Irish-Language

Cad é an tionchar a bheidh ag an Bhreatimeacht ar ár siopadóireacht?

<b>AODH&Aacute;N &Oacute; CONGHAILE: </b>T&aacute; ceannaire Chuibhreannas Miond&iacute;ola&iacute;ochta Thuaiscert &Eacute;ireann d&oacute;chasach go mbeidh d&iacute;olt&oacute;ir&iacute; in ann deile&aacute;il leis na d&uacute;shl&aacute;in a eascr&oacute;idh as an Bhreatimeacht&nbsp;
AODHÁN Ó CONGHAILE: Tá ceannaire Chuibhreannas Miondíolaíochta Thuaiscert Éireann dóchasach go mbeidh díoltóirí in ann deileáil leis na dúshláin a eascr&oacu AODHÁN Ó CONGHAILE: Tá ceannaire Chuibhreannas Miondíolaíochta Thuaiscert Éireann dóchasach go mbeidh díoltóirí in ann deileáil leis na dúshláin a eascróidh as an Bhreatimeacht 

ÁIT SCOITE, éiginnte, dhépholach a bhí riamh sna Sé Chontae agus le teacht an Bhreatimeachta ar an 1 Eanáir, tá na tréithe sin le dul i méid.

Bhí fadhb na teorann in Éirinn ina chnámh spairne nár smaoinigh aonduine den bhunaíocht pholaitiúil thall air go dtí gur vótáil 52% de mhuintir na RA vótáil ar son “an smacht a ghlacadh ar ais” ón Aontas Eorpach.

Dhiúltaigh Aontachtaithe anseo don Chúlstad ach b’éigean dóibh géilleadh don Phrótacal fána “teorainn i Muir Éireann” atá i réim ó bhí Dé hAoine ann, mar thoradh ar Chomhaontú Oíche Nollag idir rialtas na Breataine agus an tAontas Eorpach. Ach cad é a chiallaíonn sé sin don ghnáthshaoránach?

Níl duine ar bith níos fearr leis an cheist sin a chur air ná Aodhán Ó Conghaile, Stiúrthóir Chuibhreannas Miondíolaíochta Thuaisceart Éireann 

“An rud is mó a thabharfaidh daoine faoi deara ná go mbeidh costais nua ann,” arsa Aodhán. “Is cuma cad é an sórt Breatimeachta a raibh daoine á iarraidh, bhí costas breise i gcónaí ag dul a bheith leis.

“Ní bheidh táillí (tariffs) ann mar thoradh ar an socrú a rinneadh idir Rialas na Breataine agus an tAontas Eorpach ag an Nollaig ach tá a leithéid ann mar bhacainní neamhtharafaí (non-tariff barriers).

Cuimsíonn sé sin páipéarachas, moilleanna, tástálacha agus mar sin de, rud ar bith a bhaineann le hearraí a bhogadh ó áit amháin go dtí áit eile, tá sé sin ina bhacainn neamhtharafai,” ar sé.

In áit na costais sin a aistriú chuig an ghnáth-thomhaltóir, ba é an aidhm a bhí ag an earnáil miondíola anseo ná maoluithe (mitigations) a fháil a laghdódh an t-ualach a bheadh orainn mar tá fadhbanna ar leith ó thuaidh.

“An t-ioncam lánroghnach atá againn anseo - is é sin an t-ioncam atá fágtha ag daoine i ndiaidh iad íoc as riachtanais cosúil le bia, foscadh agus éadaí - tá sé leath an ioncaim lánroghnaigh atá ar fáil do theaghlaigh sa Bhreatain Mhór,” a mhíníonn Aodhán.

“Ciallaíonn sé sin, má bhíonn ardú praghsanna anseo, go mbeidh sé an-doiligh déileáil leis.”

Cheana féin, tá daoine i ndiaidh tabhairt faoi deara go bhfuil earraí Spar ar díol i Sainsbury’s. Cé gur chuir  sé iontas ar dhaoine, deir Aodhán gur cuireadh an conradh idir an dá ollchomhlacht le chéile roinnt míonna ó shin.

Deir sé gur “barántas” é an conradh seo, go mbeadh na hollmhargaidh in ann earraí a chur ar na seilfeanna dá mbeadh fadhbanna lena soláthar 

“Cuid de na deacrachtaí atá feiceáilte againn le gairid, ní bhaineann siad leis an

Bhreatimeacht ach le Covid-19 agus na fadhbanna a chruthaigh sin le hearraí ag gluaiseacht ón Bhreatain Mhór go dtí an Mhór-Roinn agus ón Mhór-Roinn chun na Breataine.

“Ar an chéad lá den bhliain úr, bhí 10% den ghnáththrácht ag dul trasna na teorann. Inniu, tá muid ag caint ar 60% - 70% agus tá rudaí ag dul go measartha maith ach ní beidh muid ábalta na fadhbanna, na constaicí, an easpa eolais, na míthuiscintí uilig a fheiceáil go dtí lár na míosa seo nó tús mhí Feabhra,” arsa fear Phort an Dúnáin.

Deir sé go bhfuil sé amhlaidh mar gheall ar an obair chrua a chuir a eagraíocht féin agus eagraíochtaí eile san earnáil miondíolaíochta isteach.

“Chuir muidinne gach dá raibh ar siúl againn ar leataobh cionn is go raibh a fhios againn go raibh lá an Bhreatimeachta ag teacht ach creideann muid go bhfuil an slabhra soláthair láidir go leor le rudaí a choinneáil ag dul. 

“Níl muid ag dúil le bearnaí móra bheith ar na seilfeanna. Ní hionann sin is a rá nach mbeidh ganntanais ann in earraí áirithe ach níl muid i bponc go fóill,” ar sé.

Measann an t-iar-mhúinteoir bunscoile go bhfuil an earnáil breá cleachta le hearraí a bhogadh go gasta nó ar bhonn práinne agus mar sin de, ní bheidh gá le scaollcheannach (panic buying) nó le carnadh stoic (stockpiling.) 

Seo teachtaireacht thar a bheith tábhachtach dóibh siúd a bhfuil fiche mála Andrex sa chófra acu!

Ní thugann Covid-19 buinneach (diarrhoea) duit. Ní chaitheann tú an teach a líonadh le páipéar leithris. Aontaíonn Aodhán liom nuair a deirim go mbaineann sé le síceolaíocht daoine.

“Tá sé ar mire mar tá dhá mhonarcha páipéar leithris anseo, dhá cheann de na monarchana is mó páipéar leithris san Eoraip agus tá siad ar na gaobhair againn. Níl seans dá laghad go mbeidh ganntanas ann,” arsa Aodhán.

Agus sin solas agus sólás amháin in 2021 daoibh.