shasana.

Ní iontas ar bith é leatrom a bheith á imirt ar Éireannaigh Caitlicigh, papists, san atmaisfear seo ach d’fhan siad ach bhí úsáid ag na Sasanaigh leo – in Arm na Breataine.

Sa bhliain 1815, sa bhua in éadan Napoléon Bonaparte ag Waterloo, meastar gur Éireannaigh iad 30 faoin chead de shaighdiúirí na Breataine ach is beag buíochas a fuair siad ar a shon. 

Tháinig cuid mhór dífhostaíochta i ndiaidh Chogaí Napoléon agus ba bheag obair a bhí ar fáil ag Gaeil nó ag Gaill faoin tuaith. Ansin, sna 1840idí, tháinig an Gorta Mór.

Ní leagann Keane mórán béime ar fhreagracht na Breataine do scala an Ghorta, ní luann sé Trevelyan nó dearcadh na n-údarás Briotanach i leith mhuintir na hÉireann ag an am cionn is, is dócha, go mbaineann na cláracha le cúrsaí sa Bhreatain agus ní in Éirinn ach measaim féin gur laige atá ann. 

Ba é uafáis an Ghorta agus neamhaird rialtas na Breataine ar na fáthanna is mo go ndeachaigh Éireannaigh chun na Breataine an chéad sin.

Agus nuair a bhí siad thall, chuaigh siad i mbun oibre.

Thóg Éireannaigh cuid mhór d’Albain – taiscumair, tolláin, calafoirt, an cathairdhreach i gcuid mhór áiteanna agus, ar ndóigh, na bóithre iarainn. 

Ar ndóigh, chuir sé olc ar Albanaigh nuair a bhí Éireannaigh sásta pá níos lú a iarraidh ná mar a bheadh oibrithe Albanacha.

Ainneoin na bhfadhbanna seo, meastar gur “stair rathúil comhtháite” (a history of successful integration) é scéal na nÉireannach sa Bhreatain

agus pléann an chéadh chlár lena thábhachtaí is atá siad i saol cultúrtha na Breataine.

I bhfad sular thainig Terry Wogan agus Dara Ó Briain ar na scáileáin teilifíse agus sular chum Shane MacGowan Fairytale of New York, bhí drámadóirí ar nós Congreve, Sheridan agus Thomas Moore ann, daoine a chuir na Sasanaigh sna trilsí gáire nuair a léirigh chomh háiféiseach is a bhí clann Sheáin Bhuí.

Tá muid ag cur na Sasanaigh ag gáire le 300 bliain ach ag an am céanna, tá gnéithe i bhfad níos dorcha sa chaidreamh - gorta, marú, fuath, eagla.

Mura n-aontaím le gach dá bhfuil in How the Irish Shaped Britain agus má chreidim gur fhág siad rudaí tábhachtacha ar lár is fiú go mor eisteacht leis an tsraith. 

:: Beidh an chéad chlár de How the Irish Shaped Britain ar BBC Radio 4 ar an Luan, 11 Nollag ar a 8pm.