Irish-Language

An mhaith agus an t-olc i scannáin atá á sruthú i láthair na huaire

<b>FOWL PLAY: </b>N&iacute;l na l&eacute;irmheasanna r&oacute;-mhaith do <i>Artemis Fowl</i> ar an drochuair; t&aacute; f&iacute;rice agus ficsean measctha in <i>The King of Staten Island </i>agus Pete Davidson sa phr&iacute;omhr&oacute;l agus tri&uacute;r sheanduine at&aacute; ag iarraidh saol n&iacute;os fearr d&oacute;ibh f&eacute;in in <i>Citizens of the World</i>
FOWL PLAY: Níl na léirmheasanna ró-mhaith do Artemis Fowl ar an drochuair; tá fírice agus ficsean measctha in The King of Staten Island agus Pete Davidson sa phríomhról agus triú FOWL PLAY: Níl na léirmheasanna ró-mhaith do Artemis Fowl ar an drochuair; tá fírice agus ficsean measctha in The King of Staten Island agus Pete Davidson sa phríomhról agus triúr sheanduine atá ag iarraidh saol níos fearr dóibh féin in Citizens of the World

ARTEMIS FOWL

Stiúrthóir: Kenneth Branagh

TÁ SCANNÁN mór-bhuiséad gníomhaíochta an stiúrthóra Kenneth Branagh – curtha in oiriúint don scáileán mhór ag an drámadóir Conor McPherson agus Hamish McColl ón chéad úrscéal sa tsraith Artemis Fowl le Eoin Colfer – ar cheann de na seoid i gcoróin an cháinéil Disney+ a thaispeáin an scannán den chéad uair ar an tseirbhís sruthaithe an tseachtain seo.

Tá Artemis Fowl II (Ferdia Shaw) dhá bhliain déag d’aois agus ó bhíodh se ina thachrán, bheadh sé ag éisteacht leis na scéalta a d’inis a athair, Artemis Fowl I (Colin Farrell), dó, scéalta faoi shióga agus gobáin, leipreacháin agus trollanna. Déileálaí i seandachtaí agus i ndéantúsáin ársa atá san athair ach nuair a fhuadaíonn an tsióg dána Opal Koboi é, foghlaimíonn Artemis óg an fhírinne faoi fhíor-oidhreacht a theaghlaigh.

Óna theach cónaithe in Fowl Manor in Éirinn, tionscnaíonn an buachaill cliste misean seiftiúil tarrthála in éineacht lena gharda cosanta iontaofa Domovoi Butler (Nonso Anozie) agus lena neacht cróga 12 bliana d’aois, Juliet (Tarama Smart).

Gléas ar a dtugtar an Aculos is ea an t-airgead fuascailte (a ransom), “arm atá chomh cumhachtach agus chomh mistéireach sin go bhfuil sé beaganch dodhéanta é a shamhlú”.

Chun an áilleagán a aimsiú, beidh ar Artemis óg dul i gcoimhlint le Julius Root (Dame Judi Dench), ceannasaí 802 bhliain d’aois ar rannóg taiscéalaíochta fhórsa póilíneachta na sióg.

Mar bharr ar an donas, beidh ar an bhuachaill óg a mhuinín a chur in oifigeach gan taithí, Holly Short (Lara McDonnell) agus san fhathach Mulch Diggums (Josh Gad).

Chonaic mé cúpla léirmheas ar an scannán cheana, scríofa ag Gaeilgeoirí, agus measann a mbunús go bhfuil sé go hainnis!

Níl sé feicthe agam féin, mar sin, coinneoidh mé mo chomhairle. 

CITIZENS OF THE WORLD 

Stiúrthóir Gianni Di Gregorio

TRIÚR fear atá os cionn seachtó bliain d’aois ag smaoineamh ar shaol shuaimhneach an tsraidbhaile Iodáileach ina bhfuil siad ina gcónaí a fhágáil le haghaidh todhchaí níos fearr thar lear atá mar bhunús leis an scannán grinn seo de chuid an scríbhneora, Gianni Di Gregorio.

D’fhás an iar-mhúinteoir Gréigise agus Laidine, An tOllamh (Di Gregorio) tuirseach den saol laethúil ach níl a fhios aige ar cheart dó socrú thar lear ar feadh na mblianta deireannacha ata fágtha aige.

Tá a comharsa Giorgetto (Giorgio Colangeli) ag streachailt teacht i dtír ar a phinsean agus bíonn an déileálaí beag seandachtaí Attilio (Ennio Fantastichini) ag iarraidh cuid den spleodar agus den spraoi a chleacht sé mar hippy ina óige a athghabháil.

Socraíonn an triúr cairde gur seal eachtraíochta thar lear an rud a theastaíonn uathu leis an fhuinneamh a athmhúscailt iontu.

Déanann siad díospóireacht bhríomhar ar na buntáistí a bhaineann le bogadh go tíortha éagsúla.

Ach nuair a bhuaileann siad le dídeanaí as Mali, Abu (Salih Saadin Khalid) fear a theith as a thír dhúchais ar mhaithe le “sábháilteacht” na hIodáile, cuireann sé brionglóidí fánacha na seandaoine i gcomhthéacs.

The King Of Staten Island

Stiúrthóir: Judd Apatow.

TIOMNAITHE do chuimhne Stan Davidson – athair an aisteora Pete Davidson – fear dóiteáin a d’éag an 11 Meán Fómhair 2001 – is dráma grinn dírbheathaisnéiseach é The King Of Staten Island faoi shláinte mheabhrach, faoin bhrón agus faoin féin-scrios.

Scríobh an stiúrthóir Judd Apatow an script i gcuideachta Davidson agus le duine dá chairde is fearr, Dave Sirus, agus iad cur snas an ficsin ar scéal domhain pearsanta ina n-eascraíonn an greann dubh as éadóchas cráite an duine.

Osclaíonn an scannán leis an phríomhcharachtar corraithe ag druidim a shúile d’aonturas agus é taobh thiar de roth stiúrtha a chairr atá ag dul ar ard-luas, é ag tiomáint gan crios sábhála ar mhórbhealach gnóthach.

Tá an radharc corraitheach seo spreagtha ag eachtra a tharla san fhíor-shaol agus déanann sé sinn a cheangal

go docht, agus go míchompordach, le alter ego Davidson agus é ag troid lena dheamhain phearsanta.

Tá an machnamh domhain dáiríre taobh leis an ghreann graosta amaideach, rud a churfeadh saothair eile de chuid Apatow (The 40-Old-Old Virgin, Knocked Up) i gcuimhne duit. 

Ní oibríonn na hathruithe ón ghreann go dtí an dáiríre go maith i gcónaí agus tá fad an scannáin – 137 mbomaite – barraíocht agus uaireanta, fiú nuair a chreideann tú go bhfuil slánú bainte amach ag an phríomhcharactar, ní bhíonn tú cinnte cé acu tá sé dáiríre nó an bhfuil an stiúrthóir ag iarraidh sásamh éigin a thabhairt don lucht féachana le iad a choinneáil ag amharc air.

Seacht mbliana déag ó shin, chaill Scott Carlin (Davidson) a athair, a bhí ina fhear doiteáin, i dtine óstáin.

Anois agus é 24, bíonn an t-andúileach drugaí ag streachailt a mhothúcháin a chur in iúl dá mháthair, ar banaltra í, Margie (Marisa Tomei) agus dá dheirfiúr níos óige Claire (Maude Apatow), déagóir atá ar tí imeacht chun na hollscoile.

“Tá duine éigin níos fearr ná mise tuillte agat,” a deir sé le cara dá chuid i nóiméad annamh soiléireachta.

Ina áit sin, cuireann Scott a dhíograis isteach ina aisling bhréige, bialann bunaithe ar pharlús tatú, gan é buartha faoi na rioscaí sláinte a bhaineann le snáthaidí agus le núdail a mheascadh.

Fanann Margie dílis do chuimhne Stan go dtí go n-osclaíonn sí a croí gan coinne d’fhear eile doiteáin, Ray (Bill Burr), rud nach dtaitnionn le Scott, ar ndoigh.

Is scéal corraitheach ach míchothrom é King Of Staten Island a n-éiríonn leis níos minice ná a dteipeann air.

Tá Davidson lán fuinnimh ag iomrascáil le Tomei agus Burr go héifeachtach sna radhairc is mothúchánacha.