Irish-Language

An bhfuil nasc idir pobal na Gaeilge agus dúchasaigh Mheiriceá Theas?

<strong>EDUARDO GALEANO</strong>: T&aacute; an scr&iacute;bhneoir Uruagach, a fuair b&aacute;s in 2015, aitheanta mar dhuine de na critic&iacute; is l&aacute;idre in &eacute;adan an chaipitleachais i M&eacute;irice&aacute; Laidineach &ndash; agus ag an am c&eacute;anna, duine de na scr&iacute;bhneoir&iacute; is fearr ar ch&uacute;rsa&iacute; sacair&nbsp;
EDUARDO GALEANO: Tá an scríbhneoir Uruagach, a fuair bás in 2015, aitheanta mar dhuine de na criticí is láidre in éadan an chaipitleachais i Méiriceá Laidineach – agus ag an am EDUARDO GALEANO: Tá an scríbhneoir Uruagach, a fuair bás in 2015, aitheanta mar dhuine de na criticí is láidre in éadan an chaipitleachais i Méiriceá Laidineach – agus ag an am céanna, duine de na scríbhneoirí is fearr ar chúrsaí sacair 

A BHUÍOCHAS do mo mhúinteoir Spáinnise, tá mé ag cur suim mhór in údar Uraguach darb ainm Eduardo Galeano, iriseoir agus scríbhneoir atá aitheanta as Las Venas Abiertas de América Latina, an leabhar a scríobh sé ar léirscrios mhór-roinn Mheiriceá a rinne los conquistadores sa 15ú céad agus na Yanquis sa chéad seo caite.

Bhí Galeano aitheanta mar dhuine de na scríbhneoirí is fearr ar an sacar. Tosaíonn ceann dá leabhair: “Is turas brónach é stair na peile ó áilleacht go dualgas”/”The history of football is a sad journey from beauty to duty.”

Ach ar na sliochtanna a chuir mo mhúinteoir Airgintíneach, Spáinnise, Sol Martin Salut, chugam, bhí Cinco siglos de prohibición del arcoiris en el cielo americano/500 bliain de thoirmeasc ar an tuar ceatha i spéir Mheiriceá ina gcuireann Galeano síos ar stair an choilíneachais, idir shean agus nua, agus an praghas atá íoctha ag pobail Mheiriceá Laidiní dá bharr.

Iarrann Galeano ar Mheiriceánaigh a bhféiniúlacht a aisghabháil, féiniúlachta atá ídithe ag cultúr forlámhach, marfach na hEorpa.

Bhí Galeano ar an eite chlé go bhfuair sé bás in 2015 mar a d’aithneofá ón chéad abairt san aiste.

Ar 12 Deireadh Fómhair, 1492, d’aimsigh Meiriceá caipitleachas. Thug Christopher Columbus, a bhuí le maoiniú ó ríthe na Spáinne agus ó bhaincéirí Genoa na hIodáile.

Ina dhialann Discovery, scríobh an t-aimiréal an focal “ór: 139 uair agus an focal Dia nó Ár dTiarna 51 uair.”

An Chríostaíocht agus maoin shaolta le chéile agus ní den chéad uair i stair na cruinne.

“I ndiaidh cúig chéad bliain de ghnó ar fud na dtíortha Críostaí, tá an tríú cuid de na dufair Meiriceánacha scriosta, tá talamh a bhíodh méith, torthúla ina bhranar gan cur, agus itheann níos mó ná leath an daonra suaithfhriochadh (stir-fry), a scríobh Galeano.

Na hIndiaigh, a d’fhulaing an chreac is measa i stair an domhain, leanann siad leo ag fulaingt díshealbhú na n-iarsmaí deireanacha dá dtailte, agus i rith an ama, caitheann siad diúltú dá bhféiniúlacht féin.

 Tá cosc orthu fós maireachtáil de réir a gcultúir agus a nósanna féin ach féin, séantar an ceart orthu bheith mar atá siad.

Ar dtús, rinneadh an creach agus an “othercide” in ainm Dia na bhflaitheas. Anois tá sé á comhlíonadh in ainm dia an Dul Chun Cinn.”

Ach ba é an méid a bhí le rá ag Galeano faoi theangacha an rud ba mhó a chuir mé suim ann.

Ar ndóigh, mar Éireannach agus mar Ghaeilgeoir, thug mé láithreach an stair a raibh sé ag cur síos uirthi.

Deir sé go labhraítear an teanga Guaráinís i bParagua ach gur cás eisceachtúil i stair an domhain atá ann cionn is gur teanga na mbundúchasach atá in Guaráinis, teanga an phobail chloíte ach teanga náisiúnta mar sin féin. 

“Ach go fóill féin, measann tromlach mhuintir Pharagua, de réir pobalbhreitheanna, go bhfuil siad siúd nach dtuigeann Spáinnis cosúil le hainmhithe,” a scríobhann Galeano.

Is Indiach duine as gach beirt sa Pheiriú agus de réir Bunreacht na tíre, tá an teanga Quechua chomh hoifigiúil leis an Spáinnis. 

Deir an Bunreacht é, ach ní chluineann an réadúlacht é, dar le Galeano a deir gurb ionann cas na nIndiach sa Pheiriú agus daoine dubha le linn réimeas na cinedheighilte san Afraic Theas.

“Is í an Spáinnis an t-aon teanga amháin a mhúintear i scoileanna agus an t-aon teanga amháin a thuigeann breithiúna agus póilíní agus státseirbhísigh. 

“Ní hé an Spáinnis an t-aon teanga ar an teilifís, mar labhraíonn an teilifís Béarla fosta,” ar sé.

I gcas a thuigfidh Gaeilgeoirí go rímhaith, scríobhann Galeano: “Cúig bliana ó shin, dhiúltaigh oifigigh ó Chlárlann Sibhialta na nDaoine, i gcathair Buenos Aires, breith linbh a chlárú. 

“Bhí na tuismitheoirí, dúchasaigh as chúige Jujuy, ag iarraidh go dtabharfaí Qori Wamancha ar a mac, ainm óna dteanga dhúchais. Níor ghlac Clárlann na hAirgintíne leis mar gur ainm eachtrach í.

Tá pobail dhúchasacha Mheiriceá mar dheoraithe ina dtír féin. Ní comhartha aitheantais í teanga, mallacht atá ann.”