Irish language

Cad é mar a tháinig muid i dtír leis an Choróinvíreas agus cad é tá romhainn?

VICTORIA PARK: Tá sé taobh le Seach-chonair Sydenham i lár cheantar clúiteach tionsclaíochta in oirthear Bhéal Feirste ach tá suaimhneas iontach le fáil i bPáirc Victoria agus tú i measc na n-ealaí agus na lacha agus na gcorr éisc agus tú timpeallaithe ag crainn mhaorga
Robert McMillen

AGUS TÚS á chur leis an mhaolú mhalltriallach ar an dianghlasáil atá i réim ó bhí mí an Mhárta ann, an leanfaidh muid ar aghaidh leis na nósanna úra aisteacha a chleacht bunús againn sa 12 sheachtain sin nó an ndéanfaidh muid dearmad glan orthu?

- Bhí mé féin in ann dhá mhéadar a choinneáil idir mé féin agus strainséirí furasta go leor – níor fhág mé an teach!

Seachas corr-ruathar ar na hollmhargaidh, ba bheag áit ina raibh mé a raibh mórán daoine cruinn. 

Bhí Tesco’s ar an Annadale Embankment eagraithe go han-mhaith agus nuair a bhí mé amuigh ag siúl, bhí beagnach gach duine múinte macánta.

Cinnte, bhí corr-liúdramán ann ach sin an saol.

- Tháinig dlús úr i measc phobal le linn na géarchéime agus comharsana ag cur aithne ar a chéile den chéad uair, b’fhéidir, le bualadh bos a thabhairt do na hoibrithe sláinte sin a rinne éachtaí ar son na mbreoite.

Ach nuair a chonaic muid Boris Johnson, baill an Pháirtí Coimeádaí agus an DUP – daoine a vótáil in éadan ardú pá do bhanaltraí – ag déanamh an rud céanna, chruthaigh an tsoiniciúlacht poll eile sa chiseal ózóin.

B’fhéidir mar mhiste. 

Táthar ag dúil le hísliú 8% i méid na n-astaíochtaí carbóin (carbon  emissions) in 2020, an titim is mó riamh.

Sin titim 2.6 billiún tonna den dé-ocsaíd charbóin a úsáidtear in aibhléis, in iompar agus in teas. Leis sin, beidh muid ar ais ag an leibhéal a raibh aige 10 mbliana ó shin.

Ar ndóigh, thiocfadh leis ná leibhéil sin éirí níos airde na mar a bhí riamh mura gcuirfear an infheistíocht chuí isteach i soláthar glan fuinnimh.

- Bhí mo bhean amuigh ar a rothar maidin Dé Domhnaigh seo caite agus dúirt sí liom nach bhfaca sí a oiread rothaithe is a bhí amuigh an lá sin.

Anois, thiocfadh dó go raibh siad ag baint tairbhe as an dea-aimsir ach an féidir é go bhfuil glúin úr daoine sásta an carr a chur ar leataobh a oiread agus is féidir agus breith ar na buntáistí a bhaineann le rothair maidir leis an timpeallacht, lena sláinte phearsanta féin agus le sláinte gach duine eile?

Chuir an eagla go dtógfadh muid an coróinvíreas ar bhusanna nó i dtraenacha i dtreo na rothaíochta agus na siúlóide sinn.

Anois, dá mbeadh níos mó lánaí rothair againn ...!

Ach beidh muid i gcónaí ag brath ar an teicneolaíocht. 

Tá cúigear, yep, cúigear againn ag obair ón bhaile toigh s’agamsa agus go dtí seo, tá an wifi in ann déileáil linn uilig, don obair agus don tsiamsaíocht araon.

Deir soláthróirí leathanbhanda nár thit luais íoslódála ach le 2%.

Mar sin de, seans mór go mbeidh an teaghlach ag obair  i ngach seomra den teach go cionn fada go leor.

Is annamh a bheidh ar dhuine ar bith againn taisteal le freastal ar chruinniú nó dul chuig oifig i lár na cathrach.

Tá sé faighte amach againn go bhfuil na turasanna seo neamhéifeachtach, costasach agus níl siad maith don timpeallacht.

Ach, ar ndóigh, cé nach mbeidh mé ag iarraidh an bus a fháil chun mo chuid oibre, tá mé dúil go mór le pilleadh ar na háiteanna is ansa liom ar domhan - Maidrid, tuaisceart na Spáinne, er, deisceart na Spáinne agus Vítneam.

Tá mé iontach buartha faoin timpeallacht ach ... beidh mé ar cheann de na chéad eitleáin atá ag dul chun na Mór-Roinne a luaithe is atá sé ceadaithe.

Bréagchráifeach? Mise? 

Cinnte, rud amháin ar bhain mé an-tairbhe agus an-phléisiúr as, sin an spaisteoireacht amuigh faoin aer, go Dubhais agus an Sliabh Dubh nó chuig Victoria Park, nó Cois an Lagáin agus sin i mBéal Feirste amháin. Rachaidh mé níos faide ón bhaile de réir a chéile.

Agus cad é faoi chúrsaí airgid? Ba bheag deiseanna a bhí ag daoine airgead tirim a chaitheamh ó tharla na siopaí agus na bialanna agus na hionaid siamsaíochta bheith druidte.

Leoga, an bhfuil an t-am ag teacht nuair nach n-iompróidh daoine airgead tirim nuair is féidir suas le £45 a íoc gan tadhall anois?

Tá an “normáltacht úr” linn!

Enjoy reading the Irish News?

Subscribe now to get full access

Irish language