Tá seift nua aimsithe ag comhlacht san Iúr le deis a thabhairt do dhaoine le Gaeilge coinneáil i dteagmháil lena chéile le linn am seo na scarúna.
Bheartaigh comhlacht cumarsáide sa chathair Destination Newry ar chlár seachtainiúil a chraobladh i nGaeilge ar a stáisiún teilifíse idirlín.
Cuireann Doiminic Ó Brolcháin ón chomhlacht Míle Fáilte a chlár i láthair i gcuideachta aíonna éagsúla as an cheantar áitiúil agus ó áiteanna eile.
Arsa an Brolchánach agus é ag labhairt leis an Irish News: “Tá muid iontach sásta bheith páirteach i gclár teilifíse den chineál seo; ar mbuíochas le Destination Newry as an deis a thabhairt dúinn.
“Is gléas iontach é le pobal na Gaeilge sa cheantar a choinneáil i dteagmháil lena chéile go háirithe ag an am seo nuair atá imeachtaí agus
ranganna curtha ar ceal mar gheall ar an choróinvíreas agus gan seans ag daoine bualadh lena chéile dune le duine.”
Dúirt Doimnic go mbeadh míle fáilte roimh dhaoine teacht ar an chlár ach teagmháil le mile.failte15@icloud.com
“Craoladh an chéad chlár Déardaoin seo chuaigh thart agus bhí glacadh iontach maith leis i measc an phobail chan amháin san Iúr ach in áiteanna eile ar fud na tíre,” arsa an t-iar-MLA.
Is féidir an clár sin a aimsiú fríd: https://www.facebook.com/destinationnewry/videos/212811576818839 agus beidh an chéad chlár eile á chraolach amach anseo gach Déardaoin ar a 6pm.”