Irish-Language

Ó Dhoire go dtí an Bhruiséil, cuireann Claire beocht úr sna hamhráin Ghaeilge

<b>CLAIRE NIC RUAIR&Iacute;: </b>T&aacute; <i>An Cl&aacute;r Beag D&eacute;il,</i> albam den ch&eacute;ad scoth ina bhfuil amhr&aacute;in aitheanta agus aduain, curtha amach ag Claire arb as Doire Cholmcille &oacute; dh&uacute;chas d&iacute;. Bhain an t-albam gradam N&oacute;s don Albam Traidisi&uacute;nta is fearr i mbliana.
CLAIRE NIC RUAIRÍ: An Clár Beag Déil, albam den chéad scoth ina bhfuil amhráin aitheanta agus aduain, curtha amach ag Claire arb as Doire Cholmcille ó dhúchas dí. Bhain an t-a CLAIRE NIC RUAIRÍ: An Clár Beag Déil, albam den chéad scoth ina bhfuil amhráin aitheanta agus aduain, curtha amach ag Claire arb as Doire Cholmcille ó dhúchas dí. Bhain an t-albam gradam Nós don Albam Traidisiúnta is fearr i mbliana.

DEIR SIAD go bhfuil sé deacair smaoineamh ar chúigear Beilgeach clúiteach ach ó thaobh an cheoil de, tá go leor ann – César Franck sa cheol clasaiceach, Django Reinhardt, Toots Thielemans, Adolphe Sax (a chruthaigh an sacsafón) sa snagcheol agus ar ndóigh, anlaoch é féin, Jacques Brel.

(Is cuimhin liom go maith Doiminic Mac Giolla Bhríde ag ceol leagan Gaeilge d’amhrán corraitheach Brel, Amsterdam, i gCaisleán Uibhlín oíche amháin, ach sin scéal eile!)

Tá duine amháin a cheanglaíonn iad siúd uilig le chéile, Claire Nic Ruairí, amhránaí den scoth as Doire Cholmcille atá ag obair mar aistritheoir sa Bhruiséil.

Anuraidh, chuir Claire albam  amach, An Clár Beag Déil, a fuair ardmholadh in Éirinn agus thar lear agus ní nach ionadh.

Tá idir bhinneas agus neart i nglór Claire ar an 11 rian atá ar an albam.

Agus í ag fás aníos cois Feabhail, bhí dúil mhór aici sa cheol agus san amhránaíocht.

“D’fhás mé aníos i nDoire, áit a bhfuil traidisiún láidir cór agus ceoil chlasaicigh, is dócha gur sin an fáth a gcanainn an seánra sin,: a mhínigh sí dom.

“Bhí mé riamh páirteach i gcúpla cór ag aon am amháin agus bhí cuid de na hamhráin a rinne muid sa Ghaeilge ach chan sa stíl thraidisiúnta ach le linn dom bheith ag déanamh staidéar ar an Ghaeilge ar an ollscoil, thosaigh mé ag bailiú níos mó eolais ar an cheol traidisiúnta. 

"Chláraigh mé le Cór Loch Lao nuair a bhí máistreacht i Léann an Aistriúcháin (GA) á déanamh agam,” ar sí.

In 2007, d’aistrigh Claire go Gaoth Dobhair, áit ar chláraigh sí le Cór Thaobh a’ Leithid, thosaigh ag amhránaíocht ina haonar agus ag cur isteach ar chomórtais ag an Oireachtas go luath ina dhiaidh sin.

“Feictear dom gur aistriú nádúrtha orgánach a bhí ann gur thosaigh mé ar an amhránaíocht thraidisiúnta Ghaeilge, nasc sé an dá rud is mó a bhfuil spéis agam iontu – Gaeilge agus ceol,” ar sí.  

"Tá tú go mór faoi thionchar Dhoiminic Mhic Giolla Bhríde. An gcuireann cóir srianta ort sa mhéid is go gcaitheann tú claonadh le dearcadh an stiúrthóra agus leis na hamhránaithe eile. An faoiseamh atá ann bheith ag ceol leat féin?" a d'fhiafraigh mé di.

"Dom féin, ní chuireann stíl amháin bac ar an stíl eile agus bainim sult as gnéithe éagsúla sa dá chineál amhránaíochta," arsa Claire.

"Ó mo thaithí féin, ní bhíonn cóir thraidisiúnta chomh righin, srianta céanna le cóir chlasaiceacha.

"I gcóir, bainim pléisiúr as a bheith ag meascadh le guthanna eile agus as an fhuaim a fhaightear le guthanna éagsúla agus comhcheol.

"Liom féin, bainim sult as a bheith ábalta mo lorg féin a chur ar an amhrán agus an scéal a chur trasna ar mo bhealach féin.

"Rud is maith liom faoin dá chineál stíle ná an pléisiúr a thugann tú don lucht éisteachta agus an teagmháil a dhéanann tú leo," ar sí.

Ba bheag Gaeilge a bhí i dteaghlach Claire cé gur cainteoir dúchais as Gort a’ Choirce a bhí i sin-seanmháthair léi, seans gur tháinig an tsuim sin aníos fríd na glúnta a fhad le Claire ach thosaigh sí ag foghlaim Gaeilge agus Fraincise ar scoil agus lean mé leo ar an ollscoil. 

“Thairis sin, bhí an deis agam staidéar a dhéanamh ar an Bhreatnais, Gaeilge na hAlban agus Iodáilis agus tá mé ag foghlaim Ollainnise anseo sa Bheilg faoi láthair,” arsa Claire.

Tá aithne ag cuid mhór againn ar na Gaeil óga atá anois ag obair do cheann de na hinstitiúidí móra Eorpacha sa Bhruiséil faoi láthair agus an Ghaeilge i measc na dteangacha a bhfuiltear á labhairt thall. 

An dtaitníonn an chathair/an obair le Claire?

“Bhuel, bíonn neart Gaeilge á labhairt sa Bhruiséil agus tá líon na nGaeilgeoirí ag fás i ngeall ar na deiseanna poist anseo,” ar sí.

“Tá mé féin ag obair i gComhairle an Aontais Eorpaigh, tá thart ar 28/30 duine ag obair in aonad na Gaeilge ansin, níos mó ná sin arís i gCoimisiún an Aontais Eorpaigh agus tá roinnt mhaith Gaeilgeoirí ag obair sa Pharlaimint agus i gcúpla coiste eile sa chathair.

“Tá Éireannaigh eile ina gcónaí anseo fosta a labhraíonn Gaeilge. Feiceann tú iad ag imeachtaí ceoil nó oícheanta sóisialta.”

Deir Claire gur obair chrua ach obair thaitneamhach atá i gceird an aistriúcháin ach, chan ionann agus cáipéisí dúra béarlagair, baineann sí sult mór as na hamhráin atá ar albam s’aici.  Cad é mar a roghnaigh sí na hamhráin ata ar An Clár Beag Déil?

“Déanta na fírinne, roghnaigh mé na hamhráin is ansa liom,” an freagair fírinneach a thugannn sí.

“Chomh maith leis sin, ní raibh mé ag iarraidh amhráin a bheith ar an dlúthdhiosca a ceoladh cuid mhór ar dhlúthdhioscaí roimhe agus tá súil agam gur éirigh liom éagsúlacht a bheith sna hamhráin. 

“Roinnt acu, cheol mé iad ag comórtais ag an Oireachtas. Cúpla ceann eile, d’fhoghlaim mé ó Skara Brae iad, grúpa a raibh tionchar mór acu orm."

Sa leabhrán a ghabhann leis an dlúthdhiosca, tá focail cheithre amhrán aistrithe go Fraincis is seacht gcinn aistrithe go Béarla, agus iad taobh leis na bunleaganacha.

Rinne mé seo ar chúpla cúis – bhí mé ag iarraidh go mbeadh sé rud beag éagsúil ó na halbaim Ghaeilge a fheictear de ghnáth, is é sin aistriúcháin Bhéarla taobh leis an Ghaeilge, bhí mé ag iarraidh lucht éisteachta níos mo a bhaint amach, agus is cuid thábhachtach de mo shaol í an Fhraincis agus mhothaigh mé gur cheart sin a léiriú.”

Ach ní cheolann Claire ceann ar bith de na hamhráin en français. Arbh fhéidir sin a dhéanamh, Iníon a’ Bhaoilligh a cheol i bhFraincis mar shampla?

“Bhí sé mar phríomhaidhm leis na haistriúcháin go léir go dtuigfí an scéal sa teanga eile, chan go gceolfaí iad, ach ní hionann sin is a rá nach bhféadfaí triail a bhaint as na haistriúcháin a rá!” 

Ní nach ionadh, bhí lúcháir mhór ar Claire nuair a bhain sí gradam Nós i mbliana d’albam traidisiúnta na bliana. Bhí na gradaim ar siúl i mBaile Átha Cliath i mí Eanáir, thaistil sí ar ais ón Bhruiséil go speisialta dóibh.

“Bhí ardchaighdeán i mo chatagóir – Treasa Ní Mhiolláin agus Sibéal mar shampla is ní raibh mé ag dréim leis an ghradam a thabhairt liom,” ar sí.

“Tá mé fíorbhuíoch an t-aitheantas sin a fháil fosta mar cuideoidh sé liom is mé ag iarraidh a bheith páirteach i bhféilte/imeachtaí ceoil mar shampla. 

‘Tá mé iontach bródúil as ar ndóigh cionn is gur seo mo chéad dlúthdhiosca,” ar sí.

Tá go leor daoine ag dúil leis an chéad cheann eile uaithi cheana féin.

An Clár Beag Déil le fáil ó ceathrupoili.com agus ó shiopaí maithe ceoil.