Irish language

Ag cur féile chultúrtha le chéile faoi choinniollacha crua na dianghlasála

OBAIR FOIRNE: Tá éacht curtha i gcrích ag Cillian Breathnach – le cuidiú nach beag óna bhean CHÉILE Anna agus óna mac óg, Cormac – ag cur na féile chultúIr agus staire ar líne i mbliana 
Robert McMillen

Beidh muid 12 seachtain ag obair ón bhaile/saor ón scoil/ag dreapadóireacht suas ar na ballaí… faoin am a thosnóidh an fhéile chultúir agus teanga, Léargas 2020 Ar-líne”, de chuid Ionad Uíbh Eachach Bhéal Feirste. Ón Luan 1ú - Aoine 5ú Meitheamh a bheidh an fhéile ar siúl agus gach rang, ceacht agus imeacht curtha ar fáil ar-líne agus saor in aisce.

“Múineann gá seift.” 

Dar leis an aistriúchán a rinne Benjamin Jowett siar sa naoú haois déag, bhí an méid sin thuasluaite le rá ag Plato na SeanGhréige ina shaothar  Politeia timpeall 370 bliain sular saolaíodh Íosa Críost.

Dhá mhíle agus chóir a bheith ceithre chéad bliain ar aghaidh ó shin, tá grúpaí agus ionaid Ghaeilge ar fud na tíre (agus an domhain) ag plé le dóigheanna éagsúla as an ghnách lena gcuid ranganna Gaeilge agus imeachtaí cultúir agus oidhreachta a chur ar fáil don phobal in aimsir seo an Choróinvíris.

“Tagann maith as gach olc” a mhínigh Cillian Breatnach dom agus é ag cur síos ar na hathruithe ar tháinig ar mhodh na hoibre s’aige mar Oifigeach Forbartha Gaeilge le hIonad Uíbh Eachach i mBéal Feirste sa phaindéim dhomhanda seo.  

“Is dócha go bhfuil muid níos dlúithe mar theaghlach anois ná mar a bhí riamh roimhe agus foghlaimíonn tú cuid mhór faoi do chuid nósanna agus nósanna mhuintir an tí nuair a bhíonn tú sáinnithe sa teach,” ar sé.

“Tá mé féin, mo bhean chéile agus an mac s’againne atá cúig bliana d’aois, tá muid uilig sa bhaile ón uair ar tugadh an chomhairle amach ó Chnoc an Anfa le go gcaithfidh daoine agus grúpaí áirithe fanacht sa bhaile.  

Is mór an gar é go bhfuil muid beirt ábalta bheith ag obair ón bhaile agus Gaeilge againn beirt le freastal ar riachtanais fhoghlama ár mic.  

Cé go bhfuil na háiseanna agus treoir ag teacht tríd chugainn gach lá ar an fheidhmchlár Seesaw óna mhúinteoir Moya, tá sé deas múinteoir bheith agat sa teach ag an am chéanna,” arsa Cillian. 

Tá níos mó ná deich mbliana de thaithí in earnáil na Gaelscolaíochta ag a bhean chéile, Anna, mar chúntóir, mar mhúinteoir agus ina ról anois mar speisialtóir sna luathbhlianta Gaeilge le hAltram. 

“B’éigean don dís éirí cleachtaithe leis an tsaol nua seo go measartha gasta.  

“D’athraigh saol an bhaile agus saol na hoibre thar oíche orainn agus mar gheall air sin, tá muid beirt ag obair go lánaimseartha ón teach agus ag déanamh obair rang a haon le Cormac s’againne,” arsa Cillian.

Le bheith ionraic, deir sé gurb í bean an tí a thugann  faoi scolaíocht Chormaic agus tugann sé féin lámh chuidithe nuair a bhíonn sé ábalta.

“Is dócha nach raibh an t-am agam féin seasamh siar (nó luí siar) agus mo mhachnamh a dhéanamh ar cad é mar atá sé ag dul i bhfeidhm orm go fóill.  

“Bíonn an triúr againn uilig ag obair ón tseomra chéanna i rith an lae ach ab é nuair a bhíonn rang GCSE nó Ard leibhéil Gaeilge le teagasc agam ar an fheidhmchlár Zoom, nó nuair a bhíonn cruinniú ag Anna lena comhghleacaithe ar MicroSoft Teams.  

“Tharla sé go raibh cúpla uair ann nuair a tháinig dalta beag breise go fáilí isteach sa rang ar an taobh s’agamsa den scáileán agus é cinnte ceanndána nach raibh sé ag pilleadh arís síos staighre gan mé!”

D’ainneoin na ndúshlán nua seo, is fearr lúbadh ná briseadh agus is ar an teoiric sin ar tháinig Ionad Uíbh Eachach aníos leis an phlean, ní amháin go rachaidh a gcuid cúrsaí Gaeilge seachtainiúla ar aghaidh ar-líne ach go rachaidh an fhéile bhliantúil Léargas ar aghaidh fosta, ag an am chéanna is a bhíonn sí gach bliain, ag tús mhí an Mheithimh.  

Beidh muintir an Ionaid ag ceiliúradh na cloch-mhíle cúig bliana ó tháinig Léargas ar an fhód ar an tseachtain seo chugainn agus clár cuimsitheach tarraingteach curtha le chéile acu. 

Beidh deis ag daoine ar fud an domhain bheith páirteach san fhéile seo agus labhair Cillian faoi na daoine atá cláraithe do na ranganna cheana féin.  

“Tá muid deireadh seachtain ar shiúl ó thús na féile agus tá corradh le 100 duine cláraithe don na ranganna cheana féin.  

“Tá cuid mhaith Feirstigh cláraithe againn, grúpaí beaga anseo is ansiúd ó bhailte eile sna sé chondae chomh maith le duine nó beirt as condaetha eile sa tír. 

Tá corr-iar-imreoir condae cláraithe ar na cúrsaí againn fosta agus ar bharr é sin, tá ar a laghad dosaen duine cláraithe againn a bhfuil cónaí orthu thar lear – in Albain, i Sasain, sa i dTír na mBascach, sa Bhriotáin agus duine amháin i gCeanada!  Tá muid iontach sásta a rá go bhfuil an-éileamh ar na ranganna.

Tiocfaidh na ranganna le chéile de réir an leibhéal a roghnaíonn siad agus déanfar gach ceacht a theagasc beo ar Zoom.  

Chomh maith leis sin, beidh físeáin fhoghlama curtha in airde ar an chainéal YouTube dár gcuid chun tacú leis na foghlaimeoirí.  

Maidir leis na himeachtaí iarnóna, rachaidh siad amach ar an leathanach facebook s’againne, ar Zoom agus ar YouTube.  

Ba é an Ciarraíoch agus laoch na gcluichí Gaelacha, Michéal Ó Muircheartaigh, a sheol an fhéile coicís ó shin ar leathanach facebook an Ionaid.

Enjoy reading the Irish News?

Subscribe now to get full access

Irish language