Irish-Language

Is iad na healaíona a thógfaidh cian dínn in aimsir seo an uaignis

<strong>M&Aacute;S GR&Aacute; A BH&Iacute; ANN:</strong> Daimhseoir&iacute; &oacute;ga i mbun rave is &aacute;bhar don scann&aacute;n Si c&rsquo;&eacute;tait de l&rsquo;amour&nbsp;
MÁS GRÁ A BHÍ ANN: Daimhseoirí óga i mbun rave is ábhar don scannán Si c’était de l’amour  MÁS GRÁ A BHÍ ANN: Daimhseoirí óga i mbun rave is ábhar don scannán Si c’était de l’amour 

BLIAIN i ndiaidh bliana, bím ag dúil go mór le tús Fhéile Ealaíon Idirnáisiúnta Bhéal Feirste cionn is go gcuireann sé faoi bhráid a lucht féachana píosaí ealaíne, idir cheol de gach cineál, scannáin, ghreann, dhamhsa, ealaín agus ócáidí eile nach bhfuil leamh, scríobh nó inse béil air.

Is cuimhin liom leagan Polannach de Macbeth a fheiceáil amuigh faoin aer agus é ag stealladh báistí agus an teocht fá 5 chéim Celsius. 

Ní dhéanfaidh mé dearmad de The Conquest of Happiness, bunaithe ar leabhar Bertrand Russell ina raibh na céadta ar ardáin éagsúla ag T3 i gceantar an Titanic.

Ar ndóigh, ní bheidh na sluaite, beag nó mór, ag imeacht ar bith de chuid Fhéile Bhéal Feirste i mbliana mar gheall ar an Choróinvíreas, buille trom do lucht a eagraithe agus don lucht féachana araon.

Chuir mé ceist ar Richard Wakely, stiúrthóir BIAF, cad é mar a chuaigh sé i ngleic leis an “normáltacht úr.”

“Bhuel maidir le féile s’againn agus an Choróinvíreas, tá muid ag iarraidh, dalta cuid mhór eagraíochtaí ealaíne, tá muid ag iarraidh fail amach cad e is féidir a dhéanamh sa domhan digiteach agus an caidreamh leis an lucht féachana choinneáil,” ar sé, ach tá sé níos doimhne ná sin, dar leis.

“An eipidéim is mó atá ag spréadh amach is ea an uaigneas. Sin an rud is mó a bhfuil mise buartha faoi,” arsa Richard.

“Measaim go bhfuil dualgas orainne dul i ngleic leis sin agus sin an fáth go bhfuil cuid mhór d’imeachtaí na bliana seo saor in aisce.

“Rinne muid sin d’aonturas mar go dtuigeann muid go domhain go bhfuil pobail s’againn ag fuilstin go mór maidir le cúrsaí airgid mar thoradh ar an phaindéim seo. 

Tá jabanna caillte, tá jabanna eile i mbaol a gcaillte sna míonna atá romhainn agus don chuid eile againn, is cinnte go bhfuil payback éigin ag teacht,” ar sé.

Agus muid dírithe go diongbháilte ar mhascanna agus ar an scaradh sóisialta, is éigean go ndéan muid teagmháil leis an tsamhlaíocht chomh maith agus muid idir na ceithre ballaí céanna gach lá.

Tá sé mar ról amháin ag an fheile sprid na ndaoine a choinneáil chomh hard agus is féidir.

Sin ráite, ní sheachnaíonn sí ceisteanna achrannacha an lae inniu.

Mar fho-theideal amháin ar chuid de na himeachtaí, tá an mana IN-visible ID-entities, a bhaineann le ceist chasta na féiniúlachta in Éirinn.

“Is spás sábháilte oscailte e an fhéile ina dtig le daoine a bhfuil réimse leathan barúlacha agus dearcadh acu theacht le chéile le smaointe a iniúchadh,” arsa Richard.

Mar is gnách, tá an fheile láidre i ngach seánra.

Ar na hagallaimh ba shuimiúla dá ndearna mé dhá bhliain o shin, bhí an ceann le Josette Bushell-Mingo, Sasanach mná, aisteoir agus gníomhaí atá ag obair i gcúrsaí drámaíochta sa tSualainn.

Bhí criú ceamar léi ag déanamh scannáin faoina sheó ar Nina Simone agus tá an scannán sin, Call Nina, le feiceáil le linn na Féile.

Ní ceoldráma atá ann, bhaineann sé le trasnachas (intersectionality) agus feimineachas ó thaobh bean dubh de agus beidh sé thar a bheith cumhachtach.

Agus beidh ceiliúradh go leor ann fosta.

An raibh a fhios agat go bhfuil sé 250 bliain i mbliana ó tháinig Beethoven ar an saol? 

Agus gur tháinig an Belfast Music Society ar an saol 100 bliain ó shin? 

Tá an fheile ag nascadh an dá rud le chéile agus ag tabhairt John O’Conor, an pianadóir iontach as Baile Átha Cliath ó thuaidh le trí shonáid de chuid Beethoven a sheinm.

Tá mé féin ag dúil go mór le leagan The Belfast Ensemble de Septet de chuid Ludwig van Beethoven agus André Rieu: 70 Years Young,

Ba é The Belfast Ensemble a rinne an ceoldráma iontach, Abomination – A DUP Opera.

Ag fanacht le cúrsaí an tuaiscirt, beidh Spark Opera ag léiriú, Singing Struggle and Agreement leagan ceolmhar de Chomhaontú Aoine an Chéasta ar an Chéadaoin 14 Deireadh Fómhair ag 7.30pm.

Chomh maith leis na píosaí ceoil, beidh comhrá faoi na hidirbheartaíochtaí arbh é an Comhaontú a sprioc le Monica McWilliams, Mark Devenport agus Clare Salters, a chuir ceol leis an Chomhaontú.

“Sílim go gcuirfidh an seó seo i gcuimhne do dhaoine an tábhacht leanúnach atá leis an chomhaontú síochána seo. Níl gach rud curtha i gcrích ann ach tabharfaidh an saothar seo deis dúinn athmhachnamh a dhéanamh ar a iontaí is a bhí sé,” arsa Richard.

Tá mé ag dúil go mór le hOona Doherty, an cóiréagrafaí as Doire a chluinstin agus í ag caint ar an nasc idir an damhsa agus scannáin lena chara Luca Tuferelli agus an scannán faisnéise faoi Si c’était de l’amour, an damhsa atá buanaithe ar an rave scene.

Cuirfidh sé i gcuimhne dúinn an díobháil aclaíochta agus gluaiseachta atá ár gcrá mar gheall ar an dianghlasáil.

:: Tá gach eolas faoina bhfuil ar siúl le linn Féile Idirnáisiúnta Bhéal Feirste le fáil ar a suíomh idirlín belfastinternationalartsfestival.com