Irish-Language

An dóchas agus an t–éadóchas atá mar oidhreacht ag lucht leanúna Aontroma

<b>CUIMHN&Iacute; CINN: </b>Gaisc&iacute;gh Aontroma Faoi-21 a thug leo Craobh na &Eacute;ireann i 1969 ach&nbsp;is beag gaisc&iacute;ocht a chonaic lucht lean&uacute;na Aontroma &oacute; shin i leith&nbsp;
CUIMHNÍ CINN: Gaiscígh Aontroma Faoi-21 a thug leo Craobh na Éireann i 1969 ach is beag gaiscíocht a chonaic lucht leanúna Aontroma ó shin i leith  CUIMHNÍ CINN: Gaiscígh Aontroma Faoi-21 a thug leo Craobh na Éireann i 1969 ach is beag gaiscíocht a chonaic lucht leanúna Aontroma ó shin i leith 

TÁ FILE clúiteach Gaeilge ina chónaí sna cnoic os cionn Ghort an Choirce. Nuair a osclaíonn sé na cuirtíní ar maidin, líonann an Earagail an fhuinneog.

“Tá sé mar a bheadh do Fujiyama féin a bheith ar an tairseach agat,” ar seisean.

Ní raibh sliabh beannaithe de chuid na Seapáine sa gharraí cúil agamsa agus mé ag fás aníos i mBaile Andarsan sna 60í agus na 70í, ach bhí mo leagan féin de thalamh naofa fá urchar sliotair díom. Páirc Mhic Ásmaint, Casement, Casey, a líon m’fhuinneog is m’aislingí.

In 1968 a baisteadh mé le huisce coisricthe CLG. Bhí a fhios agam Páirc Mhic Ásmaint a bheith ann ach níor éirigh liom dul isteach ann go dtí an tráthnóna grianmhar draíochta sin i mí na Súl Buí.

An Dún v An Cabhán. Cluiche Ceannais Uladh. Na bruacha féir, na fargáin stroighne agus an t-ardán plódaithe le daoine a raibh blas aisteach acu.

Agus fathaigh. Nuair a tháinig an dá fhoireann amach dar liom is fathaigh seachas fir iad. Agus an dóigh ar bhog siad. Fathaigh ach damhsóirí. Bhí mé iomlán faoi gheasa agus mé i mo naoú bliain. Dhá bhliain caogad ina dhiaidh agus tá an leannán doleigheasta go fóill orm. 

Bhuaigh an Dún éasca go leor an lá sin. 0-16 : 1-8 agus ar aghaidh leo nó gur bhain siad Craobh na hÉireann i Meán Fómhair don tríú huair sna 60idí.

Ach bhí an saol ag athrú, saol na peile i gCúige Uladh, saol na hÉireann agus saol Bhéal Feirste go háirithe.

An bhliain ina dhiaidh sin, tháinig léaró solais agus dóchais bealach Aontroma mar bhí foireann Faoi-21 den scoth againn. 

Is i bPáirc Mhic Ásmaint a thosaigh ‘Immram’ Aontroma go Páirc an Chrócaigh nuair a bhuail muid Fear Manach sa chéad bhabhta de Chraobh Uladh; 3-15 : 1-1. 

Doiligh a chreidbheáil sa lá atá inniu ann ach tamall ina dhiaidh sin bhí Craobh na hÉireann bainte againn. 

Andy McCallin, Gerry McCann, Aidan Hamill, Liam Boyle agus eile. Mo laochra.

Bhain an Cabhán díoltas amach ar an Dún in 1969. An samhradh ina dhiaidh sin, bhí mé réidh leis an bhunscoil agus ar tí toiseacht ar Choláiste Mhaolaodhóg, áit a raibh Martin O’Neill ag tuilleadh clú mar scoth peileadóra. 

Bhí muid in éadan an Dúin sa chéad bhabhta de Chraobh Uladh. Bhí go leor ógánach ón fhoireann a bhain an chraobh faoi 21 an bhliain roimhe roghnaithe le cois chuid de na fir eile a threabh an t-iomaire seasc ar feadh na mblianta roimhe sin, leithéidí Frank Fitzsimons Lámh Dhearg, Jimmy Ward na Sairséalach, Eamon Grieve Naomh Eoin.

Bhí an Dún ar uaisle peile na mblianta sin. Ní raibh sé ach dhá bhliain ó bhain siad an Chraobh Mhór. Ach bhí sinne réidh faoina gcoinne. 

Bhí thart fá 20,000 duine i láthair agus is cuimhin liom gur scóráil Terry Dunlop cúl dúinn sa chéad chúpla bomaite. 

Bhí na foirne cothrom go leor ina dhiaidh sin go dtí leath bealaigh tríd an dara leath nuair a chuir Andy an dubh ina gheal (agus dearg) ar Tom O’Hare gur chuir sé an liathróid san eangach. Aontroim ceithre phointe chun cinn! 

Rinne an Dún brachán de chic amach gairid (sé, bhí a leithéid ag dul san am sin féin), fuair Aontroim cic saor, chuir Andy thar an trasnán é agus bhí an Dún sáraithe.

Caoga bliain ó shin a tharla buaicphointe Aontrama úd. 

Bhain muid craobh náisiúnta in 1969 agus in 1970 bhuail muid curaidh sinsir na hÉireann ó dhá bhliain roimhe sin. Éacht nach ndéanfar dearmad choíche air.

Cúpla bliain roimhe sin, d’adhain Gluaiseacht na gCeart Sibhialta craos tine nár bhaol do Bhaile Andarsan gan cuid de na drithleoga titim orainn.

“Threascair an saol is shéid an ghaoth mar smál,” i bhfocal an fhile Eoghan Rua Ó Súilleabháin sa 17ú céad.

Chruinníomar ina dtimpeall agus Lasamar ár dtinte mar a deirtear san amhrán Maidin Luain Cincíse.

D’imigh an spórt as Páirc Mhic Ásmaint .., a chanfadh an Fear Bán dá mba as Béal Feirste é.

Ghlac Arm na Breataine seilbh ar an Pháirc idir 1972 agus 1973 agus ní gá a rá gur mór a chuaigh sé sin i bhfeidhm ar Ghaeil óga an cheantair. 

Now the army’s installed.....

Idir sin agus eachtraí eile le linn na dtrioblóidí chuaigh na cluichí Gaelacha go mór ar gcúl in Aontroim, chan é amháin i mBéal Feirste ach ar fud an chontae. 

Cé a bheadh ina dhiaidh ar mhuintir Phort Chluain Eoghain, Bhaile an Chaisil nó Dhún Lathaí mura mbeadh siad ag iarraidh teacht a imirt cluichí i mBéal Feirste nó vice-versa?

Aistear duairc go leor ó shin a bhí againn. Sinne a thriail ar Casey, Faoilligh go Samhain. Cluichí iomána sraithe, cluichí craoibhe peile, cluichí club, ranganna Gaeilge, piontaí agus ceol sa chumann shóisialta.

Ach bhí corrlá glórmhar ag Gaeil Aontroma i rith an bhealaigh.

Cé a dhéanfadh dearmad den lá ar bhuail Loch gCaol Naomh Raghnach Uíbh Fhailí in athimirt Chluiche Ceannais Éireann Iomána na gClubanna i 1983?

Cé a bhí ina líbín fhliuch bháite nuair a chloígh laochra ‘Whitey’ an Dún in 2000?

Cá mhéad dá cuid iardhaltaí ar cuimhin leo an lá ar bhuaigh Bunscoil Phobal Feirste craobh bhunscoileanna Bhéal Feirste?

Cá mhéad duine as Éire Óg a bhfuil cuimhne acu ar an oíche ar scóráil cara mór de mo chuid cúl cinniúnach i gcluiche ceannais Chorn Beringer sa bhomaite dheireanach.

“Tá an Teamhair ina féar agus Féach an Traí mar atá,” mar a dúirt Eighan Rua.

Údar bróin, díol trua, cúis náire, ábhar feirge anois ag siúl thart le láthair mo chuid aislingí.

Is mithid dúinn éirí ón suan. Is mithid Fujiyama a thógáil as úire.