Irish-Language

Sárlaochra litríocht na hÉireann le feiceáil ar an scáileán airgid?

<b>RICK RIORDAN: </b>T&aacute; an scr&iacute;bhneoir an-r&aacute;th&uacute;il ag pilleadh ar a &ldquo;oidhreacht chult&uacute;rtha f&eacute;in&rdquo; agus &eacute; ag beart&uacute; &uacute;rsc&eacute;alta do dh&eacute;ag&oacute;ir&iacute; a scr&iacute;obh a bheidh bunaithe ar mhiotaseola&iacute;ocht agus ar fhinsc&eacute;alta na h&Eacute;ireann &ndash; a bhu&iacute;ochas do ch&uacute;rsa i gCol&aacute;iste Ollscoile Chorca&iacute;
RICK RIORDAN: Tá an scríbhneoir an-ráthúil ag pilleadh ar a “oidhreacht chultúrtha féin” agus é ag beartú úrscéalta do dhéagóirí a scríobh RICK RIORDAN: Tá an scríbhneoir an-ráthúil ag pilleadh ar a “oidhreacht chultúrtha féin” agus é ag beartú úrscéalta do dhéagóirí a scríobh a bheidh bunaithe ar mhiotaseolaíocht agus ar fhinscéalta na hÉireann – a bhuíochas do chúrsa i gColáiste Ollscoile Chorcaí

IS IOMAÍ duine a chreideann  gur cheart go mbeadh finscéalta na hÉireann le feiceáil ar an scáileáin mhór agus iad inchurtha le sár-laochra Marvel.

Anois, tá an seans ann go bhfeicfidh muid, ní Superman nó Spiderman, ach Lugh Lámhfhada agus Cúchulainn ar an scáileán airgid – a bhuíochas do Choláiste Ollscoile Chorcaigh agus údar leabhar sárdhíola i Meiriceá.   

Is scríbhneoir é Rick Riordan a bhain uimhir a haon amach i liosta leabhar sárdhíola an New York Times dá shraith Percy Jackson, leabhair a ndearnadh mórscannáin de bheirt acu.

Ghnóthaigh Percy Jackson & the Olympians: The Lightning Thief” agus an clár leantach Percy Jackson: Sea of Monsters níos mó ná $400m.

Bhí leithéidí Sean Bean, Pierce Brosnan, Steve Coogan, Rosario Dawson, agus Uma Thurman sna scannáin.

Tá na leabhair bunaithe ar mhiotaseolaíocht na Gréige ach deir Riordan go bhfuil rún aige úsáid a bhaint as finscéalta na hÉireann na chuid saothair.

Tá Riordan anois ag déanamh staidéir ar mhiotaseolaíocht agus ar thraidisiún na hÉireann fríd chúrsa ar líne de chuid Choláiste Ollscoile Chorcaí.

“Sular dhírigh mé ar mhiotaseolaíocht na hÉireann, bhí mé tiomanta go ndéanfainn a oiread taighde agus a b’fhéidir, cé gur chreid mé go riabh mé eolach go maith ar na scéalta.

“Cionn is gur scríbhneoirí lánaimseartha mé agus mé lonnaithe i mBostún, ní bheinn ábalta staidéar a dhéanamh ar feadh tamaill fhada in Éirinn ach tá gach rud atá de dhíobháil orm le fail i gcúrsa MA ar líne UCC.

Tá sé go hiontach mar chúrsa do dhuine ar bith a bhfuil suim acu i stair, i litríocht, sa Ghaeilge nó sa mhiotaseolaíocht.

“Ligeann an cúrsa dom mé féin a thumadh san ábhar, idirtheágmháil a dhéanamh le mic léinn as gach cearn den domhan agus áiseanna cheann de na dámha is fearr  sa Léinn Ghaelach ar fail agam agus é seo uilig ar mo luas féin.

“Ní dóigh liom go bhfuil clár eile cosúil leis ar chlár na cruinne,” arsa Riordan.

Deir an Gaeil-Mheiriceánach gurb iad Fionn MacCumhaill agus Cúchulainn na laochra is fearr leis.

“Is déithe ar deacair teacht orthu iad déithe na hÉireann ach is é Lugh an ceann is mo a mheallann mé, caithfidh mé a rá, agus is eisean an té a bhfuil mé ag díriú ar don Mháistreacht,” ar sé.

“Ilcheardaí atá ann, eiseamláir de laoch, an rí idéal agus slánaitheoir dhaoine atá faoi chois ag brath ar an scéal a bhfuil tú á léamh.

“Tá sé athchruthaithe go mion minic síos fríd litríocht na Gaeilge.

“Sa daorchluiche, thabharfadh muid utility player air cionn is go dtig leis ról ar bith ar an pháirc a imirt.

“Measaim go bhfuil Lugh Éireannach go smior - seiftiúil, nuálaíoch, cruthaitheach, acmhainneach  agus tá an-teacht aniar ann.”

Is léir go bhfuil ardmheas ag Rick Riordan ar chorpas ár miotaseolaíochta agus an dóigh ar mhair siad go dtí an lá atá inniu ann.

“Tá na scéalta seo linn le níos mó ná míle bliain agus creidim go léiríonn sé sin a chumhachtaí agus a thábhachtaí is atá siad.”

“Cuireadh na hÉireannaigh faoi chois le linn na gcéadta bliain, tharraing an coilíneachas a dteanga agus a gcultúr ó chéile d’aonturas ach mhair na scéalta seo – ní amháin i lámhscríbhinn ach sa traidisiún béil.

“I bhfianaise gach ar tharla sa stair agus fadmharthanacht na scéalta, tá mé dóchasach go mairfidh siad go deo.

“Tá súil agam go dtig liom cur leis sin ar bhealach beag fríd iad a athnuachan do ghlúin úr léitheoirí óga ach níl ionamsa ach duine amháin de na scéalaithe a choinneoidh an traidisiún seo ag leanstan ar aghaidh.

Tá an cúrsa ar líne MA i Litríocht na Gaeilge á ofráil ag Roinn na Nua-Ghaeilge de chuid UCC agus tá sé mar aidhm aige eolas domhan ar na húdair a sholáthraigh litríocht shainiúil d’éagsúlacht dhochreidte thar thréimhse dhá mhíle bliain agus ar na téacsanna a chuir féiniúlachtaí éagsúla shaol na Gaeilge in iúl.

:: Tá gach eolas ar an Online MA in Gaelic Literature ar fáil ó www.ucc.ie/en/modern-irish/postgraduate/ma-gaelic-literature/