Irish-Language

Is mithid do Ghaeil Aontroma admháil gur aisling bhréige atá sa Casement úr

<b>D&Uacute;IL GAN FH&Aacute;IL: </b>Seo thuas f&iacute;s na ndearth&oacute;ir&iacute;, f&iacute;s a bh&iacute; r&oacute;mhaith le bheith f&iacute;or, is cos&uacute;&iacute;l. An mbeidh lucht lean&uacute;na Aontroma go deo na ndeor mar fh&aacute;naithe ag taistil fr&iacute;d an fh&aacute;sach gan staidiam d&aacute; gcuid f&eacute;in acu agus gan bua suntasach sa pheil n&oacute; san iom&aacute;int n&oacute; i gchluich&iacute; na mban acu a thabharfadh spreagadh d&oacute;ibh mar &oacute;sais?
DÚIL GAN FHÁIL: Seo thuas fís na ndearthóirí, fís a bhí rómhaith le bheith fíor, is cosúíl. An mbeidh lucht leanúna Aontroma go deo na ndeor mar fhánaithe ag DÚIL GAN FHÁIL: Seo thuas fís na ndearthóirí, fís a bhí rómhaith le bheith fíor, is cosúíl. An mbeidh lucht leanúna Aontroma go deo na ndeor mar fhánaithe ag taistil fríd an fhásach gan staidiam dá gcuid féin acu agus gan bua suntasach sa pheil nó san iomáint nó i gchluichí na mban acu a thabharfadh spreagadh dóibh mar ósais?

AN tÉ a shiúlas na cnoic ar an taobh thiar thuaidh de Bhéal Feirste - go mullach Dhuibhise nó conair an droma nó an bheirt - chífidh sé nó sí na trí loch: Loch nEathach siar, Loch Lao soir, Loch Cuan ó dheas. 

Tá siad triúr chomh suntasach, stairiúil lena chéile. Loch nEathach, ar ndóigh, is mó. Loch éadomhain fionnuisce ar mó é ná loch ar bith eile sa tír, timpeallaithe ag cúig chontae de naonúr Uladh.

Nuair a tosaíodh ag caint ar staidiamaí na dtrí spórt is mó - na trí ‘chód’ peile (móide iománaíocht) atá chomh suntasach, stairiúil lena chéile - a athchóiriú nó a thógáil ó bhonn, mheas lucht CLG Aontroma go mbeadh Loch nEathach úrnua acu ar Bhóthar Bhaile Andarsan.

Go n-éireodh Páirc Mhic Ásmaint úr as luaithreach chian cheoch na dTrioblóidí agus go mbeadh seoid againn in iarthar ardchathair Uladh, seoid níos gáifí, níos comhaimseartha agus níos mó ná Cnoc na bhFiach soir, ná Windsor ó dheas.

Sa bhliain 2011 a d’fhógair Feidhmeannas Thuaisceart Éireann go raibh siad le £138m a chaitheamh ar thógáil agus ar athchóiriú staidiamaí ar fud an réigiúin agus go bhfaigheadh Comhairle Uladh CLG tuairim is ar £60m den chiste sin. Mhaígh lucht CLG go gcuirfeadh siad féin £15m sa phota agus bhí muid uilig ar bís.

Mheas muid (go háirithe sinne a chónaíonn in aice leis an staidiam) go mbeadh áis den chéad scoth ar an tairseach againn - ‘Páirc Bheag an Chrócaigh’ dar linn agus go mbeadh spreagadh iontach ann do na chluichí Gaelacha in Aontroim go ginearálta agus i mBéal Feirste go háirithe.

Ní fhéadfadh rud ar bith imeacht ar strae... an bhféadfadh?

Ar na chéad rudaí atá de dhíth le cead pleanála a fháil faoi choinne tionscadal mór bonneagair tá dea-thoil na gcomharsan. 

Níor thúisce pleananna an staidiam foilsithe ná go raibh na comharsana ag cur ina n-éadan. Agus a ábhar acu.

Ar páipéar, bhí cuma ghalánta ar an Casement úr. Ach theip glan ar na dearthóirí timpeallacht an staidiam a chur san áireamh. 

An difear is mó idir Páirc Mhic Ásmaint agus staidiamaí eile go bhfuil áiteanna cónaithe buailte léi. Is ionann balla gairdín cúil na ndaoine agus balla an staidiam. Drochphleanáil an ama a chuaigh thart is cúis leis sin. Ach ní leithscéal ar bith é sin ag na dearthóirí. Tá dhá shúil ina gceann. 

Ar shíl siad dáiríre go nglacfadh muintir Mooreland agus Abhainn Bhearach le hardáin mhóra ilstóracha a bheith mar radharc acu ón fhuinneog, gan trácht ar choirmeacha ceoil cúpla uair sa bhliain?

Níl an fhadhb chéanna ag baint le staidiam ar bith eile atá ar m’eolas. 

Windsor, Ravenhill, An Ómaigh, Páirc an Chrócaigh, Cluain Eois, Durlas agus téann an liosta ar aghaidh. Tá spás agus fairsinge thart orthu.

Leis an cheart a thabhairt do na dearthóirí, tháinig siad aníos le sonraíocht úr a bhí ní b’fhóirsteanaí don suíomh. Go fóill féin, bhí fadhbanna ann ach ní raibh bunadh na háite chomh naimhdeach céanna agus bhíothas dóchasach go dtosófar ar an obair thógála. 

Ach tháinig dhá thubaiste eile an bealach. Scoradh an Feidhmeannas in 2017 agus ansin i ndiaidh é a chur ar a bhonnaí arís i mbliana, tháinig géarchéim an Choróinvíris.Shílfeá go raibh an tionscadal seo mallaithe?

Ach chítear dom go mbaineann dhá fhadhb mhóra eile leis mar thogra.

I dtús báire, is é fírinne an scéil nach bhfuil pobal CLG Uladh go hiomlán i bhfách leis. 

Déarfaidh cathaoirligh boird chontae go bhfuil, déarfaidh baill de Chomhairle Uladh go bhfuil, ach mar dhuine den lucht leanúna, mar ghnáthbhall club, tá a fhios agamsa go maith nach bhfuil tacaíocht ag an tionscadal i measc gnáthbhaill eile taobh amuigh d’Aontroim. Má labhraíonn tú le muintir, cuir i gcás, Fhear Manach, Thír Chonaill, Iarthar Thír Eoghain nó Dheisceart Ard Mhacha, is léir gurbh fhearr leo gan taisteal go hIarthar Bhéal Feirste. 

Tá rian den ardnósachas tuaithe ag baint leis seo, dar liom. 

Cluineann tú caint ar nós, “Ní ceantar cluichí Gaelacha é”. Is deargamaidí atá ann sin. 

Tá thart ar 20 club CLG atá lonnaithe fá dhá mhíle de Casement. 

Ina measc, tá Naomh Gall, curaidh na hÉireann 2010, Ó Donabháin Rosa a chuaigh a fhad le dhá chluiche ceannais náisiúnta ar na mallaibh agus Naomh Eoin a bhí páirteach i gcluiche ceannais na hÉireann 1978. Chítear dom fosta go mbíonn daoine ag caitheamh anuas go dímheasúil ar an cheantar, iad buartha, mar dhea, faoi ghadaíocht carranna srl. 

An t-am deireanach ar amharc mé, ní raibh Páirc an Chrócaigh suite san áit is sábháilte i mBaile Átha Cliath!

Cad é an réiteach? Dearmad a dhéanamh ar an tionscadal agus muid fágtha i muinín Chluain Eois - neascóid in ioscaid Chúige Uladh?

Measaim féin nach bhfuil seans na ngrást ann go dtógfar Páirc Mhic Ásmaint úr a bheidh ar dhóigh ar bith chomh huaillmhianach leis an mhéid atá ar an chlár líníochta - go litriúil ná go meafarach.

Ach tá réiteach ar an scéal más radacach féin é. Go bunúsach, is míthuiscint ar chultúr CLG ag ‘na húdaráis’ is cúis le cuid de seo. 

Níl muid chomh láraithe le lucht sacair ná rugbaí. 

Taobh amuigh de Chúige Laighean, imrítear na cluichí ceannais cúige agus cluichí móra eile in ionaid éagsúla. Gaillimh, Caisleán an Bharraigh agus Ros Comáin i gConnachta. 

Agus i gCúige Mumhan, roinntear na cluichí ceannais, peil agus iománaíocht araon, idir Durlas, Corcaigh, Luimneach agus Ciarraí.

Má tá thart fá £110m (an figiúr is déanaí) le caitheamh, mholfainn féin réiteach den chineál chéanna do Chúige Uladh. 

Caithimis thart ar £60m ar Pháirc Mhic Ásmaint. B’fhéidir nach bhfaighimis staidiam ár gcuid aislingí ach gheobhaimis áit bhreá do chluichí Aontroma, cluichí cúige, leithéidí chluichí Sár-8 agus b’fhéidir go dtiocfadh na hAstrálaigh féin ar cuairt. Tógaimis staidiam ina bhfuil áit do 30-35,000 ina bhfuil áiseanna agus ardáin bhreátha ach nach mbeidh ró-gháifeach ná ró-ardstórach le cur isteach ar mhuintir na háite. 

Caithimis £20 milliún ar an dara hardán agus áiseanna níos gleoite ar pháirc na hÓmaí agus - cé gur leisce liom a rá - ar a mhacasamhail chéanna i gCluain Eois. 

Bíodh cluichí leathcheannais Uladh á n-imirt idir na trí ionad agus faigheadh gach staidiam acu Cluiche Ceannais Peile Uladh ar a seal. 

D’fhágfadh sé sin traidhfil milliún le caitheamh ar leithéidí Bhealach Féich agus Pháirc Brewster.

Agus más amhlaidh go n-éiríonn foirne Uladh chomh cumasach céanna is a bhíodh siad i ré 1991-95 nó 2000-2005 agus i bhfad níos mó ná 35,000 ag iarraidh an cluiche ceannais a fheiceáil, bogaimis go Páirc an Chrócaigh é. Rinne muid a leithéid roimhe agus d’oibrigh sé go breá.

Is séadchomhartha don drochphleanáil é Páirc dheileoir, dhíblí, Mhic Ásmaint mar atá sí faoi láthair. 

Deir siad gur de réir a chéile a thógtar na caisleáin ach bheadh bunús lucht CLG Aontroma sásta le teach breá, forbhfáilteach, fairsing, agus gnaoi na gcomharsan orainn.